Tommy Tiernan iompaithe ar an nGaeilge do chlár ar leith ar TG4

Is é an fear grinn Tommy Tiernan atá sa phríomhpháirt sa chlár 90 nóiméad Samhlú agus tá píosa ceoil cumtha go speisialta ag an gcumadóir clúiteach Bill Whelan dó

Tommy Tiernan iompaithe ar an nGaeilge do chlár ar leith ar TG4

Déanfar ceiliúradh ar na healaíona aimsir an Covid-19 i gclár speisialta atá le craoladh ar TG4 anocht.

Craolfar Samhlú 2020 anocht (9.30pm) mar chuid de thogra ealaíne idir TG4 agus Clár Éire Ildánach chun gaiscí agus cruthaitheacht ealaíonta atá tagtha chun cinn ar fud na hÉireann i mbliain dhúshlánach a cheiliúradh.

Is ag Tommy Tiernan atá an príomhról sa chlár 90 nóiméad agus tá píosa ceoil cumtha go speisialta ag an gcumadóir clúiteach Bill Whelan don chraolachán.

Beidh damhsóirí, ceoltóirí agus ealaíontóirí aitheanta eile le feiceáil sa chlár chomh maith, leithéidí Shane Hennessey, Moxie, Slow Moving Clouds, Julie Feeney, Morgan Bullock, David Geaney, Rónán Ó Snodaigh, Varo agus Tonnta ina measc.

Is é an comhlacht léirithe Meangadh Fíbín a bhí i mbun léirithe Samhlú 2020 agus deir stiúrthóir bainistíochta an chomhlachta Darach Ó Tuairisg go bhfuil sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do lucht na n-ealaíon i mbliana, thar aon bhliain eile.

“Níos mó ná aon rud, léiríonn an clár an tábhacht a bhaineann le healaíontóirí agus an tábhacht a bhaineann leis na healaíona in ár saol, rud b’fhéidir nár thugamar faoi deara cheana.”

Chun é sin a cheiliúradh, deir Ó Tuairisg gur theastaigh uathu clár ar leith a chur le chéile.

“Seachas gnáthchlár cainte i stiúideo, ‘shiny-floor show’ mar a thugann siad air, theastaigh uainn rud éigin cruthaitheach a dhéanamh, píosa ealaíne ann féin,” arsa Ó Tuairisg.

“Bhí constaicí áirithe ag baint le gnáthchlár a dhéanamh ar aon nós. Ní raibh aon stiúideo ar fáil againn agus mar gheall ar Covid bheadh sé an-deacair taifeadadh a dhéanamh taobh istigh agus bheadh sé deacair atmaisféar a chruthú gan lucht féachana beo.

“Theastaigh ón stiúrthóir agus an scríbhneoir Philip Doherty teacht ar sheift chun an cur i láthair sin a dhéanamh agus, as sin, síolaíodh Samhlú,” a deir Ó Tuairisg.
Fánaí is ea carachtar Tommy Tiernan sa chlár a thagann chuig baile beag agus a chuireann seó i láthair ann.

“Is daoine sa mbaile draíochtúil seo iad na healaíontóirí uile agus feictear iad ag déanamh cleachtadh ar a n-ealaín féin ar a mbealach féin,” a mhíníonn Ó Tuairisg.

“Tugtar léargas ar an gcaoi a raibh ealaíontóirí ag cruthú ábhar le linn na paindéime, ar Zoom, taobh thiar de dhoirse, amuigh ar an tsráid.”

Agus ealaíontóirí díomhaoin mar thoradh ar an bpaindéim, bhí lucht léirithe Samhlú in ann teacht ar scoth na ndaoine chun páirt a ghlacadh sa togra, idir ealaíontóirí áitiúla agus daoine a bhí níos faide i gcéin.

“Bhí an t-ádh linn ar bhealach go raibh an phaindéim ar siúl ó thaobh go raibh muid in ann daoine a fháil nach mbeadh muid in ann a fháil mura mbeadh an phaindéim ann,” a deir Ó Tuairisg.

“Sampla an-mhaith de sin é Tommy Tiernan. Ealaíontóir a bhfuil clú agus cáil idirnáisiúnta air agus nach ndearna aon rud i nGaeilge riamh cheana. Bhí an t-ádh linn go bhfuil cónaí air sa gceantar, go raibh sé ar fáil agus go raibh sé sásta páirt a ghlacadh sa gclár.”

I nGaeilge atá páirt Tiernan, ach deir Ó Tuairisg nach raibh deacracht ar bith ag an bhfear grinn dul i ngleic leis an teanga.

“Tá sé thar a bheith báúil ó thaobh na teanga de agus cé nach bhfuil mórán rudaí déanta aige i nGaeilge, tá an-suim aige inti. Chuir sé iontas orm an méid Gaeilge a bhí aige.

“Ní fhéadfadh sé an teanga agus an méid atá le rá aige a fhoghlaim san achar ama a bhí i gceist. Tá blas thar a bheith láidir aige agus foghraíocht an-mhaith agus tiocfaidh sé sin trasna sa chlár.”

Luann Ó Tuairisg Bill Whelan mar dhuine de na daoine iomráiteacha eile a raibh baint acu leis an togra. Is i gCloch na Rón i gConamara a rinneadh taifeadadh ar Samhlú 2020 agus deir Ó Tuairisg go raibh Whelan, atá ina chónaí ar an mbaile, thar a bheith cabhrach ó thaobh ceoltóirí agus míreanna a thaifeadadh.

Baile beag draíochtúil atá i gceist leis an mbaile sa chlár ach is beag údar gliondair a bhí ag lucht na n-ealaíon agus iad ag taifeadadh in iarthar na hÉireann mí na Samhna.

“Bhí an aimsir lofa. Stop an bháisteach ceithre uair an chloig agus b’in an t-aon cheithre uair an chloig i gcaitheamh na seachtaine nuair a bhí muid ag taifeadadh taobh istigh,” arsa Ó Tuairisg agus é ag gáire.

“Bhí gálaí ann. Bhí sé dian ar gach duine mar taifeadadh an rud uile sa dorchadas san oíche. Bhí muid ag obair óna 4 tráthnóna go dtí 4 ar maidin agus bhí sé sin dian ann féin.”

Ina ainneoin sin, tá Ó Tuairisg thar a bheith sásta leis an obair uile a rinneadh chun an clár a chur i gcrích.

“Tá muid thar a bheith buíoch do na healaíontóirí uile a ghlac páirt agus an criú cumasach a bhí bainteach leis. Ta ardmholadh tuillte ag gach duine as é seo a thabhairt le chéile taobh istigh de sheacht seachtaine, ón uair go bhfuair muid an coimisiúnú go dtí an uair a bhfuil sé le craoladh. Tá éacht déanta i chuile réimse den léiriúchán.”

 

Fág freagra ar 'Tommy Tiernan iompaithe ar an nGaeilge do chlár ar leith ar TG4'

  • Pól Ó Braoin

    Ag súil go mór leis…

  • Cluain Sceach

    Fair play do Tommy Tiernan, dhein sé job maith de.

  • Liz

    Sárshamhlaíocht ó lucht Fíbín agus gach duine eile. Thaitin sé go mór liom.