Toradh dearfach ar 25% de thástálacha don víreas in áiteanna áirithe

Deir Príomhfheidhmeannach an HSE go gcaithfear a bheith cúramach nach ligtear don víreas leathadh i measc daoine a bhfuil na vacsaín faighte acu

Toradh dearfach ar 25% de thástálacha don víreas in áiteanna áirithe

Bíonn toradh dearfach anois ar suas le 25% de na tástálacha don Covid-19 a dhéantar in ionaid tástála áirithe, a deir Príomhfheidhmeannach an HSE.

Dúirt Paul Reid go mbíonn ráta dearfachta 10% ar thástálacha “in go leor contaetha”.

“Dá fhairsinge is atá sé [an galar] sa phobal, is ea is mó a éireoidh leis a shlí a dhéanamh isteach i measc na ndaoine a bhfuil an vacsaín faighte acu. Tugaimis go léir aire ar feadh roinnt seachtainí agus cuirimis romhainn an ruaig a chur air seo agus líon na ndaoine atá breoite a laghdú,” arsa Paul Reid.

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios chomh maith gur duine a bhfuil an vacsaín faighte aige duine as gach cúigear a chuirtear san ospidéal de dheasca an Covid. Dúradh, áfach, go bhfuil ag éirí níos fearr leis na hothair seo ná mar bhíodh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt 1,138 cás eile den ghalar tráthnóna. Duine amháin eile a raibh an galar air a fuair bás sa Tuaisceart le lá anuas.

118 othar a bhfuil an Covid orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seisear acusan in aonad dianchúraim.

Tá níos mó othar ná mar atá slí ann dóibh i seacht gcinn de na hospidéil.

Dúirt Príomh-Eolaí Thuaisceart Éireann, Ian Young, gur údar imní dó an t-ardú ar líon na gcásanna agus líon na ndaoine nár thapaigh an deis go fóill an vacsaín a fháil.

Dúirt sé go mbeadh “cinneadh crua” le déanamh ag feidhmeannas Stormont

Déardaoin ach a ndéanfar plé faoina thuilleadh srianta a scaoileadh.

Fág freagra ar 'Toradh dearfach ar 25% de thástálacha don víreas in áiteanna áirithe'