Seosamh Mac Grianna Caisleáin Óir Cith is Dealán
Éabhlóid
Clúdach crua, €20
Séamus Ó Grianna
Cló Mercier
Clúdach bog, €16
Séamus Ó Grianna
Cló Mercier
Clúdach bog, €15
Trí leabhar Chonallacha in aon iarraidh annamh amháin. Is fada leabhair de chuid Shéamuis Uí Ghrianna (1889 – 1969) agus Sheosaimh Mhic Grianna (1900-1990) a bheith ina ndúshraith léitheoireachta ag mórán de phobal na Gaeilge, iad sin a raibh an teanga ó dhúchas acu agus iad sin a d’fhoghlaim í.
Bíodh is gur dheartháireacha iad – Séamus ba shine, nó ba sine i dTír Chonaill –bhain siad úsáid as sloinnte difriúla agus iad i mbun pinn; Ó Grianna ag Séamus agus Mac Grianna ag Seosamh.
Tá, gan amhras, áit ar leith acu beirt i gcanóin liteartha Chúige Uladh ach go háirithe agus na téacsanna s’acu in úsáid le pléisiúr a thabhairt do léitheoirí a bhfuil an teanga acu nó atá ag iarraidh spléachadh a fháil ar Weltanschauung le fear Gaeltachta san aois seo caite.
Seans go gcuirfeadh sé iontas orthu beirt a gcuid leabhar a bheith á léamh go fóill. Bhí siad beirt searbh éadóchasach ar a ndóigheanna féin faoi chúrsaí litríochta agus déarfainn gur doiligh dóibh a chreidbheáil gur tháinig a saothar slán ó neamhshuim agus ó bhochtanas.
Ba é Séamus ba fhlúirsí mar údar nó níor stad sé de bheith ag scríobh. Beagnach dhá scór leabhar a d’fhág sé le huacht ag léitheoirí, idir leabhair a scríobh sé féin nó a d’aistrigh sé, mar aon le neart píosaí iriseoireachta agus tuairimíochta.
Ní raibh Seosamh chomh bisiúil céanna ach is é is mó a mheallann lucht critice nó tá tathag sa líon bheag leabhar a scríobh sé, rud nach mbíonn fíor i gcónaí faoi shaothar Shéamuis – nó ‘Máire’ lena ainm pinn a thabhairt air.
Mercier Press atá i ndiaidh athchló a chur ar dhá leabhar de chuid Shéamuis an t-am seo: Caisleáin Óir, úrscéal a foilsíodh den chéad uair i 1924 agus Cith is Dealán, cnuasach gearrscéalta, a foilsíodh i 1926. Beidh cóip de na leabhair seo ar sheilfeanna mórán daoine agus eolas maith acu ar an ábhar.
Úrscéal grá é Caisleáin Óir agus tugann sé léargas mothálach ar chúrsaí sóisialta i nGaeltacht Thír Chonaill ag tús na haoise seo caite. Téann cumha, daibhreas agus dínit ag iomrascáil le chéile ann. Úrscéal nach deacair a léamh atá ann ach úrscéal ionraic, mar sin féin, iarracht luath ag scríbhneoir ciall a bhaint as an tsaol achrannach.
Gaeilge Rann na Feirste atá ann, ceantar dúchais an údair, agus tá foclóir beag ar chúl an leabhair le cuidiú leis an léitheoir – nó foghlaimeoir – nach bhfuil eolach ar an chanúint áirithe sin.
An cur chuige céanna atá le feiceáil sa chnuasach, Cith is Dealán, leis an údar chéanna. Scéaltaí beaga, gan amhras, cuid acu greannmhar agus cuid acu géar. Ní chuirfeadh léamh na scéalta dua ar dhuine ar bith ach is fiú iad a léamh nó tá léargas ar phobal agus ar mheon scríbhneora iontu atá sainiúil.
Tá foclóir beag ar chúl an leabhair a bheidh ina áis ag léitheoir fosta. Má tú ag cur tús le d’aistear mar léitheoir, b’fhiú an dá leabhar a fháil; tá buanna acu beirt a thabharfas ábhar machnaimh duit. Lena chois sin, má tá tú le rangú i measc fhoghlaimeoirí na teanga, bhéarfaidh siad léargas duit ar an Ghaeilge mar a bhí fadó fadó, rud thar a bheith tairbheach agus an teanga á lúbadh as riocht, orlach ar orlach, de bharr thionchar an Bhéarla.
