Trí chúige ag iarraidh tógáil ar shárimirt na seachtaine seo caite

Má imríonn Cúige Chonnacht mar a d’imir siad seachtain ó shin ní bheidh siad gan seans ach tá dúshlán ollmhór le sárú acu an Domhnach in Leicester

Trí chúige ag iarraidh tógáil ar shárimirt na seachtaine seo caite

Peceli Yato (Clermont) agus Sean Reidy (Uladh) Pictiúr: ©INPHO/Laszlo Geczo

Níl aon dabht ann ach gur thug na Cúigí ar fad taispeántas iontach rugbaí dúinn an deireadh seachtaine seo caite agus iad ag imirt i mBabhta 1 de Chorn na gCuradh. Cé gur bheag a cheap go gcaillfeadh Cúige Laighean agus iad san RDS, rud nár tharla, is ag tógáil ar an tsáriarracht sin a bhí na Cúigí eile ag an deireadh seachtaine. Ainneoin nach raibh mórán, mé féin ina measc, a thug seans ar bith do na hUltaigh agus iad i gcoinne Clermont sa bhFrainc, bhain siad geit as saol an rugbaí nuair a thug siad an lá leo.

B’ionann an cás ag na Connachtaigh agus iadsan ag aimsiú sé úd i gcoinne Stade Francais, foireann nár éirigh leo an líne bhán a thrasnú oiread agus uair amháin féin ar an mBóthar Beag. Ach céard a déarfá le hógánaigh na Mumhan a bhí ag imirt as baile agus a thug bua le pointe bónais abhaile leo? Dochreidte ar fad. Ceithre bhua gan stró as ceithre chluiche.

Ach an cheist anois an féidir leis na trí chúige atá fós ag imirt an rud céanna a dhéanamh arís i mBabhta 2?

De bharr Covid a bheith sa dá champa, bhí neart ceisteanna á gcur faoin gcluiche idir Montpellier agus Laighin i ndeisceart na Fraince a bhí le n-imirt anocht. Ach chuir lucht bainistíochta an chomórtais deireadh leis an éiginnteacht ar fad nuair a chuir siad an cluiche sin ar ceal agus bhronn siad cúig phointe ar Montpellier.  Bí cinnte go mbeidh neart cainte faoin gcinneadh sin amach anseo.

Níl aon easpa éiginnteachta ag baint leis na cluichí eile ach oiread ach, agus an t-alt seo á scríobh agam, tá na  trí chúige eile fós ceaptha a bheith ag imirt an deireadh seachtaine seo. Ní bheadh aon iontas ormsa má athraíonn sé sin.

Ach faoi láthair ar aon chaoi, tá chuile dhuine ag súil go dtabharfaidh na hUltaigh an dara bua leo i gcomórtas na bliana seo agus iadsan ag cur fáilte anocht go Béal Feirste roimh Northampton. Theip ar Northampton (14-45) agus iad sa mbaile i mBabhta 1. Ní dóigh go mbeidh na deacrachtaí a tháinig chun solais sa gcluiche sin curtha ina gceart acu in imeacht seachtaine amháin.

Beidh na Muimhnigh sa mbaile i Luimneach amárach agus iad ag iarraidh tógáil ar an mbua agus an tsárimirt a chonaic muid uathu i mBabhta 1. Seans maith go ndéanfaidh siad sin i gcoinne Castres na Fraince, foireann a chaill agus iad sa mbaile i mBabhta 1.

As foirne na tíre seo uile, creidim gur roimh na Connachtaigh atá an dúshlán is mó i mBabhta 2. Thall i Leicester a bheas siad ag imirt an Domhnach seo i gcoinne fhoireann an bhaile sin, foireann ar éirigh leo, ach an oiread le foireann na Gaillimhe, an bua a fháil mBabhta 1. Mar sin féin, is as baile a bhí Leicester ag imirt an tseachtain seo caite ach níos tábhachtaí fós níor chaill siad cluiche amháin féin as na naoi gcluiche a d’imir siad sa bPremiership go dtí seo.

Má imríonn Cúige Chonnacht mar a d’imir siad seachtain ó shin ní bheidh siad gan seans ach tá dúshlán ollmhór le sárú acu an Domhnach seo.

Fág freagra ar 'Trí chúige ag iarraidh tógáil ar shárimirt na seachtaine seo caite'