Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin: ‘Ollamh na dTéad’ agus cumadóir ‘a sháraigh an chruinne le céim’

Bhí meas i ngearr is i bhfad ar chumas ceoil Uí Cearbhalláin, fear a bhí siúlach scéalach

Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin: ‘Ollamh na dTéad’ agus cumadóir ‘a sháraigh an chruinne le céim’

Níltear ar aon fhocal faoi cén aois a bhí Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin nuair a d’imigh radharc na súl uaidh. Ar éigean a tháinig a chuid daille idir é agus a chumas ceoil cibé ar bith. Go deimhin, b’fhéidir gur cur leis a rinne sí seachas a mhalairt.

Deir Tomás Ó Máille go mbíodh sé ‘sínte siar ar an lios a bhí in aice leis, dá ghrianadh féin, ar feadh an lae, agus d’éiríodh sé scaití ina sheasamh de phreib agus bheireadh sé ar an gcláirsigh agus bhíodh fonn cumtha aige ar áit na mbonn’.

‘Ollamh na dTéad’ a thug an Dall Mac Cuarta air. Ba dheas uaidh an méid sin, go mór mór agus gan Cearbhallán a bheith chomh deas céanna leis-sean ná baol air, más fíor scéal. Is dócha go raibh baint áirithe ag an daille lena chuid neamhbhailbhe, áfach. Nuair a tugadh an bheirt acu isteach in aon seomra, ní raibh a fhios ag ceachtar acu gurb é an duine eile a bhí ann. Tar éis scaithimh, dúirt Cearbhallán, ‘Is tinn, bog, bréagach a sheinneas tú’. D’fhreagair Mac Cuarta ‘Is minic a bhíos an fhírinne féin searbh’.

Geal agus dubh iad ceol agus comórtas nach bhfuil dáimh ná dúchas acu lena chéile. Sa mhéid is gur fiú brobh é, más ea, ba é tuairim Uí Mháille gur ‘cosúil gurb é Cearbhallán an ceoltóir ab fhearr den bheirt’. Féach, áfach, go mbronntar na buanna go cothrom ar chách, óir ní raibh ‘goir ar bith’ ag Cearbhallán ‘ina fhile ar an bhfear eile’. Go deimhin, deir scoláirí gurbh é ceol Uí Chearbhalláin a thug a chuid filíochta chun foirfeachta.

Údar grinn is gáirí iad cuid de na scéalta eile a bhaineann le Cearbhallán agus le sáraíocht na bhfear. Deirtear, mar shampla, gur sheol an cumadóir Iodálach Francesco Geminiani dréacht ceoil chuig Cearbhallán, ach go ndearna an tIodálach na nótaí ceoil a mhilleadh in áiteanna chun Cearbhallán a thástáil.

Ní raibh aon áit dá ndearna Geminiani athrú ar an dréacht nár thug Cearbhallán faoi deara é agus nár cheartaigh é. ‘Tá an ceol sin go maith’, arsa Cearbhallán leis, ‘ach go bhfuil sé cos ar bacóig in áiteacha’. Mhéadaigh ar an meas a bhí ar Chearbhallán ina dhiaidh sin, i bhfad is i ngearr.

Scéal eile atá ann is ea an scéal gur chuir Cearbhallán geall le Geminiani go seinnfeadh sé ‘port ar an bport leis’, is é sin, nach seinnfeadh seisean port ar an veidhlín nach seinnfeadh sé féin ina dhiaidh ar an gcláirseach é. Chas Geminiani a chaoince agus chas Cearbhallán nóta ar nóta ina dhiaidh gur ghnóthaigh sé an geall.

Dá fheabhas é mar scéal, níl aon fhírinne ann óir níor casadh an bheirt ar a chéile riamh.

Is beag áit in Éirinn nach raibh siúlta aige i gcaitheamh a shaoil agus fáilte roimhe mar chumadóir i ngach áit díobh sin. Lá agus é amach sna blianta, bhraith sé lagar ag teacht air féin. Lig sé a scíth agus nuair a tháinig sé chuige féin, tharraing sé chuige a chláirseach agus chum ‘Mo shlán-sa dhuit, a cheoil’. Ba é an píosa ceoil deiridh a chum sé sula bhfuair sé bás.

Pé locht a fuair agus a fhaigheann scoláirí ar ionramháil na bhfocal aige ina chuid amhrán, ‘chuir an ceol slacht ar na focla’ (Ó Máille), rud a bhuanaigh a cháil i bhfad na haimsire.

Bhí an Dochtúir Patrick Delany, cara le Jonathan Swift, ar dhuine de na daoine a raibh aithne ag Cearbhallán orthu. Is mar gheall air sin a leagtar an t-amhrán An Breathnach ar Chearbhallán, amhrán atá ar fáil i gcnuasach Uí Mháille agus a bhaineann le hiníon Swift, a phós ‘an Máistir Walsh’. Is é is dóichí ná a mhalairt, áfach, gurb é an Dall Mac Cuarta a chum.

San amhrán céanna, cuirtear ‘fáilte is fiche’ roimh lánúin agus roimh a leanbh nuabheirthe, ‘leanbh fionn-bán deas fáinneach’, a bhfuil ‘sáith ríogh na Fraince’ ann ‘le sgéimh’:

‘Go gcumhdaigh Rí na nGrásta mac na míosa duit,

Go dtigidh aois is fás dó le bárr maise is méid’.

Mura bhfuil focail a chuid amhrán ar bhéala na ndaoine ar nós mar atá amhráin Raiftearaí, tá an Ghaeilge imithe as contae Ros Comáin agus contae Liatroma le píosa fada, murab ionann agus contae Mhaigh Eo is contae na Gaillimhe. Lena chois sin, ní léir gur chás le Cearbhallán cruatan agus anró na ndaoine, ainneoin gur bhochtán é féin. D’fhágfadh an méid sin, más fíor é, nach mbeadh fonn ar mhórán daoine sa Ghaeltacht a chuid amhrán a rá inniu.

Ina dhiaidh sin is uile, fiú mura mairfidh na focail, mairfidh an ceol, agus tá éileamh i gcónaí ar chnuasach breá Chaitríona Rowsome, The Complete Carolan Songs and Airs – Arranged for the Irish Harp. Is breá an Ghaeilge atá ann, agus is iontach iad na foinn chun duine a shuaimhniú.

_______________________________________________

Cnuasach Uí Mháille: https://archive.org/details/arinearallinpoem17caro/page/n9

Fág freagra ar 'Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin: ‘Ollamh na dTéad’ agus cumadóir ‘a sháraigh an chruinne le céim’'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Ba bhreá liom an píosa seo… ach an féidir liom ceistín a chur: cad is brí don abairt “cos ar bhacóig” agus conas a bhfuil baint aige le cúrsaí ceoil? GRMMA :-)

  • Derry O'Sullivan

    Alt saibhir,spreagúil!