Trí phíosa reachtaíochta i measc na ‘réiteach’ ar cheist an achta Ghaeilge ó thuaidh

Tá ag neartú ar an tuairimíocht go bhfuil fuascailt i ndán don tsáinn pholaitiúil maidir le hathbhunú Stormont agus tá ceist na teanga lárnach san idirbheartaíocht i gcónaí

Trí phíosa reachtaíochta i measc na ‘réiteach’ ar cheist an achta Ghaeilge ó thuaidh

D’fhéadfadh go mbeadh trí phíosa reachtaíochta ar leith faoi chúrsaí teanga agus cultúir mar chuid mhór den leigheas ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh.

Tá ag neartú le cúpla lá anuas ar an tuairimíocht go bhfuil fuascailt i ndán an tseachtain seo don tsáinn pholaitiúil atá ann le breis agus bliain maidir le hathbhunú Stormont.

Meastar gur comhartha eile go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sna cainteanna maidir le hathbhunú Stormont is ea go bhfuil an Taoiseach Leo Varadakar agus Príomh-Aire na Breataine Theresa May ar cuairt ar an Tuaisceart inniu.

Tá an t-éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin ar an gcnámh spairne is mó sna cainteanna maidir le hathbhunú an fheidhmeannais. Tá Sinn Féin ag seasamh leis an éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin fad is atá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas don Ultais agus do ghnéithe eile den chultúr.

Tuairiscítear anois go bhféadfadh gurbh é an leigheas a bheadh ar an easaontas sin ná go ngeallfaí go dtabharfaí trí phíosa reachtaíochta éagsúla isteach – acht don Ghaeilge amháin, acht don Ultais agus acht cultúir.

Tá ráite ag an DUP agus ag Sinn Féin araon go bhfuil dul chun cinn déanta sna cainteanna agus tá tugtha le fios ag Rialtas na Breataine go bhfuiltear réidh chun reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadódh athbhunú Stormont.

Tá cás na teanga agus na reachtaíochta Gaeilge go mór chun tosaigh sa tsáinn pholaitiúil ó thuaidh ó d’fhógair an t-iar-aire Pobal Paul Givan i mbéal na Nollag 2016 nach mbeadh na sparánachtaí Gaeltachta ‘Líofa’ ar fáil in 2017. An mhí dár gcionn, i mí Eanáir 2017, d’fhógair an t-iarLeas-Chéad Aire Martin McGuinness go raibh faoi éirí as, fógra a raibh toghchán mar thoradh air. Ina litir éirí as thagair McGuinness, i measc rudaí eile, don “crude and crass bigotry” a léirigh daoine sa DUP i leith na Gaeilge.

Agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici i mí Feabhra 2017, dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Ráiteas eile a rinne sí ag an ócáid chéanna, áfach, a chuir an lasóg sa bharrach. Dúirt Foster nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge agus chuir sí Sinn Féin agus a n-éileamh ar a leithéid d’Acht, i gcomparáid le ‘crogaill’.

“Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí agus í ag tagairt d’éileamh Shinn Féin ar Acht Teanga.

D’fhág an chonspóid faoi ráiteas Foster go raibh ceist na Gaeilge agus an Achta Teanga go mór i mbéal an phobail le linn an fheachtais toghchánaíochta agus chabhraigh an chonspóid le Sinn Féin a vóta a ardú go mór agus bhí siad i bhfoisceacht suíochán amháin den DUP i ndiaidh an toghcháin.

Le linn an ama seo go léir, choinnigh feachtas bríomhar ‘An Dream Dearg’ agus Chonradh na Gaeilge ceist an achta i mbéal an phobail agus ar bharr chlár na bpolaiteoirí. Cé nach raibh Sinn Féin sásta i dtús aimsire a rá go gcuirfí margadh leis an DUP ó mhaith d’ uireasa geallúint faoi reachtaíocht don Ghaeilge, ba léir de réir a chéile nach ndéanfaí margadh maidir le hathbhunú Stormont gan  a leithéid de gheallúint.

I ráiteas a d’eisigh Conradh na Gaeilge tráthnóna dúradh go raibh sé “thar am ar fad go mbeadh an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil” agus go mbeadh “cosaint agus seirbhísí ann” don teanga.

“Agus cainteanna ag teacht chun deiridh ag Cnoc an Anfa agus ceist na gceart do phobal na Gaeilge arís i gcroílár na díospóireachta, cinntíonn Conradh na Gaeilge arís a mbeadh de dhíth mar chritéir riachtanacha in aon phíosa reachtaíochta don Ghaeilge; stádas oifigiúil, seirbhísí stáit, feiceálacht na teanga, mar aon le coimisinéir neamhspleách, [agus iad] uilig faoi mar atá ann cheana féin sa Bhreatain Bheag agus i reachtaíocht den chineál seo timpeall an domhain,” a dúradh.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, tráthóna go raibh “laethanta na Gaeilge ceilte” thart.

“Ní mór do chearta agus aitheantas do phobal na Gaeilge a bheith riachtanach agus lárnach in aon socrú nó rialtas nua. Acht Gaeilge neamhspleách, ceartbhunaithe amháin a chinnteoidh rialtas buan as seo amach,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Fág freagra ar 'Trí phíosa reachtaíochta i measc na ‘réiteach’ ar cheist an achta Ghaeilge ó thuaidh'