Toradh maith ag teastáil ó na hÉireannaigh nó beidh a rás rite san Astráil

Ní bhfaighidh Éire tada níos éasca é cúil a scóráil inniu agus sárchosaint ag foireann seo Cheanada

Toradh maith ag teastáil ó na hÉireannaigh nó beidh a rás rite san Astráil

An Astráil v Éire – nib Stadium, 1.00in (Beo ar RTÉ 2)

Má bhí brú mór ar mhná na hÉireann Déardaoin seo caite agus iad ag imirt a gcéad chluiche riamh i gCorn Domhanda na mBan, beidh brú chomh mór céanna orthu inniu agus toradh maith ag teastáil lena chinntiú nach mbeidh rás na hÉireann rite théis dhá chluiche sa chomórtas.

Bhí sé de cheart ag na hÉireannaigh a bheith réasúnta sásta leis an gcaoi ar imir siad sa chluiche in aghaidh na hAstráile ach fágann an chailliúint sin agus an comhscór a bhí idir Ceanada agus an Nigéir lá arna mhárach go gcaithfidh Éire pointe amháin ar a laghad a fháil ón gcluiche seo inniu nó beidh siad ag dul abhaile i ndiaidh a gcluiche in aghaidh na Nigéire, is cuma céard a tharlóidh ansin.

Ceanada a bhuaigh an bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo cúpla bliain ó shin, rud a léiríonn a gcumas, ach níl Éire gan seans sa chluiche seo i bPerth.

Fiú agus Sam Kerr ar iarraidh ar an Astráil i gcluiche na seachtaine seo caite, tabharfaidh a laghad deiseanna a chruthaigh na hAstrálaigh muinín d’Éirinn. Ábhar imní é an gortú a bhí ag cur as do Louise Quinn le roinnt laethanta anuas ach má bhíonn an cosantóir in ann dul chun páirce, ba cheart go mbeadh cosaint na hÉireann láidir go maith.

Is í an chosaint an ghné is láidre d’imirt fhoireann Cheanada freisin. Tá Kailen Sheridan ar dhuine de na cúil bháire is fearr ar domhan agus is cosantóirí den scoth iad leithéidí Kadeisha Buchanan, Ashley Lawrence agus Vanessa Gilles chomh maith.

I measc na dtosaithe, tá Christine Sinclair ar dhuine de na himreoirí is aitheanta i stair shacar na mban. Tá 324 cluiche imeartha aici do Cheanada agus 190 cúl aimsithe ag Sinclair agus cé go bhfuil sí dhá scór bliain d’aois, beidh ar Éirinn súil ghéar a choinneáil uirthi. Dea-scéal atá ann do Cheanada go mbeidh Jessie Fleming, a bhí gortaithe don chéad chluiche, ag dul chun páirce inniu agus ise agus Quinn is mó atá in ann deiseanna a chruthú do Sinclair ó lár na páirce.

Thosóinn Abbie Larkin in aghaidh Cheanada ach ní dóigh liom go mbeidh Vera Pauw ar an intinn chéanna

Beidh lucht tacaíochta na hÉireann ag súil le beagáinín níos mó a fheiceáil ón bhfoireann agus iad ag dul ar an ionsaí seachas mar a chonacthas in aghaidh na hAstráile. Is ar an gcosaint is mó a chuireann Vera Pauw béim agus is deacair a shamhlú go n-athróidh an bainisteoir a hintinn ina thaobh sin inniu.

Caithfidh Kyra Carusa agus Marissa Sheva, má thosaíonn sí, seilbh a choinneáil níos faide ar an liathróid nuair a thagann sí ina dtreo agus deis a thabhairt do leithéidí Katie McCabe, Denise O’Sullivan agus Sinéad Farrelly tacaíocht a thabhairt dóibh nuair a théann Éire ar an ionsaí.

Chuir Lucy Quinn agus Abbie Larkin, go háirithe, beocht san imirt nuair a tháinig siad isteach in aghaidh na hAstráile ach is beag seans go gcaithfear Larkin isteach ón tús inniu. Má theastaíonn cúl ó Éirinn i dtreo an deiridh, tabharfar isteach bean óg na Rinne ach, más sa tóir ar chúil a bheidh na hÉireannaigh faoin tráth sin, léireoidh sé go ndeachaigh rud éigin mícheart roimhe sin. 

Ceanada

Áit ar rangú domhanda FIFA: 7

Toradh is fearr ag Corn Domhanda na mBan: An ceathrú háit (2003)

Bainisteoir: Bev Priestman

Captaen: Christine Sinclair

Coinnigh súil ar: Jessie Fleming. Chaill Fleming an cluiche in aghaidh na Nigéire de bharr gortaithe ach tá sé deimhnithe ag Bev Priestman go mbeidh sí ag tosú in aghaidh na hÉireann. Imreoir na Bliana i gCeanada le dhá bhliain anuas, scóráil sí ceithre cinn de chiceanna éirice le linn na gCluichí Oilimpeacha in 2020, mar ar bhuaigh Ceanada bonn óir.

Fág freagra ar 'Toradh maith ag teastáil ó na hÉireannaigh nó beidh a rás rite san Astráil'