TOGHCHÁN WESTMINSTER: Treánionsaí á dhéanamh ar dhá shuíochán de chuid an DUP i mBéal Feirste

Beidh dianchoimhlint i dtoghcheantair áirithe i dtoghchán Westminster na míosa seo chugainn. Caitear súil sa tsraith seo ar na toghcheantair imeallacha is cinniúnaí. An babhta seo Béal Feirste Thoir agus Béal Feirste Thuaidh atá faoi chaibidil

TOGHCHÁN WESTMINSTER: Treánionsaí á dhéanamh ar dhá shuíochán de chuid an DUP i mBéal Feirste

Dhá shuíochán as na ceithre cinn i mBéal Feirste a bhí ag aontachtaithe ó 2015, agus na suíocháin sin ag an DUP. Bhí Nigel Dodds ina fheisire Parlaiminte i mBéal Feirste Thuaidh ó 2001 agus in 2015 thóg Gavin Robinson suíochán an pháirtí i mBéal Feirste Thoir ‘ar ais’ ó Naomi Long, Alliance, a bhí ina feisire ar feadh téarma amháin. Is iad Dodds agus Robinson rogha na coitiantachta arís ach ní féidir le ceachtar acu talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá leo.

Béal Feirste Thoir

An ‘athimirt’ atáthar ag glaoch ar an gcomórtas in oirthear Bhéal Feirste. Is idir Gavin Robinson an DUP agus Naomi Long, Alliance, atá ina ceannaire ar a páirtí anois, atá sé. Athrú stairiúil ab ea é nuair a fuair Long an ceann is fearr ar cheannaire an DUP, an Chéad-Aire ag an am, Peter Robinson ina dhúnáras in 2010.

Bhain an buille croitheadh chomh mór sin as an DUP gur ritheadh feachtas in aghaidh Long agus Alliance ar feadh na mblianta. Ba é an t-imeaglú le linn chonspóid na mbrataí buaic an fheachtais sin.

Thacaigh na páirtithe aontachtacha ar fad le Gavin Robinson sa toghchán in 2015 chun an ceann is fearr a fháil ar Naomi Long. Dá thoradh sin bhí méadú 16.5% ar vóta an DUP: fuair Gavin Robinson 19,575 vóta. Ach bhí ardú 5.6% ar vóta Long freisin, go 16,978 vóta. D’fhág sin móramh de 2,597 ag Robinson. I dtoghchán an Tionóil sa Mhárta i mbliana fuair an DUP agus Alliance araon dhá shuíochán agus an cúigiú ceann ag an UUP. Bhí an DUP 2,498 vóta chun tosaigh ar Alliance.

Níl margadh idir aontachtaigh ann don toghchán seo, áfach. Tá iarrthóir nach bhfuil iomrá uirthi, Hazel Legge, san iomaíocht don UUP a raibh breis is 5,000 vóta acu sa Mhárta. Bhí os cionn 2,500 vóta ag an PUP agus níl siadsan sa rás. Fuair Long tacaíocht ó chuid de na vótóirí sin in 2010 agus tá sí á bhfiach arís, go háirithe i measc daoine atá in aghaidh an Bhreatimeachta. Vótáil 51.4% in oirthear Bhéal Feirste i bhfabhar imeacht as an Aontas Eorpach. Fágann sin go bhfuil líon suntasach daoine sa cheantar in aghaidh an Bhreatimeachta agus bheadh tionchar mór acu dá dtogróidís vótáil dá réir.

Chomh maith le Robinson, Long agus Legge, tá cúigear eile ag seasamh, Bobby Beck, neamhspleách, Sheila Bodel, Caomhach, Séamus de Faoite ón SDLP, Georgina Milne ón gComhaontas Glas agus Mairéad O’Donnell, Sinn Féin.

Béal Feirste Thuaidh

Murab ionann agus oirthear Bhéal Feirste tá margadh aontachtach déanta i mBéal Feirste Thuaidh agus Nigel Dodds an DUP ina chadhain aonair in aghaidh ionsaí diongbháilte Shinn Féin. Sheas an UUP, PUP, TUV agus na Caomhaigh i leataobh ar mhaithe le Dodds, leascheannaire an DUP, féirín arbh fhiú suas le 5,000 vóta é má thagann na vótóirí aontachtacha amach.

Tá Sinn Féin agus a n-iarrthóir siúd, Gerry Kelly, ar a ndícheall ag iarraidh an suíochán a bhaint de Dodds le dhá bhliain déag anuas. An t-am seo tá súil acu gur cleas cinniúnach é roghnú a n-iarrthóra nua, John Finucane, mac leis an dlíodóir Pat, a maraíodh i gceann de na hionsaithe ba mhó míchlú agus conspóid sna Trioblóidí.

Tá Sinn Féin ag iarraidh leas a bhaint as an gcóir ghaoithe a bhí leo i dtoghchán an Tionóil sa Mhárta agus súil acu go meallfaidh an dlíodóir, Finucane, vótaí nach bhfaigheadh Gerry Kelly ón meán-aicme náisiúnach. Maítear go bhfuil seans ag John Finucane ar thacaíocht thrasphobail i ngeall ar a chúlra measctha féin ach go bhféadfadh gur snámh in aghaidh easa a bheadh ann.

San olltoghchán in 2015, agus tacaíocht uile-aontachtach aige, fuair Nigel Dodds 19,096 vóta, méadú de 7% ón toghchán roimhe. Fuair Gerry Kelly, Sinn Fein 13,770 vóta. I dtoghchán an Tionóil i mbliana, nuair a bhí méadú ar an tinreamh náisiúnach fuair náisiúnaithe trí shuíochán as na cúig cinn – dhá cheann ag Sinn Féin agus ceann ag an SDLP. Chaill an DUP suíochán sa toghchán céanna, rud a d’fhág i dtaobh le péire iad ach bhí siad 1,105 vóta chun tosaigh ar Shinn Féin. 13,309 vóta a bhí ag an DUP, 12,204 a bhí ag Sinn Féin agus 5,431 vóta a bhí ag an SDLP.

Bhí 4,471 vóta ag an UUP agus PUP le chéile agus chaithfí a chur san áireamh go bhfaigheadh Dodds an chuid is mó díobh sin. Ar an lámh eile, níl aithne mhór ar Martin McAuley iarrthóir an SDLP, ar Sam Nelson Alliance ná ar Malachi O’Hara ón gComhaontas Glas. Bhí gar do 9,000 vóta ag na trí pháirtí sin le chéile, ar páirtithe frith-Bhreatimeachta iad go léir, atá an-mhíshásta le seasamh an DUP ar an gceist chorrach sin. Sa mullach air sin bhí 1,559 vóta ag Pobal Roimh Bhrabach sa Mhárta agus níl iarrthóir acu an babhta seo. Ceaptar go bhfaighidh Finucane cuid de na vótaí sin. Tá Gemma Weir ó Pháirtí na nOibrithe san iomaíocht freisin, ach ní raibh aici ach 248 vóta sa Mhárta.

Idir Dodds agus Sinn Féin a bheidh sé. Chaithfeadh Finucane cor neamhchoitianta ar fad a chur sa scéal chun an bhearna 5,000 vóta a dhruidim agus an bua a fháil. Ní dócha é, cé nach bhfuil sé dodhéanta.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN WESTMINSTER: Treánionsaí á dhéanamh ar dhá shuíochán de chuid an DUP i mBéal Feirste'