Trí ‘pháirtí’ gan ainm, cé dóibh a vótálfaidh tú?

Trí chineál cur chuige an rogha a bheas os comhair lucht vótála aimsir an olltoghcháin …

Rosette-010

Fág ainmneacha agus iarrthóirí na bpáirtithe i leataobh ar feadh tamaill. Cibé toradh a bheas ar an olltoghchán ar an 26 Feabhra*, nó ar olltoghchán eile ina dhiaidh, ní léir don scríbhneoir seo ach cineál amháin rialtais a bhunófar faoi dheireadh.

Seo a leanas liosta neamhoifigiúil na bpáirtithe, liosta nach dtugann aon aird ar pé easaontas atá idir na páirtithe faoi láthair ná ar an méid atá á rá faoi láthair ag ceannairí na bpáirtithe sin faoina chéile. I bhfocail eile, i scioból na samhlaíochta a gineadh an liosta seo.

Theastódh athrú suntasach ar mheon an phobail chun ‘páirtí’ ar bith eile seachas an chéad cheann thíos a chur i mbun rialtais. Mura dtiocfaidh mórathrú ar an leagan amach thíos, beidh an ‘páirtí’ is láidre thíos i gcumhacht faoi dheireadh, mar a tharlaíonn de ghnáth.

AN LÁRPHÁIRTÍ

Tacaíocht: An páirtí is mó sa tír. Seasca faoin gcéad den phobal ar a laghad ag tacú leo (má chuirtear tacaíocht Fhine Gael, an Lucht Oibre agus Fhianna Fáil le chéile). Agus, má chuirtear an tacaíocht atá ag neamhspleáigh agus leithéidí Renua san áireamh, aontaíonn suas le 65 faoin gcéad le meon an Lár-Pháirtí.

Déine: ní raibh aon rogha eile ag an tír, faraor.

Meon: tá cúrsaí ag dul i bhfeabhas de réir a chéile. Ní theastaíonn mórathrú ar chur chuige eacnamaíochta an rialtais, cé gur cúis imní agus míshásaimh fadhbanna éagsúla: drochchaighdeán na seirbhíse sláinte agus easpa tithíochta go háirithe.

PÁIRTÍ AN GHÉARFHREASÚRA

Tacaíocht: 25 faoin gcéad ar a laghad.

Déine: glan ina coinne. Creideann an páirtí seo nár sheas an rialtas an fód mar ba chóir nuair a ghéill siad róbhog agus róluath d’údaráis na hEorpa.

Meon: an-mhíshásta le polaitíocht thraidisiúnta na tíre. Ar an eite chlé ó thaobh polasaithe de. Go láidir in aghaidh socruithe comhrialtais, ach tharlódh go dtiocfadh maolú ar an neamhthoil seo de réir mar a athraíonn an léargas polaitiúil.

AN PÁIRTÍ ÉIGINNTE

Tacaíocht: idir a deich agus fiche faoin gcéad, de réir mar a thuilleann na páirtithe thuas meas an phobail, nó a mhalairt.

Déine: idir dhá chomhairle, ina fabhar uaireanta agus glórach ina haghaidh uaireanta eile.

Meon: eascraíonn tuairimí lucht leanúna an pháirtí seo as gach pointe den speictream polaitiúil idir

(a) míshasamh iomlán agus diúltú vótála, agus

(b) míshásamh áirithe agus patuaire.

Cé chomh mór is a bheas an ‘páirtí’ seo lá na vótála? Cá bhfios?

Cibé toradh a bheas ar an toghchán ar an 26 Feabhra*, beidh rialtas ann. Má theipeann ar an Dáil nua Taoiseach a thoghadh ina dhiaidh sin, beidh rialtas ann dá ainneoin. Agus beidh rialtas ann fiú mura dtoghfar Taoiseach nua ag an gcéad chruinniú eile den Dáil, nó tar éis scata cruinnithe nó fiú tar éis olltoghcháin eile.

I mbeagán focal: bíonn rialtas ann i gcónaí, agus ní théann rialtas, ar buadh orthu in olltoghchán, as oifig go dtí go dtoghann an Dáil rialtas eile chun teacht i gcomharbacht orthu.

* Admhaím gur buille faoi thuairim atá sa dáta seo, ach sílim gur ar an lá sin a vótálfar ar chúiseanna éagsúla (ina measc comóradh Éirí Amach na Cásca i mí Aibreáin).

Is láithreoir ar an gclár ‘Morning Ireland’ ar RTÉ Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Trí ‘pháirtí’ gan ainm, cé dóibh a vótálfaidh tú?'