Tréimhse níos faide sa Ghaeltacht d’ábhair oidí á scagadh ag Sinn Féin

De réir eolais ón Roinn Oideachais, chosnódh sé thart ar €1.3 milliún breise chun seachtain a chur le Tréimhsí Foghlama Gaeltachta na n-ábhar oidí

Tréimhse níos faide sa Ghaeltacht d’ábhair oidí á scagadh ag Sinn Féin

Tá tréimhse níos faide sa Ghaeltacht ar cheann de na beartais atá á mbreithniú ag Sinn Féin chun an caighdeán teagaisc atá ag múinteoirí sa Ghaeilge a fheabhsú.

Tá imní léirithe le fada faoin easpa cumais atá ag go leor múinteoirí ó thaobh theagasc na Gaeilge agus deir an páirtí go bhfuil siad ag iarraidh dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann.

Bealach amháin a bhféadfaí sin a dhéanamh ná seachtain bhreise tumoideachais sa Ghaeltacht a mhaoiniú d’ábhair oidí, a deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

Faoi láthair, bíonn ar ábhair oidí dhá thréimhse coicíse a chaitheamh sa Ghaeltacht le go mbeadh siad aitheanta mar mhúinteoirí bunscoile ag an gComhairle Mhúinteoireachta.

De réir eolais nua ón Roinn Oideachais, chosnódh sé thart ar €1.3 milliún breise sa bhliain chun seachtain bhreise a chur leis na Tréimhsí Foghlama Gaeltachta (TFG).

Meastar go dtabharfaidh 3,160 mac léinn faoi thréimhsí sa Ghaeltacht in 2024, ar chostas thart ar €2,575,000 do thréimhse coicíse. Bunaithe air sin, measadh go gcosnódh sé €1,288,000 na mic léinn a chur go dtí cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht ar feadh seachtaine eile.

“Tá a lán rudaí éagsúla a dhéanfadh maitheas do chaighdeán agus soláthar na múinteoirí le Gaeilge, tréimhse bhreise sa Ghaeltacht ina measc, nó moladh Ghaeloideachais maidir leis an liúntas do mhúinteoirí lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a thabhairt ar ais,” arsa Ó Snodaigh le Tuairisc.

“B’éigean dúinn a sheiceáil céard é an cur chuige is éifeachtaí chun an fhadhb a réiteach, agus brú a chur ar an Rialtas gníomhú, nó plean a bheith réidh againn sa seans go dtabharfadh an pobal deis dúinne bheith sa chéad rialtas eile.”

Deir Ó Snodaigh go bhfuil sé i gceist aige moltaí Shinn Féin a phlé leis an eagraíocht Gaeloideachas agus le dreamanna eile amach anseo chun tuiscint níos fearr a fháil ar cén chaoi gur féidir an fhadhb a leigheas.

“Tá Sinn Féin ag iarraidh dul i ngleic leis na fadhbanna atá aitheanta sa taighde agus sa saineolas go léir maidir le caighdeán na Gaeilge i measc na múinteoirí, agus an ganntanas atá ag cur isteach ar scoileanna nach féidir leo teacht ar múinteoirí cáilithe le fostú.

“Caithfidh aon bheartais againne, áfach, a bheith bunaithe ar fhíricí agus costáilte i gceart. Tá orainn a bheith dáiríre, agus is é sin an fáth gur lorg muid costais ón Rialtas ar na moltaí seo.”

Deontas €815 an duine a chuireann an Rialtas ar fáil d’ábhair oidí chun an táille iomlán don tréimhse Gaeltachta a íoc.

Cuireadh deireadh leis an deontas in 2012 ach tugadh ar ais é in 2020.

Fág freagra ar 'Tréimhse níos faide sa Ghaeltacht d’ábhair oidí á scagadh ag Sinn Féin'

  • Sibéal

    Caighdeán Gaelinne mhúinteoirí bunscoile go hainnis den chuid is mó a bhuíochas don oiliúint triú leibhéal. Níl an Ghaelinn á teagasc in iliomad scoileanna bunscoile fud fad na tíre agus níl an roinn ag déanú aon rud faoi.

  • Colin Ryan

    Is beag Gaeilge a chloisfeadh aon ábhair oidí sa Ghaeltacht sa saol atá anois ann, go háirithe i measc daoine óga. B’éigean dóibh dul ar bord meaisín ama agus gabháil siar caoga bliain.

    Is beag ciall atá leis an éileamh go mbeadh Gaeilge líofa ag gach múinteoir bunscoile. Níl suim ag a leath sa teanga. B’fhearr speisialtóirí a úsáid chun Gaeilge a mhúineadh ag an leibhéal sin.