Toghchán an Údaráis, cúrsaí pleanála agus neart eile ar chlár Choiste Gaeilge an Oireachtais…

Is é an sprioc is mó atá ag Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais d’obair an choiste i mbliana ná go mbeadh an reachtaíocht a thabharfaidh toghchán Údarás na Gaeltachta ar ais rite roimh dheireadh na bliana. Beidh a chéad chruinniú poiblí i mbliana ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tráthnóna […]

Toghchán an Údaráis, cúrsaí pleanála agus neart eile ar chlár Choiste Gaeilge an Oireachtais…

Is é an sprioc is mó atá ag Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais d’obair an choiste i mbliana ná go mbeadh an reachtaíocht a thabharfaidh toghchán Údarás na Gaeltachta ar ais rite roimh dheireadh na bliana.

Beidh a chéad chruinniú poiblí i mbliana ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tráthnóna nuair a thiocfaidh Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, agus Cathaoirleach nua bhord TG4, Anna Ní Ghallachair, go Teach Laighean chun na dúshláin atá ann don stáisiún a phlé.

Beidh an coiste gnóthach go maith sna míonna amach romhainn agus Aire Stáit nua na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, agus an tAire Tithíochta Darragh O’Brien i measc na bpolaiteoirí atá le teacht os a chomhair idir seo agus an Cháisc.

Tá suas le sé thuarascáil faoi ábhair éagsúla – cúrsaí foilsitheoireachta i nGaeilge, dualgais teanga na nGardaí agus ceist na ndíolúintí Gaeilge ina measc – le foilsiú freisin.

Ach deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, gurb í an reachtaíocht a bhaineann leis an Údarás an chloch is mó ar a phaidrín.

Mar a rinneadh leis an reachtaíocht don Acht Teanga leasaithe, déanfaidh Coiste na Gaeilge grinnscrúdú ar an mbille atá le tabhairt isteach ag an Rialtas chun toghchán do bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Táthar ag iarraidh go reáchtálfaí an toghchán nuair a bheidh toghchán na hEorpa ann in 2024, rud a chiallaíonn go gcaithfear an reachtaíocht a bheith achtaithe faoi earrach na bliana seo chugainn.

“I mo thuairim féin, ba chóir dúinn an obair a dhéanamh chomh luath agus is féidir agus chomh tapa agus is féidir chun gur féidir an bille a rith roimh dheireadh na bliana ionas go mbeidh toghchán ann ag an am céanna le toghchán na hEorpa,” a deir Ó Snodaigh.

Tá an Teachta de chuid Shinn Féin ag moladh go gcuirfí cuid den obair eile a bhí beartaithe ag an gcoiste siar go dtí go mbeidh an obair reachtaíochta críochnaithe.

“Tá orm é seo a phlé leis an choiste ach bheadh mise ag moladh an chuid is mó den stuif a bhí ann a chur ar leataobh ionas gur féidir díriú ar an mbille seo. Roinnt den stuif eile, tá sé tábhachtach ach níl sé chomh tromchúiseach le ceist na dtoghchán agus ní bheifeá á gcur ar leataobh ach ar feadh tréimhse ghearr ar aon nós.”

Tá Coiste na Gaeilge fós ag fanacht ar chead a fháil ó Roinn na Gaeltachta tabhairt faoin ngrinnscrúdú ar an mbille.

Tá Ó Snodaigh ag súil le hAire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, a thabhairt os comhair an choiste go luath chun cúrsaí maidir leis an Údarás a phlé.

Deir Ó Snodaigh freisin go bhfuil teagmháil déanta ag an gcoiste leis an Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, atá le teacht os comhair an choiste chun na treoirlínte pleanála nua don Ghaeltacht, atá le foilsiú roimh an gCáisc, a phlé.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh go dtabharfaí cuireadh chuig Teach Laighean freisin don Choimisinéir Teanga nua nuair a cheapfar an té atá le teacht in áit Rónáin Uí Dhomhnaill. Dúirt Ó Snodaigh go raibh an coiste fós ag iarraidh go dtiocfadh Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, os a gcomhair chun buiséad a roinne a phlé.

Tá cruinniú amháin eile le bheith ag an gcoiste faoi cheist fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge agus súil ag Ó Snodaigh go mbeidh tuarascáil bunaithe ar na cruinnithe go léir a reáchtáladh ar an ábhar á fhoilsiú roimh dheireadh mhí Feabhra.

Tá tuarascáil le foilsiú freisin faoi chinneadh an Aire Dlí agus Cirt deireadh a chur leis an riachtanas a bhí ann go mbeadh Gaeilge ag sáirsintí agus cigirí sa Gharda Síochána. Cuireadh deireadh leis an riachtanas in 2021 ach dúirt Coimisinéir na nGardaí nárbh é mian na heagraíochta fáil réidh leis agus rinne Coiste na Gaeilge cáineadh anuraidh ar theip na Roinne Dlí agus Cirt míniú a thabhairt maidir le deireadh a chur leis an riachtanas teanga.

Tá críoch á cur le dhá thuarascáil eile de chuid an Choiste a bhaineann le cúrsaí oideachais, ceann a bhaineann le múineadh na Gaeilge in iarbhunscoileanna Béarla agus ceann eile a phléann le ceist na ndíolúintí ón nGaeilge.

Tá tuarascálacha le foilsiú freisin ar an sárú dlí atá á dhéanamh maidir le logainmneacha Béarla a bheith in úsáid ag An Post do cheantair Ghaeltachta agus maidir leis an tionchar a bheidh ag an gcomhaontú trádála CETA, idir an tAontas Eorpach agus Ceanada, ar ghnóthaí Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Toghchán an Údaráis, cúrsaí pleanála agus neart eile ar chlár Choiste Gaeilge an Oireachtais…'