Tomás Ó Sé ceaptha ina bhainisteoir ar fhoireann peile faoi 20 na Ríochta

Deimhníodh an ceapachán ag cruinniú de chuid bhord an chontae aréir agus Ó Sé tagtha i gcomharbacht ar fhear Gaeltachta eile, Declan O’Sullivan na Dromad

Tomás Ó Sé ceaptha ina bhainisteoir ar fhoireann peile faoi 20 na Ríochta

Tomás O Sé. Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne

Tá sé fógartha gurb é iarimreoir Chiarraí Tomás Ó Sé atá ceaptha ina bhainisteoir nua ar fhoireann peile faoi 20 na Ríochta.

Deimhníodh an ceapachán ag cruinniú de chuid bhord an chontae aréir agus Ó Sé tagtha i gcomharbacht ar fhear Gaeltachta eile, Declan O’Sullivan na Dromad.

Duine de chlann Uí Shé Ard an Bhóthair, bhuaigh Tomás cúig cinn de bhoinn uile-Éireann sna 15 bliain a chaith sé ag imirt le Ciarraí. Bhuaigh sé Craobh na Mumhan naoi n-uaire leis an gcontae, ghnóthaigh sé cúig ghradam All-Star agus roghnaíodh é mar Pheileadóir na Bliana in 2009.

Beidh laochra peile eile i measc na roghnóirí ag Ó Sé agus é fógartha go mbeidh beirt a d’imir leis le Ciarraí, Séamus Moynihan agus Bryan Sheehan, ar an bhfoireann bainistíochta leis. Ceithre chraobh uile-Éireann a bhuaigh Moynihan, é ina chaptaen in 2000, agus bhuaigh Sheehan cúig cinn eile i ngeansaí Chiarraí.

Beidh iarchathaoirleach Chiarraí agus Chomhairle na Mumhan, Seán Walsh as Maigh Mheáin, ina roghnóir ar fhoireann Chiarraí an bhliain seo chugainn freisin.

Is é seo an chéad uair ag Ó Sé ceannas a ghlacadh ar fhoireann idirchontae. Bhí sé ina roghnóir ar fhoireann shinsir peile Uíbh Fhailí i mbliana agus tuairim láidir ann gurbh é a gheobhadh ról an bhainisteora tar éis do John Maughan éirí as an gcúram le gairid ach chinn Ó Sé gan an post a lorg agus ar deireadh Ciarraíoch eile, Liam Kearns a ceapadh ina bhainisteoir.

Tá seal caite ag Ó Sé, atá ag múineadh agus ag cur faoi i gCorcaigh, le foirne ó chumann Ghleann Maghair sa chontae agus bhí sé tamaillín ina roghnóir ar fhoireann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh freisin.

Chaith deartháir Thomáis, Darragh, trí bliana i gceannas ar fhoireann faoi 21 Chiarraí idir 2013-2015. Bhí a uncail Páidí ina bhainisteoir ar an bhfoireann tráth freisin.

Bhuaigh Ciarraí Craobh Faoi 20 na Mumhan i mbliana agus Corcaigh buailte acu sa chluiche ceannais ach bhuaigh Tír Eoghain ar bhuachaillí na Ríochta i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Fág freagra ar 'Tomás Ó Sé ceaptha ina bhainisteoir ar fhoireann peile faoi 20 na Ríochta'