Ní mór na ceathrúna agus colpaí a bheith réitithe do dhreapadh bhóithre cúnga an Camino

Agus an lá caite aige ag broic le gaoth mhór aniar ó shléibhte na Gailíse, tá cúpla leid ag ár ndialannaí taistil don té a bheadh ag iarraidh tabhairt faoin Camino de Santiago ar a rothar

Ní mór na ceathrúna agus colpaí a bheith réitithe do dhreapadh bhóithre cúnga an Camino

Inniu an lá ba dhúshlánaí fós ó thaobh na rothaíochta de – seachtó ciliméadar ó chathair León go dtí Rabanal del Camino. Thug gach uile chiliméadar díobh sin mo dhóthain le déanamh dom in aghaidh ropadh gaoithe aniar ó shléibhte na Gailíse (sléibhte a bheidh le dreapadh sách luath). Bhraith mé in amanta inniu go ndearnadh níos mó dul chun cinn in aghaidh na huaire ag an Somme ná mar a bhí á dhéanamh agam féin.

Ach tá an t-aicsean déanta do lá eile agus mé i ngairdín Albergue El Pilar 1,156m os cionn na farraige. Amach romham amárach beidh dhá ard – Foncebadón (1,504m) agus O Cebreiro (1,300m).

D’iarr duine de léitheoirí na dialainne seo orm níos mó eolais a thabhairt faoin mbealach féin agus leid nó dhó a thabhairt don té a bheadh ag iarraidh tabhairt faoi ar an gcapall iarainn.

An chéad rud is gá a thuiscint ná go bhfuil dhá ‘Chonair Shéamuis’ ann do lucht na rothaíochta – Conair na mBóithre agus an Chonair Thraidisiúnta. Is slí do choisithe é an Camino ó cheart agus mar sin níor dearadh na bealaí don rothaí – bíonn siad cam cúng casta go minic.

Is é an Sasanach Mark Wells a scríobh an treoirleabhar atá i mo mhála taistil – Cycling the Camino de Santiago (Cicerone, 2022) agus tá an dá bhealach éagsúla leagtha amach go soiléir aigesean. Tá an turas roinnte ina ocht roinn déag ag Wells (ceann sa ló) agus iad idir 28km agus beagnach 70km ar fad. Tosaíonn agus críochnaíonn na ranna uilig sna bailte céanna ach tá rogha ann an Chonair Dhearg (traidisiúnta) nó an Chonair Ghorm (bóithre) a leanacht.

Más ar rothar bóthair, rásaíochta, nó rothar éadrom eile atá tú ná cuimhnigh féin ar dhul ar an gConair Thraidisiúnta – is measa bóithríní Chonair Shéamuis ná bóithríní Chonamara. Scriosfaidh na cloichíní beaga, na clocha móra, an phuiteach agus an láib a bhfuil agat de shiní slabhra, rothaí fiaclacha, coscáin, agus giaranna. Féadfaidh tú na bóithre a leanacht ó bhaile go baile ach, nod don eolach, is é Google Maps an cara is fearr agat sa gcás seo – níl ach corrchomhartha bóthair do na rothair ar na bóithre agus is éasca dul amú.

Chinn mé féin an rothar hibrideach a thug go Sliabh Oilimpeas mé in 2018 a thabhairt liom an babhta seo freisin agus an Chonair Thraidisiúnta a thriail. Meascán de rothar bóthair agus rothar sléibhe atá ann agus fráma láidir trom air atá in ann ag an talamh crochta aimhréidh. Mar sin féin dá fheabhas í Pegasus (a hainm ceana) tá an bóthar go Santiago dian go leor ar an gcolainn.

Cé is moite den Meseta, má mhór réidh idir Burgos agus León, tá cnoic agus sléibhte le sárú beagnach chuile lá agus ní mór na ceathrúna agus colpaí a bheith réitithe lena n-aghaidh. Caithfear cuimhneamh freisin go mbeidh gach a mbeidh uait sna málaí cúil agus meáchan breise le hiompar.

Tá cathracha agus bailte móra ar an mbealach agus siopaí maithe rothar iontu ach is mór an t-achar eatarthu agus ba cheart go mbeadh an t-eolas agus an trealamh ag an bicigrino len é féin a chur ar an mbóthar arís dá dtiocfadh an crú ar an tairne. Inniu féin chuir sé díle bháistí agus ba mheasa i bhfad an phuiteach ná aon lá eile, chuaigh smionagar an bhóthair i bhfostú i siní an tslabhra agus b’éigean dom obráid éigeandála a dhéanamh ar Phegasus ar thaobh cnoic (tháinig sí slán).

Faraor ba í León an chathair mhór dheireanach roimh Santiago agus ní bheidh an deis agam páirteanna breise a cheannacht go mbainfidh mé ceann scríbe amach. Tá míle is céad altóir agus scrín do naoimh éagsúla feicthe agam ó thosaigh mé, le cúnamh Dé aimseoidh mé ceann do Madonna del Ghisallo, éarlamh na rothaithe, a choinneoidh slán sábháilte ar an gConair mé.

Rabanal del Camino – 788km

Fág freagra ar 'Ní mór na ceathrúna agus colpaí a bheith réitithe do dhreapadh bhóithre cúnga an Camino'