Tréimhse sa Ghaeltacht molta ag an USI do gach dalta meánscoile

‘Tá grá dá dtír ag daltaí na hÉireann ar fud na tíre agus tá siad bródúil as a dteanga dhúchais, ní labhraítear chomh forleathan í agus ba cheart,’ a deir Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn

An-Ghaeltacht

Tá molta ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn go gcaithfidh gach uile dhalta meánscoile seal sa Ghaeltacht le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.

Dúirt Uachtarán an USI, Kevin Donoghue, go raibh gá le hathruithe bunúsacha a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge.

“Níl ag éirí leis an mbealach a múintear an Ghaeilge sna scoileanna faoi láthair. Caithfear níos mó béime a leagan ar an teanga labhartha. Is fearr an tumoideachas le líofacht a bhaint amach, sin an fáth a bhfuilimid ag moladh go rachadh gach dalta chun na Gaeltachta.

“Tá AMLÉ buartha faoi mhúineadh na Gaeilge ag an dara leibhéal in Éirinn agus tugaimid faoi deara go n-airíonn go leor daltaí nach múintear an Ghaeilge “mar theanga” agus go gcuirtear an iomarca béime ar an litríocht in áit cleachtadh béil,” a dúirt Kevin Donoghue, Uachtarán USI.

Dúirt sé gur mhó i bhfad taitnimh a bhainfí as foghlaim na Gaeilge ar scoil dá “múinfí mar theanga” í agus gurbh fhearr a bheadh caighdeán labhartha na Gaeilge ag na daltaí ar fhágáil na scoile dóibh.

Dúirt an tUachtarán go mbeadh níos mó daltaí líofa sa teanga ach an “tumoideachas sa Ghaeltacht” a thabhairt isteach.

Ritheadh rún ag Ard-Fheis an Aontais go bhféachfadh Leas-Uachtarán don Ghaeilge na heagraíochta, Colm Ó Néill, le tuarascáil a fhoilsiú a “leagfadh amach straitéis chuimsitheach, fhorásach, iltaobhach” do mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna.

Dúirt Uachtarán an USI  gur ‘sa treo ceart’ a bhí scrúdú na hArdteistiméireachta ag dul agus níos mó béime ar an teanga labhartha ann.

“Tá grá dá dtír ag daltaí na hÉireann ar fud na tíre agus tá siad bródúil as a dteanga dhúchais, ní labhraítear chomh forleathan í agus ba cheart. Is léiriú bríomhar ar ár gcultúr, stair agus féiniúlacht í an Ghaeilge.

“Is minic a bhíonn na tréithe idirdhealaithe is mó a bhíonn ag cultúr fite fuaite ina theanga. Tá an Ghaeilge fíorthábhachtach d’fhéiniúlacht na hÉireann agus is croíchuid í de gach rud atá Éireannach,”  a dúirt Kevin Donoghue.

Fág freagra ar 'Tréimhse sa Ghaeltacht molta ag an USI do gach dalta meánscoile'