Trí bhialann Ghaeltachta i measc an 100 bialann is fearr in Éirinn

Bhí Pota Café, caifé agus bialann nua i mBaile na hAbhann i gConamara, ar an liosta de na bialanna is fearr a foilsíodh ar an Sunday Independent

Trí bhialann Ghaeltachta i measc an 100 bialann is fearr in Éirinn

Tá “ríméad” ar úinéir caifé Gaeltachta gur éirigh leis áit a bhaint amach ar liosta den 100 bialann is fearr in Éirinn.

Bhí Pota Café, caifé agus bialann nua i mBaile na hAbhann i gConamara, ar an liosta de na bialanna is fearr a foilsíodh ar an Sunday Independent.

D’éirigh le trí bhialann Ghaeltachta áit a bhaint amach ar an liosta a chuir an léirmheastóir bia aitheanta Lucinda O’Sullivan I dtoll a chéile.

Sa Daingean i gCorca Dhuibhne atá an dá bhialann eile atá luaite ar an liosta, an Chart House agus an bhialann Solas Tapa.

Dúirt foireann Pota Café go raibh ríméad orthu gur luadh a mbialann, a osclaíodh an samhradh seo caite, i measc an 100 bialann is fearr sa tír. Cuireadh roinnt gnéithe faoi leith san áireamh agus na bialanna á meas don liosta, atmaisféar, éiteas, seirbhís, ardchaighdeán bia agus freastal dílis ar chustaiméirí agus ar an bpobal

“Pobal, inmharthanacht agus ardchaighdeán – sin iad na bunchlocha ar a bhfuil Pota tógtha,” arsa úinéir an chaifé, Diarmuid Ó Mathúna. “An chúis ar thug muid Pota ar an gcaifé an chéad lá ná gur breá linn an íomhá de phobal a bheith tarraingthe le chéile thart timpeall ar phota mór bia, sult á bhaint acu as comhluadar a chéile agus scéalta, smaointe – agus bia, ar ndóigh – á roinnt go flúirseach.”

Faigheann Pota sailéid agus glasraí ón nGarraí Glas in aice láimhe, feoil ó Bhúistéirí Uí Fhéinneadha sa Spidéal, iasc ó Ros a’ Mhíl agus cáis ghabhair, sliogiasc agus feamainn ó Oileáin Árann. “Murach na táirgeoirí sin atá ag treabhadh an ghoirt, ní bheadh an gradam seo bainte amach ag an gcaifé s’againne,” a dúirt Diarmuid.

Cainteoirí líofa Gaeilge amháin a fhostaítear sa chaifé. 

Cén bia a moladh?

Pota Café

Mhol an Sunday Independent tagine uaineola Chonamara Pota, a n-uibheacha Benedict le coiléar bagúin Uí Fhéinneadha, hollandaise agus tósta taos géar; baguettes brioscánacha taos géar le sicín rósta, cáis ghabhair nó cáis theach feirme na Coille Móire le duilleoga agus biatas ó Fheirm Orgánach Phlásóg na Feá. Moladh freisin an seabhdar le hiasc úr ó Ros a’ Mhíl, sliogéisc Uí Cheallaigh agus arán donn Dillisk. 

An Chart House

Agus sa Chart House, moladh an mús cáis ghabhair orgánach le púrée biatais dheataithe rósta, soirbéad biatais agus ola oráiste. Dúradh go mbíonn an-tóir ar phutóg dhubh Abhainn an Scáil le seatnaí piorraí agus líomaí agus í fillte i dtaosrán filo agus bácáilte le súlach líomaí. Luadh freisin an uaineoil rósta le prátaí dauphinoise, seatnaí fige balsamach agus súlach leann ómra.

Solas Tapas 

Thuill Solas Tapas sa Daingean an-mholadh go seo as an carpaccio ochtapais le sailéad luibhe, mirin & soighe agus aioli yuzu. Moladh freisin an raca d’uaineoil Chiarraí le tapenade feamainne is miontais agus ubhthoradh spíosraithe le miso.

Fág freagra ar 'Trí bhialann Ghaeltachta i measc an 100 bialann is fearr in Éirinn'

  • Caitlín Nic Íomhair

    Shamhlóinn go raibh tearma.ie de dhíth ar an údar le cuid de na téarmaí breátha sin a aistriú :D Cuireann rath Phota gliondar ar mo chroí. Maith sibh féin!