Trí bliana go leith de phlé agus an Roinn Caiteachais Phoiblí fós gan scéim teanga

Is iad an Roinn Caiteachais Phoiblí an t-aon Roinn Rialtais nár aontaigh scéim teanga le Roinn na Gaeltachta fós ach tá ‘plé gníomhach’ a dhéanamh faoin scéal.

An Taoiseach Enda Kenny leis an tÁire Brendan Howlin. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
An Taoiseach Enda Kenny leis an tÁire Brendan Howlin. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil “plé gníomhach” ar siúl idir iad féin agus An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an roinn atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge sa státseirbhís, maidir le scéim teanga a dhaingniú – trí bliana go leith ó tugadh treoir do Roinn an Aire Howlin dréachtscéim teanga a ullmhú.

Is iad an Roinn Caiteachais Phoiblí an t-aon Roinn Rialtais nár aontaigh scéim teanga le Roinn na Gaeltachta fós. Is sna scéimeanna teanga dá leithéid a leagtar síos na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfear ar fáil don phobal agus an bealach a ndéanfar forbairt orthu thar thréimhse de bhlianta.

Dúirt Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie inné go raibh “cruinniú idir oifigigh ón dá Roinn le gairid” chun an dréachtscéim atá ullmhaithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a phlé agus mar thoradh ar an chruinniú sin, “táthar ag súil go mbeidh an dréachtscéim á cur faoi bhráid an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta  le daingniú go luath.”

Tá an Roinn ar a bhfuil Brendan Howlin TD ina Aire freagrach as dea-bhainistiú na seirbhíse poiblí. Ar an Roinn sin a thiteann sé a chinntiú go bhfuil státseirbhís agus seirbhís phoiblí sa tír atá éifeachtach agus éifeachtúil.

Is ar Roinn na Gaeltachta atá an cúram scéimeanna a aontú le Ranna eile Rialtais agus le heagraíochtaí stáit sula gcuirtear faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga iad le cinntiú go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm.

Cé go bhfuil nasc ar shuíomh gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí chuig ‘Scéim Gaeilge 2014-2017’, níl le fáil ansin ach teachtaireacht a deir ‘Sorry, this page could not be found!’

Fág freagra ar 'Trí bliana go leith de phlé agus an Roinn Caiteachais Phoiblí fós gan scéim teanga'