Tá cromán na gcearc i réim arís i mbogach Turnhout

AN SAOITHÍN AERÁIDE: D’éirigh le togra athchóirithe éiceolaíochta sa Bheilg fiántas a chruthú i gcuid de na ceantair is plódaithe ar chlár na cruinne

Tá cromán na gcearc i réim arís i mbogach Turnhout

Tá baile mór Turnhout 75 ciliméadar soir ó thuaidh as cathair na Bruiséile, agus taobh ó thuaidh de Turnhout síneann ceantar bogaigh chomh fada leis an teorainn idir an mBeilg agus an Ísiltír. Tá cónaí ar chairde de chuid an tSaoithín Aeráide ar imeall an bhogaigh sin agus thug sé cuairt orthu an tseachtain seo caite.

D’fhág nach mór trí chéad bliain de dhiantalmhaíocht, d’fhoraoiseacht agus de ghníomhaíochtaí eile de chuid an duine drochbhail cheart ar bhogach Turnhout, ach ó 1999 anuas tá athchóiriú éiceolaíoch á dhéanamh ag an eagraíocht dúlra Pléimeannach Natuurpunt ar cheantar 7 gciliméadar cearnach.

Ní mór an t-achar 7 gciliméadar cearnach. Tá Inis Oírr níos mó ná sin. Ach leath a shúile ar an Saoithín Aeráide nuair a chuaigh sé féin agus a chairde ar shiúlóid tríd an mbogach.

Bhí an ceantar folamh.

Is é sin le rá, bhí an áit breac le crainn, le locha agus le hainmhithe. Ach na cosáin a raibh muid ag siúl orthu as an áireamh, ba bheag de lorg an duine a bhí le feiceáil – agus éacht is ea é sin sa chuid sin d’iarthar na hEorpa, atá ar chuid de na ceantair is plódaithe ar chlár na cruinne.

Mhínigh cairde an tSaoithín Aeráide gur ceannaíodh amach na feirmeoirí a mbíodh talamh acu san áit agus go bhfuil sé i gceist a thuilleadh feirmeoirí sa cheantar máguaird a cheannach amach san am atá romhainn d’fhonn an tearmann dúlra a mhéadú.

Ba léir ón líon scaifeanna dearga traidisiúnta a bhí crochta de bheanna tithe, ar chrainn bhrataí agus ar chrosbhóithre ar imeall an tearmann dúlra nach é chuile dhuine atá sásta leis sin (ní hionann agus feirmeoirí feargacha ar an taobh eile den teorainn, san Ísiltír, ní fiú d’fheirmeoirí na Beilge bratach a dtíre a chrochadh bunoscionn; ach oiread le bratach na hÉireann bheadh an bratach ceannann céanna agat dá ndéanfá sin.)

Ach a bhuíochas leis an athchóiriú éiceolaíoch ar cuireadh tús leis 25 bliain ó shin, tá gnáthóg inmharthana arís ag an gcrotach, ag an nguilbneach earrdhubh agus ag cromán na gcearc, agus, i réimse na bplandaí, ag plúr an locháin, ag copóg Phádraig agus ag lus an chladaigh.

Agus ní i mbileoga eolais na heagraíochta dúlra Natuurpunt amháin is ann don saibhreas nádúrtha sin. Chonaic an Saoithín agus a chairde cromán na gcearc dáiríre (ceann fireann mar a léirigh roinnt taighde ina dhiaidh sin) é ar foluain go leisciúil os cionn seangharraí a fágadh gan cur.

Agus nuair a lig an Saoithín air féin nach raibh torann an tráchta ar phríomhbhóthar éigin in aice láimhe le cloisteáil, b’fhacthas dó gurbh í an bhliain 1724 a bhí ann seachas an bhliain 2024, cúpla bliain sular thosaigh an réabhlóid thionsclaíoch agus sula ndearna an duine scrios ar an tírdhreach.

Fág freagra ar 'Tá cromán na gcearc i réim arís i mbogach Turnhout'