TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Trí thoghcheantar cois locha

Agus an toghchán ó thuaidh ag teannadh linn caitear súil sa tsraith seo ar na toghcheantair ar fad – Aontroim Theas, Gleann an Lagáin agus An Bhanna Uachtair atá faoi chaibidil inniu againn

4/2/2010 Stormont in Northern Ireland. Pictured is Stormont, home of the Northern Ireland Assembly. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá ceithre dhuine dhéag san iomaíocht in Aontroim Theas. Tá triúr iartheachta de chuid an DUP ag cosaint a dtrí shuíochán, triúr ón UUP ag iarraidh cur leis an suíochán amháin a bhí acu, ceannaire an Alliance, an tAire Cirt David Ford ag cosaint a shuíocháin agus cathaoirleach náisiúnta Shinn Féin ag cosaint an tsuíocháin a bhí ag an gceann comhairle, Mitchel McLaughlin, atá éirithe as.

Síneann an toghcheantar ó Dhroichead Thuama soir timpeall chúinne thoir thuaidh Loch nEathach go Baile Aontroma, ó dheas uaidh sin go Baile na Manach agus soir fán tír go Baile an Chláir. Tá réimse fairsing tuaithe sa cheantar chomh maith le haerfort Aldergrove agus sciar maith de chrios comaitéireachta Bhéal Feirste.

69,680 atá ar chlár na dtoghthóirí. Ceantar láidir aontachtach é. Bhí an suíochán Parlaiminte ag an UUP ar feadh na mblianta ach bhain Willie McCrea ón DUP é in 2005 agus choinnigh go dtí anuraidh nuair a fuair Danny Kinahan an UUP an ceann is fearr air. Cruthúnas ar aiséirí an UUP ab ea caithréim Kinahan, dar le Mike Nesbitt, ceannaire an pháirtí. Maíonn sé go bhfuil an chóir ghaoithe leo agus go dtoghfar an dara teachta Tionóil an babhta seo; dá dtoghfaí, is é an DUP a bheadh thíos leis, is cosúil.

Toghchán an Tionóil 2011

3383

Ní raibh trí chuóta ag an DUP in 2011 agus bhí an t-ádh ar Pam Cameron an tríú suíochán a bhuachan ón SDLP. Ceaptar go mbeidh a comhghleacaithe Paul Girvan agus Trevor Clarke slán ach go mbeidh sise faoi bhrú ón UUP a raibh breis is dhá chuóta acu anuraidh. Comhthoghadh Adrian Cochrane-Watson ó eite choimeádach an UUP mar theachta nuair a d’imigh Kinahan go Westminster; ba cheart go mbeadh an lá leis Déardaoin agus le duine dá chomhiarrthóirí, an comhairleoir Paul Michael ón eite liobrálach den pháirtí agus Steve Aiken iarcheannfort ar fhomhuireán núicléach i gcabhlach na Breataine.

Ceaptar go gcoinneoidh Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin an suíochán a bhí ag Mitchel McLaughlin ó 2007 – sheas Kearney don olltoghchán anuraidh agus chruthaigh sé go maith. Beifear ag faire ar vóta Róisín Lynch an SDLP féachaint an bhfuil téarnamh i ndán dóibh faoi cheannaire nua – bhí 10.6% acu in 2011. An uair dheiridh a raibh suíocháin ag Sinn Féin agus SDLP in Aontroim Theas bhí 27% den vóta acu eatarthu – thit sé go 25% in 2011 agus go 21% anuraidh ach seans gur thug náisiúnaithe vóta teaicticiúil don UUP san olltoghchán chun an DUP a chniogadh. Mar sin, ní féidir Lynch a chur as an áireamh don séú suíochán má thagann na vótóirí amach. Déantar talamh slán de nach baol do David Ford ón Alliance a gceaptar faoi go n-éireoidh sé as ceannaireacht a pháirtí go luath. Tá iarrthóirí ag an TUV, UKIP, na Tóraithe agus An Comhaontas Glas, agus tá neamhspleách freisin ann.

Toghchán an Tionóil 2011

12317

Olltoghchán 2015

10993

Gleann an Lagáin

16 atá san iomaíocht do na sé shuíochán. Tá ceathrar iartheachtaí an DUP ag cosaint ceithre shuíochán agus tá iarrthóir amháin ón Alliance ag cosaint a shuíocháin. Ba é Basil McCrea an séú teachta ón toghcheantar – toghadh é don UUP ach d’fhág sé an páirtí. Tá an UUP ag iarraidh an suíochán sin a fháil ar ais agus ceann sa bhreis a gnóthú.

Is é Lios na gCearrbhach príomhionad an toghcheantair a shíneann siar go Baile an Doire Íochtair ar Loch nEathach agus ó dheas go dtí an Droim Mór, Contae an Dúin. Is sa toghcheantar atá príosún Mhaigh gCabraí, ceannáras Arm na Breataine i mbeairic Thiepval, ceannáras rialtas na Breataine i gCaisleán Chromghlinne agus suíomh na H-Bhlocanna sa Cheis Fhada.

