Torthaí an athraithe aeráide le sonrú ar thalamh, uisce agus atmaisféar na tíre – tuarascáil nua

Báisteach san iarthar agus triomach san oirthear á thuar ag saineolaithe sa chéad mhórthuarascáil aimsire le hocht mbliana anuas

Torthaí an athraithe aeráide le sonrú ar thalamh, uisce agus atmaisféar na tíre – tuarascáil nua

D’fhéadfadh gur neartú ar an bháisteach in iarthar na tíre agus triomach níos mó ar an gcósta thoir atá i ndán dúinn sna blianta romhainn, de réir staidéar aimsire nua atá foilsithe inniu ag an Áisíneacht Cosanta Comhshaoil (EPA) agus ag Met Éireann.

Tá tionchar díreach an athraithe aeráide atá ag tarlú ar fud an domhain le sonrú ar thalamh, uisce agus atmaisféar na tíre anois, a deir údair na tuarascála nua.

Le 30 bliain anuas tháinig méadú 6% ar an méid báistí a thit sa tír seo i gcomparáid leis an 30 bliain roimhe seo. Ach léiríonn na sonraí ó 35 stáisiún aimsire go bhfuil i bhfad níos mó uisce sna haibhneacha in iarthar agus i dtuaisceart na tíre agus, ag an am céanna, go bhfuil aibhneacha áirithe in oirthear agus i ndeisceart na tíre ina srutháin. Comhartha rabhaidh iad na sonraí nua seo do na hathruithe atá amach romhainn, dar le húdair na tuarascála, an chéad mhórstaidéar ar chúrsaí aimsire sa tír seo le hocht mbliana anuas.

Deirtear go bhfuil príomhtheachtaireacht na tuarascála ríshoiléir – ciallaíonn athrú aeráide an domhain go mbeidh an tír seo níos teo agus níos fliche.

Mhéadaigh teocht an aeir sa tír seo 0.9 céim Celsius le 120 bliain anuas agus bhí an méadú sin le sonrú i ngach séasúr sa bhliain.

Ba ón mbliain 1990 a bhí 15 de na blianta ba theo againn le 120 bliain anuas. Bhí 6% níos mó báistí againn le tríocha bliain anuas ná mar a bhí sna 30 bliain roimhe sin. Sa bhreis air sin, d’ardaigh leibhéal na farraige ar chóstaí na tíre 2-3mm gach bliain ó thús na 1990idí.

Dúirt duine d’údair na tuarascála, an Dr Ned Dwyer as Ollscoil Chorcaí, gur gá don phobal i gcoitinne oibriú as lámha a chéile leis an gcineál athraithe a theastaíonn a chur i bhfeidhm ach dúirt go raibh sé dóchasach gur féidir an comhoibriú sin a chothú.

Creideann na saineolaithe anois go mbeidh tonnta teasa againn níos minice sa tír seo agus go mairfidh tréimhsí fliucha níos faide.

Fág freagra ar 'Torthaí an athraithe aeráide le sonrú ar thalamh, uisce agus atmaisféar na tíre – tuarascáil nua'