Leabhar fiúntach eile atá sa treas leabhar anseo, An Grá agus an Ghruaim le Seosamh Mac Grianna. An comhlacht Éabhlóid atá i ndiaidh athchló a chur ar an cheann seo ach, murab ionann agus Mercier, tá siad i ndiaidh dua sa bhreis a chur orthu féin leis an chur i láthair.
Tá clúdach crua nua álainn ar an leabhar; é sin bunaithe ar an obair ealaíne a rinne Austin Ó Maolaoid don chéad eagrán agus a chuid féin déanta ag Caomhán Ó Scolaí de. Lena chois sin, tá réamhrá breá ann leis an Ollamh Fionntán de Brún, saineolaí ar shaothar Uí Ghrianna, le fáilte a chur roimh an léitheoir agus treoir a thabhairt dó. Eoghan Mac Giolla Bhríde a rinne eagar ar an ábhar liteartha féin – is é a scríobh an sárchnuasach Cnámh – agus tá cló-aghaidh dheas úr ar na scéaltaí fosta.
Scéaltaí luatha de chuid Sheosaimh atá ann. Mar a scríobhann de Brún: ;Maidir leis an chnuasach gearrscéaltaí seo, An Grá agus an Ghruaim, a foilsíodh de chéaduair in 1929, d’fhéadfaí a rá faoi gur ag teacht chun béil a bhí an Griannach ann.’
Déanann de Brún cur síos léannta gonta ar na scéaltaí sa chnuasach, ag léiriú cad é a bhí ar siúl ag an Ghriannach sna hiarrachtaí luatha liteartha seo. (Dea-mhúnla den aiste liteartha féin atá sa réamhrá ag dalta ollscoile ar bith.)
Bronntanas de leabhar atá mar thoradh ar an obair ar fad. Ar an ábhar sin, is trua nár chuir Mercier rud beag dua sa bhreis orthu féin agus iad ag cur scéaltaí Shéamuis i gcló. Faraor, ní spreagann an cur i láthair seanfhaiseanta an léitheoir ar an dóigh chéanna le saothar samhlaíoch Éabhlóid.
Tá seaneagráin de leabhair seo Shéamuis ar an tseilf ag an léitheoir seo cheana féin – agus, gan amhras, An Grá agus an Ghruaim. Mhothaigh mé gur leabhar nua a bhí faighte agam in eagrán Éabhlóid agus fonn dá réir sin orm tabhairt faoin léitheoireacht as an úr.
Níl mé á rá go bhfuil an pléisiúr céanna le fáil i leabhair Mercier. Níl na súile s’agamsa go díreach chomh maith agus a bhí agus mé i mo dhéagóir, an t-am ar léigh mé ar dtús iad, agus níorbh fhada gur thuirsigh siad leis an tseandúch.
Is trua fosta nár thapaigh Mercier an deis seans a thabhairt do shaineolaí comhaimseartha ar shaothar Shéamuis cúpla focal féin a scríobh agus an t-ábhar a chur ina chomhthéacs ceart don chéad ghlúin eile léitheoirí.
Mionghearáin, cinnte, ach ábhar gearáin mar sin féin a bhaineann beagán den loinnir d’fhiontar fiúntach.
KH
Bhí de phribhléid agam Cith is Dealán a tharraingt chugam féin agus mé i mbun staidéir ní fada ó shin. Cnuasach álainn é a mholfainn do dhuine ar bith. Tá nótaí mínithe teangan ar a chúl ar na tuisil is ar an bhfoclóir i gcomhthéacs na canúna, cé go dtuigfear go leor ón gcomhthéacs. Gaeilge na Mumhan agus Gaeilge Chonnacht theas is mó a d’airigh mé ag fás aníos dhom, ach is é Máire mo rogha scríbhneoir.
Níor mhiste Cora Cinniúna, Imleabhar 1 & 2 a chur leis an liosta thuas, dar liom. Niall Ó Dónaill a chuir in eagar iad, faoi mar a rinne le Cith is Dealán.
Lillis Ó Laoire
Dea-scéala amach is amach.