73,746 atá ar chlár na dtoghthóirí. Toghcheantar mór aontachtach é. ’Sé Jeffrey Donaldson, an feisire Parlaiminte ó 1997, nuair a toghadh don UUP é. D’fhan móramh mór de na vótóirí dílis dó nuair a d’aistrigh sé go dtí an DUP. Bhí an t-ádh ar an DUP an ceathrú suíochán a fháil an uair dheiridh agus ba bhuntáiste dóibh drochbhainistiú an UUP ar a vóta-san.

4531

Is iad Edwin Poots, Jonathan Craig, Paul Givan agus Brenda Hale iartheachtaí an DUP. Ag Brenda Hale a bhí an vóta ab ísle den cheathrar agus tá dúil ag an UUP sa suíochán sin chomh maith leis an gceann a bhí ag Basil McCrea. Tá McCrea, bunaitheoir NI21, páirtí a thit as a chéile, éirithe as an bpolaitíocht ar chúinsí pearsanta. ’Siad Jenny Palmer agus an comhairleoir Robbie Butler iarrthóirí an UUP. Bheadh blas ar an díoltas ag Palmer dá n-éireodh léi suíochán a bhaint den DUP; d’fhág sise an páirtí sin tar éis conspóid phoiblí nuair a chuir sí bulaíocht i leith an DUP. Ba cheart go bhfaigheadh an UUP suíochán amháin (ceann McCrea) gan stró ach is dúshlán ollmhór é an dara ceann. Áirítear go gcoinneoidh Trevor Lunn, Alliance, a shuíochán. Tá An Comhaontas Glas, Sinn Féin, an SDLP, an Lucht Oibre neamhspleách, Daonlathas Chun Tosaigh, neamhspleách, an TUV, UKIP agus Coimeádach ag seasamh.

Seans gur 4,1,1 a bheidh ann arís ach le naonúr aontachtach sa rás d’fhéadfadh gurb é éifeacht scaipeadh na vótaí ná go mbeadh trí cinn ag an DUP, suíochán amháin ag an UUP, ceann ag Alliance agus an DUP, TUV, UKIP agus Pat Catney ón SDLP ag streachailt don séú suíochán.

Toghcán an Tionóil 2011

18854

Olltoghchán 2015

19055

An Bhanna Uachtair

Seacht nduine dhéag atá san iomaíocht. Tá beirt ón DUP ag cosaint dhá shuíochán, triúr ón UUP ag iarraidh cur leis an dá shuíochán a bhí acu, beirt ó Shinn Féin ag cosaint suíocháin agus ag iarraidh suíochán a bhaint den SDLP atá faoi bhrú acu ó 2003.

Síneann an toghcheantar i bhfoirm triantáin ó Loch nEathach theas go Droichead na Banna. Is ann atá ceanncheathrú an Oird Oráistigh, ceantair atá luaite le hachrann faoi pharáidí – Port an Dúnáin agus Droim Crí agus is ann a tharla cuid de mhóreachtraí foréigin na dTrioblóidí.

85,204 atá ar chlár na dtoghthóirí, méadú 7,000 ó 2011 agus 5,000 ó anuraidh.

’Sé David Simpson DUP an feisire Parlaiminte ó 2005 nuair a bhain sé an suíochán de David Trimble, ceannaire an UUP ag an am. In 2011 fuair an DUP agus an UUP araon dhá shuíochán le líon níos lú vótaí ná mar a bhí ag Sinn Féin a fuair suíochán amháin. Bhí an séú suíochán ag SDLP.

Toghchán an Tionóil 2011

2271

Is fiú scrúdú níos géire a dhéanamh ar an uimhríocht in 2011. Bhí John O’Dowd, Sinn Féin, ar cheann an chomhairimh le 15.7% de na vótaí, pointe amháin os cionn an chuóta. Bhí an dara hiarrthóir de chuid Shinn Féin 33 vóta chun tosaigh ar Dolores Kelly ach theip air agus choinnigh sise suíochán an SDLP. Rinne an dá pháirtí aontachtacha bainistiú níos fearr ná Sinn Féin ar a vótaí agus toghadh Sydney Anderson agus Stephen Moutray don DUP agus Sam Gardner agus Jo Anne Dobson don UUP.

Níl Moutray ná Gardner san iomaíocht an uair seo ach chaithfeadh méadú mór a theacht ar an tinreamh náisiúnach chun deis a thabhairt do Shinn Féin nó an SDLP suíochán a bhaint d’aontachtach. Bhí an tinreamh náisiúnach an-íseal anuraidh agus an tinreamh aontachtach méadaithe. Má tá John O’Dowd agus Catherine Seeley chun an dara suíochán a bhuachan do Shinn Féin is ó Dolores Kelly an  SDLP a thógfar é mura gcuirtear cuid mhór le líon na vótóirí náisiúnacha. Tá naonúr eile san iomaíocht ach is ar an gceithre pháirtí a raibh teachtaí acu atá aird.

Toghchán an Tionóil 2011

11499

Olltoghchán 2015

15430

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN TIONÓIL 2016: Trí thoghcheantar cois locha'