Trá brí an DUP – an féidir le Jeffrey Donaldson an taoide a chasadh?

Is in olcas atá cúrsaí ag dul don DUP de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí agus iad anois sa cheathrú háit

Trá brí an DUP – an féidir le Jeffrey Donaldson an taoide a chasadh?

Bhí údar imní ag Jeffrey Donaldson faoin bhail a bhí ar a pháirtí nuair a tháinig sé i gceannas ar an DUP, an tríú ceannaire i gcaitheamh cúpla mí. Ba é an meath ar thacaíocht an pháirtí a tuairiscíodh i mí Eanáir faoi ndear an suaitheadh a chuir deireadh le ceannaireacht Arlene Foster agus an phraiseach a rinneadh den chomharbacht nuair ba fás aon oíche é ceannaireacht Edwin Poots. 

Má bhí súil le borradh nó ar a laghad go gcuirfí stop leis an titim nuair a tháinig Jeffrey Donaldson i gceannas is mó go mór an t-údar imní atá ag lucht bainistíochta an pháirtí anois. Anuas atá an treocht á léiriú i gcónaí. D’uireasa athrú suntasach ar a gcúrsa chaillfeadh leath de theachtaí Tionóil an DUP a suíocháin san toghchán sa Bhealtaine seo chugainn. 

Léirigh pobalbhreith nua san Belfast Telegraph an drochscéal don DUP. Ráithe ó shin ba chúis chlampair go hinmheánach é an laghdú ar a vóta ach bhí an DUP chun tosaigh ar aontachtaithe eile. Le titim trí phointe eile ó shin tá siad anois sa tríú háit I measc na n-aontachtaithe agus sa cheathrú háit ar fad. 

San suirbhé is deireanaí den tsraith a dhéanann Lucid Talk go rialta don nuachtán, tá an DUP ag 13% i gcomparáid le 16% an UUP agus 14% an TUV. Sé Doug Beattie, ceannaire nua an UUP an té ar chuir a chur chuige borradh faoina pháirtí. Tá an UUP sa chéad áit i measc aontachtaithe den chéad uair le scór bliain; bhí méadú dhá phointe ar a dtacaíocht.

I measc na dtorthaí eile bhí Sinn Féin gan athrú ag 25% – stádas a chinnteodh gur acu a bheadh an chéad-aireacht in Stormont. Bhí 13% ag SDLP, méadú de bheagán. Bhí 13% ag Alliance freisin, titim 3%, an chéad chúlú ag an bpáirtí sin faoi cheannas Naomi Long. Meastar gur daoine atá ag filleadh ar an UUP faoi ndear lagú Alliance.

Scéal mór é fás an TUV, a thacaíocht méadaithe trí phointe go 14%. Fágann sin gurb é páirtí Jim Allister an tríú páirtí is mó i dTuaisceart Éireann. Cor drámatúil é sin ó tharla nach raibh san TUV go dtí seo ach páirtí aon duine amháin, Allister féin.

Ar ndóigh, caithfear meabhrú dúinn féin nach vóta atá anseo ach pobalbhreith. Mar sin féin tá an treocht i gcás an DUP seasta le breis is trí bliana agus chaill an páirtí dhá shuíochán in olltoghchán 2019, Nigel Dodds agus Emma Little Pengelly. 

Maíonn Jim Allister gurb é an Prótacal is cúis leis an titim ar thacaíocht an DUP agus tá cuid den cheart aige. Ní foláir nó go bhfuil daoine atá míshásta leis an bPrótacal iarBhreatimeachta ag imeacht i dtreo an TUV. 

Ach bhí vótóirí ag tréigean an DUP sula raibh aon chaint ar Phrótacal. Bhí roinnt míshásta go ndearna an DUP praiseach den chumhacht a bhí acu in Westminster chun stop a chur le Breatimeacht crua. Ní féidir seasamh an pháirtí ar cheisteanna sóisialta a chur as an áireamh ach oiread. Tá go leor den phobal aontachtach/dílseach nach nglacann le seasamh traidisiúnta neamhghéilliúil an DUP in aghaidh an ghinmhillte i gcruachásanna ná an pósadh comhghnéis. Maidir leis an nGaeilge tá vótóirí ag imeacht sa dá threo freisin; cuid acu nach nglacfadh go brách le cearta teanga agus tuilleadh a mheasann gur cheart cur suas leo –nó fáilte a chur rompu.

Seancheisteanna agus saincheisteanna atá le fuascailt ag Jeffrey Donaldson mar sin má tá casadh dearfach le cur ar chinniúint an DUP. Cén treo a roghnóidh sé? Níor facthas go fóill aon athrú ar an gcúrsa ar a raibh Arlene Foster. B’fhéidir go mbeadh caidreamh níos oscailte ag Donaldson le Teachtaí ach ní shábhálfaidh sé sin a gcuid suíochán.

Tréimhse chorrach i ndán dóibh – conas a roghnófar iarrthóirí, an ndéanfar cinneadh nach féidir a dhul sa tóir ar an 28 suíochán a bhí acu mar go scoiltfeadh sé sin an vóta agus go gcaillfí suíocháin gan chúis? Dúirt Donaldson féin go seasfadh sé don Tionól i nGleann an Lagáin ach go dtí seo ní raibh an bheirt theachtaí atá ansin, Edwin Poots agus Paul Givan, sásta éirí as chun spás a dhéanamh dó. Céard a tharlódh dá mbeadh triúr san iomaíocht? Aistríonn aontachtaithe chuig a chéile ach beidh an UUP, Alliance agus SDLP sa tóir ar shuíocháin freisin. 

Agus ansin tá an Prótacal. Ní léir cén treo a ngabhfaidh feachtas an DUP ina aghaidh. Is cosúil go mbeidh siad ag iarraidh Stormont a choinneáil ag imeacht chomh fada agus is féidir le súil go gcasfar an taoide sna naoi mí idir seo agus lá na vótála 2022.

Fág freagra ar 'Trá brí an DUP – an féidir le Jeffrey Donaldson an taoide a chasadh?'