Níor ‘bréagnaíodh’ an tuairim gur meon ‘frith-Ghaeilge’ amháin ba chúis le cinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge sna Gardaí

Deir an Teachta Dála Aindrias Moynihan bhfuil súil aige nach meon frith-Ghaeilge amháin a bhí taobh thiar de chinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge sna Gardaí ach nár bréagnaíodh an tuairim sin ag cruinniú an lae inné

Níor ‘bréagnaíodh’ an tuairim gur meon ‘frith-Ghaeilge’ amháin ba chúis le cinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge sna Gardaí

Tá cáineadh déanta ar theip na Roinne Dlí agus Cirt aon mhíniú a thabhairt maidir le cinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge a bhíodh i bhfeidhm ag an nGarda Síochána.

Bhí ionadaithe ón nGarda Síochána, ón Roinn Dlí agus Cirt agus ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i láthair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inné chun plé a dhéanamh ar an gcinneadh fáil réidh leis an riachtanas teanga do sháirsintí agus cigirí.

Mhair an cruinniú breis is dhá uair an chloig ach, mar sin féin, is beag soiléiriú a tugadh maidir le cé a mhol fáil réidh leis an riachtanas agus cén t-údar a bhí leis an athrú.

D’fhiafraigh an Teachta Dála Aindrias Moynihan de na toscaireachtaí ag an gcruinniú an raibh an moladh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge bunaithe ar aon taighde, ach ní raibh na hionadaithe in ann aon fhreagra a sholáthar.

“Tá gach cosúlacht air nach raibh aon taighde ann mar ní rabhadar in ann tagairt a dhéanamh d’aon taighde a bhain le ceist na n-arduithe céime,” a dúirt Moynihan le Tuairisc i ndiaidh an chruinnithe. “Ní rabhadar in ann míniú a thabhairt ar canathaobh a mbeadh a leithéid de rud á dhéanamh.”

Dúirt Donncha O’Sullivan, Leas-Ardrúnaí sa Roinn Dlí & Cirt, go raibh “an-chuid taighde” déanta mar chuid den athbhreithniú ar na rialacháin faoi arduithe céime sna Gardaí ach ghéill sé nach raibh aon “anailís an-mhór ar cheist na teanga san áireamh”. Ní dúirt sé cén anailís go díreach a bhí i gceist.

Thagair an Teachta Dála Catherine Connolly freisin don easpa taighde a bhí ar fáil nuair a rinneadh an moladh.

“Ba chóir go mbeadh gach cinneadh bunaithe ar thaighde. Níor chuala mise aon tagairt inniu do thaighde d’aon saghas maidir leis na cinntí atá déanta, ón Roinn Dlí agus Cirt ná ó na Gardaí. Tá taighde thar a bheith tábhachtach,” a dúirt Connolly.

Theip ar ionadaithe freisin a rá cé acu a mhol ar dtús go bhfaighfí réidh leis an riachtanas Gaeilge d’arduithe céime sna Gardaí.

Tost a lean ceist an Teachta Dála Pa Daly nuair a d’fhiafraigh sé an raibh duine ar bith sa seomra a bhí in ann a rá cé a mhol é seo ar dtús.

“Is léir go raibh na Gardaí in ann a rá gur léirigh siad nach raibh athrú uathu ach ní raibh éinne eile in ann a rá an raibh an t-athrú uathu nó nach raibh,” a dúirt Moynihan. “Cheapfá go mbeadh sé sin soiléir acu, go háirithe agus iad ag teacht isteach chuig cruinniú chun an t-ábhar a phlé? Go mbeadh a leithéid d’eolas ar fáil acu?”

Dúirt Donncha O’Sullivan, Rúnaí Cúnta sa Roinn Dlí agus Cirt, gur cinneadh rialtais a bhí sa chinneadh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge, cé gur ghéill sé nach raibh eolas aige ar aon duine a mheas gur bac a bhí sa riachtanas do dhaoine a bhí ag iarraidh ardú céime a bhaint amach.

Dúirt Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, Shirley Comerford, freisin nár lorg siadsan aon athrú ar na riachtanas.

Dúirt an Aindrias Moynihan go raibh súil aige nach meon frithGhaeilge a bhí taobh thiar den chinneadh fáil réidh leis an riachtanas ach nár bréagnaíodh an tuairim sin ag an gcruinniú.

“An cheist a chuireas ná an raibh taighde nó tuairim nó claonadh ag duine éigin [a mhíneodh an cinneadh] agus tá sé soiléir nach raibh aon taighde ann,” arsa an Teachta de chuid Fhianna Fáil.

Dúirt Moynihan go raibh an chuma ar an scéal go ndearnadh cinneadh an córas a athrú gan suntas ar bith a thabhairt don tionchar a bheadh ag an athrú sin ar an nGaeilge.

“Bhí sé ina n-aigne acu athruithe éigin a thabhairt isteach, bíodh sé sin ag teacht salach ar chúrsaí teanga nó ná bíodh. Ní dóigh liom go raibh tuiscint ná suim ann.”

Fág freagra ar 'Níor ‘bréagnaíodh’ an tuairim gur meon ‘frith-Ghaeilge’ amháin ba chúis le cinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge sna Gardaí'

  • Antóin

    Mugadh magadh.

    Níor lorg na Gardaí aon athrú ar na rialacha. Dúirt Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, Shirley Comerford, freisin nár lorg siadsan aon athrú ar na riachtanas. Dar le Rúnaí Cúnta sa Roinn Dlí agus Cirt nach raibh an cinneadh bunaithe ar thaighde ná ar “anailís an-mhór” ar cheist na teanga. An gciallaíonn sé sin go raibh sé bunaithe ar anailís mhór nó ar anailís de shórt ar bith mar sin?

    Cinneadh rialtais a bhí ann dar leis. Ach cé a mhol don rialtas an t-athrú a dhéanamh?

    Iarr ar an Rúnaí Cúnta sa Roinn Dlí agus Cirt teacht ar ais os comhair Choiste Oireachtas na Gaeilge agus an freagra sin aige.

  • Antóin

    “Dúirt Donncha O’Sullivan, Leas-Ardrúnaí sa Roinn Dlí & Cirt”
    agus “Dúirt Donncha O’Sullivan, Rúnaí Cúnta sa Roinn Dlí agus Cirt”