Tréigeadh náisiúnaithe an Tuaiscirt rómhinic – tá sé in am seasamh leo

An féidir na hinstitiúidí ó thuaidh a shábháil nó an bhfuil aon rogha ann?

Tréigeadh náisiúnaithe an Tuaiscirt rómhinic – tá sé in am seasamh leo

Cá dtéann muid anois maidir leis an Tuaisceart? An bhfuil sé réadúil a bheith ag iarraidh beatha a shéideadh ar ais sna hinstitiúidí, nó an bhfuil rogha ar bith ann seachas Comhaontú Aoine an Chéasta?

Tá na hinstitiúidí i sáinn beagnach leath den am ó síníodh an Comhaontú; tá an deighilt sheicteach chomh nimhneach is a bhí riamh; agus níl mórán athraithe maidir le greim an bhochtanais agus an mhíbhuntáiste sna ceantair lucht oibre.

Ag an am céanna deir 70% ó thuaidh go bhfuil siad i bhfabhar an Chomhaontaithe, cé go ndeir 55% gur chóir é a athchóiriú,

Sé mo bharúil go bhfuil dhá fhadhb mhóra ann don Chomhaontú. Ón tús bhí na páirtithe Aontachtacha (agus an pobal Aontachtach leis an fhírinne a rá) drogallach faoin socrú. Léiríonn an tuairisc is deireanaí ó Ollscoil na Ríona is ó Ollscoil Uladh go bhfuil 27% den phobal Aontachtach den tuairim nach leor a thuilleadh an Comhaontú nó nárbh fhiú riamh é.

Níl ach 8% de náisiúnaithe den tuairim chéanna, ach i measc daoine óga faoi bhun 35 d’aois deir 30% nach bhfuil a fhios acu an maith an rud é nó a mhalairt.

Sé an buntáiste is mó ar ndóigh go bhfuil deireadh leis an bhforéigean (den chuid is mó), ach is ábhar buartha é go bhfuil eagraíochtaí na ndílseoirí ag bagairt foréigin gan mórán den cháineadh ó na páirtithe Aontachtacha.

Níos bunúsaí, ámh, ceapaim nach ndearna rialtas Bhaile Átha Cliath aon rud le brú a chur ar na Sasanaigh faoin scéal. Ar thaobh amháin bhí an rialtas róbhuartha faoi fhás Shinn Féin is iad ag iarraidh gan aon chabhair a thabhairt a mhéadódh tionchar an pháirtí sin.

Mar sin d’fhan an rialtas ina thost nuair a ba ghá go labhróidís amach.

Cuimhnigh, i gCill Rímhinn in Albain in 2006, ghéill Paisley don éileamh go ndéanfadh sé comhfheidhmeannas le Sinn Féin nuair a bhagair an dá rialtas go gcuirfí comhúdarás eatarthu ar bun mura ngéillfeadh.

Bhí, agus tá, Sinn Féin neamhchinnte faoin moladh sin. Chreid siad nach seasfadh rialtas Bhaile Átha Cliath leis an bpáirtí a thuilleann an líon vótaí is mó ó náisiúnaithe, is go gcuirfeadh siad ionadaithe an SDLP chun cinn ag gach leibhéal le Sinn Féin a choinneáil ar an imeall.

Má b’fhíor sin in 2006 tá sé níos fíre inniu agus Micheál Martin i gceannas ar Fhianna Fáil agus é nimhneach ar fad faoin pháirtí náisiúnach is mó ó thuaidh.

Creideann Baile Átha Cliath, is cosúil, go bhfuil guth níos tábhachtaí ag Aontachtaithe ná mar atá ag náisiúnaithe, ach an fhaid is a chreideann Aontachtaithe sa seachmall gur féidir filleadh ar an seanréimeas ó thuaidh ní athróidh siad a bport.

Is fiú a aithint freisin nach bhfuil aon difear idir an DUP agus an UUP maidir leis seo, ach amháin nach labhraíonn an UUP faoi leis an dúrúch céanna.

Tá an DUP i ndiaidh iad féin a chur i sáinn maidir leis an bPrótocal, agus ní fheicim aon bhealach as dóibh – ar a laghad roimh na toghcháin áitiúla i mí na Bealtaine.

Ní ceart ámh fanacht díomhaoin. Is cóir don rialtas an díograis don AE a chur ar leataobh agus brú a chur ar rialtas na Breataine ó thaobh maoiniú ceart a thabhairt dóibh siúd atá sásta na hinstitiúidí a oibriú is, thar aon rud eile, reifreann faoin teorainn a eagrú.

Cinnte, ní féidir athchóiriu a dhéanamh a laghdódh comhionannas measa ar an dá phobal mhóra, mar a mholann an Alliance, mar chuid de pholaitíocht an Láir atá fior-imeallach.

Tréigeadh na náisiúnaithe rómhinic, agus anois tá sé in am seasamh leo.

Chuige sin, tá gá le plé forleathan, agus an oiread guthanna ón phobal le clos, thuaidh, theas, náisiúnach, Aontachtach.

B’fhearr leis an rialtas, ámh, athaontú na tíre a chur ar an méar fhada – comh fada go deimhin nach léir go dtiocfadh lá an athaontaithe riamh.

Masla don phobal náisiúnach é sin. Agus má tá cros ar athaontú na hÉireann le bheith ag Aontachtaithe, is cóir freisin cros ar an stádas reatha a bheith ag náisiúnaithe.

Cibé ar bith, ní féidir leis an rialtas suí go ciúin ar an imeall ag síneadh lámh chairdis chuig na hAontachtaithe ach ag síneadh lámh an diúltaithe chuig na náisiúnaithe.

Más fuath leis an nádúr folús, is fuath le cearta pobail folús polaitiúil.

É sin ráite, ag an bpointe seo, tá an chosúlacht ann nach mbeidh rialtas na hÉireann sásta a gcuid dualgas a chur i gcrích go dtí go mbeidh rialtas úr ann, rialtas faoi cheannas Shinn Féin.

Ach idir an dá linn cá rachaidh muid? Faoi láthair níl solas ar bith le feiceáil ag deireadh an tolláin.

Fág freagra ar 'Tréigeadh náisiúnaithe an Tuaiscirt rómhinic – tá sé in am seasamh leo'

  • Seanán Ó Coistín

    Ní hionann “rialtas Bhaile Átha Cliath” agus rialtas na hÉireann. Is beag orm an drochnós ainm na hardchathrach a thabhairt ar rialtas na tíre.

    Is é Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath rialtas Bhaile Átha Cliath. Níl cumhachtaí gnóthaí eachtracha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá cumhachtaí maidir le gnóthaí eachtracha ag Rialtas na hÉireann. Tabhairgí an teideal ceart ar an rialtas in Éirinn.

    Mar sin féin, i dtaca leis na tuairimí eile do nocht Eoin san alt, sílim gurbh é seo an rud is tábhachtaí ann – “Agus má tá cros ar athaontú na hÉireann le bheith ag Aontachtaithe, is cóir freisin cros ar an stádas reatha a bheith ag náisiúnaithe”. Tá an ceart aige.