Tost an-dhainséarach i dtaobh cheist chearta craolacháin CLG

Níl an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí rómhaith leis an margadh idir CLG agus SKY ar bhonn tráchtála ná ar bhonn poiblíochta

Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Ní dócha gur chuir sé aon iontas ar dhaoine nuair a fógraíodh inné nach mbeadh rún chontae an Chláir maidir le craoladh na gcluichí Gaelacha á phlé ag Comhdháil Bhliantúil CLG ag deireadh na míosa.

Ní raibh ann, i ndáiríre, ach an cor is déanaí i scéala a bhfuil tost ana- dhainséarach ar fad ag bailiú timpeall air.

Cé go raibh an chuma ar an scéal go raibh tacaíocht áirithe ó Bhoird Chontae ag margadh CLG maidir le cearta craolta na gcluichí a fógraíodh anuraidh, ba chosúil go raibh dordán beag ag éirí aníos ón gcosmhuintir agus go mbeadh teas éigin sa díospóireacht ag an gComhdháil i gcontae an Chabháin.

Seachas contae an Chláir, bhí sé ráite ag Dún na nGall agus ag Uíbh Fháilí go rabhthas chun tacaíocht a thabhairt don rún a bhí ag éileamh go gcraolfaí na cluichí craoibhe go léir ar bhealaí teilifíse saorchraolta tar éis don margadh craolta reatha a bheith tráite sa bhliain 2017.

Rún neafaiseach a déarfá, rún réasúnta, rún a tháinig ó bhonn aníos agus rún a bhí ag bailiú nirt le laethanta beaga anuas i gCúige Uladh, go háirithe, nó gur baineadh de chlár na Comhdhála é an tseachtain seo.

Ní bheidh an rún ar chlár an Comhdhála anois toisc go ndeir Coiste Comhairleach na Rialacha nach bhfuil sé d’aidhm ag an rún riail bhunúsach de chuid CLG a leasú ná a fheidhmiú. Dá réir, pléifidh Ard-Chomhairle CLG an rún seachas é bheith curtha faoi bhráid na Comhdhála.

Bí siúráilte go bhfuil fios a gcúraim acu siúd a dheonaigh ar bhonn bunreachta nach raibh rún chontae an Chláir oiriúnach don gComhdháil ach nach bhfuil rud éigin ana-fhrith-dhaonlathach faoin rud ar fad?

Dúirt Cathaoirleach CLG an Chláir, Michael McDonagh, an tseachtain seo gur mhór an náire é gan an rún bheith á phlé go hoscailte i measc na dtoscairí a bheadh ag freastal ar an gComhdháil.

Chuir trí chumann éagsúla i gcontae an Chláir an rún chun cinn ar an dtuiscint go n-eascródh díospóireacht fhónta, fholláin as.

Chreideadar gurb í Comhdháil Bhliantúil CLG an áit cheart lena leithéid a phlé agus pé acu an éireodh leis an rún nó ná déanfadh, bhraitheadar go mbeadh ar a gcumas a gcás a chur in iúl ó bhonn aníos go dtí an leibhéal is airde san eagraíocht.

Is fiú a lua ag an bpointe seo, nach raibh aon deacracht ag Bord CLG an Chláir le cearta craolta bheith ag an gcomhlacht Sky Sports ach go raibh ana dheacracht acu le cearta craolta eisiach bheith acu d’aon chluiche de chuid CLG. Dála scata i measc phobal CLG, chreideadar nár cheart d’éinne bheith fágtha ar an bhfán de bharr costais i gcás craoladh cluichí Gaelacha.

Cé nach raibh, ná nach mbeidh, aon laghdú ar líon na gcluichí craoibhe a chraolfar beo ar bhealaí teilifíse saorchraolta, beidh, mar a bhí anuraidh, cluichí á gcraoladh arís i mbliana ar bhealach teilifíse a gcaithfear íoc astu.

Tá an Dr Paul Rouse ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD) ar dhuine acu siúd is coitianta atá ag iarraidh aird an phobail a dhíriú ar phacáiste craolta chluichí CLG le geall le bliain anuas.

Tá páipéar foilsithe ag an Dr Rouse ina bhféachann sé an athuair ar na figiúirí don lucht féachana ins an Ríocht Aontaithe i bhfianaise an mhargaidh atá déanta le Sky Sports agus, más cruinn na figiúirí, níl an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí rómhaith leis an margadh ar bhonn tráchtála, fiú.

Má fhágtar cúinsí tráchtála ar leataobh ar feadh seal, feictear nach bhfuil ag éirí go maith leis an bhfiontar ar bhonn poiblíochta féin.

Chaitheas féin an deireadh seachtaine seo caite i bhfochair Ghaeil Londain, mar a raibh Cumann St Kiernan ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód. Dúirt oifigigh an chumainn sin liom nach bhfuil oiread is ball breise amháin fachta acu de dhroim na poiblíochta agus na bolscaireachta go léir atá á dhéanamh ag Sky Sports ar ár gcluichí.

Deir Rouse féin ina pháipéar: “… i ndeireadh na dála, nuair a fhágtar an reitric mar gheall ar sheirbhís dos na himircigh ar leataobh, níl agat ach seirbhís a bhíodh ar fáil cheana ach atá anois á sholáthar ar bhonn stróicthe, briosc ar thrí oiread an chostais”.

I bhfianaise an phusacháin srianta atá curtha ar rún chontae an Chláir an tseachtain seo, tá tost áirithe ag leanúint na ceiste seo i gcónaí.

Caithfear labhairt faoi.

– Tá páipéar an Dr Paul Rouse anseo