TOGHCHÁN 2020Brennan Fhianna Fáil le Ross a chur dá bhuille i mBaile Átha Cliath Ráth an Dúin

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020Brennan Fhianna Fáil le Ross a chur dá bhuille i mBaile Átha Cliath Ráth an Dúin

Dáilcheantar: Baile Átha Cliath Ráth an Dúin

Líon na suíochán: 3

Cuóta mar % den vóta: 25%

Leagan amach an dáilcheantair: Ceantar taobh ó dheas den chathair ag síneadh i dtreo Dhún Laoghaire, ina bhfuil Dún Droma, Baile an Teampaill, Cnoc Mhuirfean, Baile an tSaoir, Baile an Mhuilinn, Cluain Sceach agus Stigh Lorgan

Teachtaí Dála an 32ú Dáil atá ag seasamh: Shane Ross (NS), Josepha Madigan (FG) agus Catherine Martin (CG)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 10 17
Fine Gael 31 27
Lucht Oibre 10 10
Sinn Féin 7 3
Glas 10 19
Eile Clé 0 3
NS 32 21

Anailís: As an triúr a bhí ina dTeachtaí Dála sa 32ú Dáil atá ag seasamh is féidir le Catherine Martin (CG) agus an tAire Josepha Madigan (FG) a bheith réasúnta cinnte go gcoinneoidh siad na suíocháin ach beidh brú ar an Aire Shane Ross (NS). Tá béas sa gceantar seo a bheith ag baint na gcos d’airí rialtais; chaill Alex White (LO) agus Alan Shatter (FG) in 2016.

In ainneoin go bhfuil borradh faoi thacaíocht Shinn Féin sna pobalbhreitheanna a foilsíodh le deireanas, tá tacaíocht Shinn Féin sa dáilcheantar seo an-íseal.

Ní bheidh Sorcha Nic Cormaic san iomaíocht. Bhí sí ag bun an liosta i gceantar Dhún Droma sna toghcháin áitiúla, agus gan aici ach 297 vóta céadrogha. Bhí beagnach a dhá oiread an méid sin vótaí ag Eoghan Ó Ceannabháin (PrB), cainteoir breá Gaeilge agus mac le Peadar Ó Ceannabháin as Cill Chiaráin i gConamara agus é ag seasamh sa gceantar céanna mí Bealtaine seo caite.

Fuair iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Lettie McCarthy (LO) 2,269 vóta sna toghcháin áitiúla agus seans maith go mbeidh sí in ann é sin a dhúbailt. Ní léir go mbeidh mórán vótaí aistrithe le fáil aici, gan ach cuóta amháin ag Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre an-íseal sna pobalbhreitheanna.

Beidh suíochán amháin ar a laghad ag Fine Gael, Josepha Madigan (FG) agus má roinntear na vótaí go cothrom idir í agus a comhghleacaí, an Seanadóir Neale Richmond (FG), d’fhéadfadh go mbeadh Fine Gael san iomaíocht le haghaidh dhá shuíochán.

Seans maith go mbeidh Catherine Martin (CG), leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, ar bharr an chomhairimh agus vótaí le spáráil aici. Fuair iarrthóirí na nGlasach 19% sna toghcháin áitiúla. Anuas air sin, tá cruthaithe go maith ag Martin (CG) ar na meáin le linn an fheachtais, í ag caint go stuama i dtaobh theachtaireacht na nGlasach agus ar an ngá práinneach le gníomh misniúil ón rialtas. Is cainteoir maith Gaeilge í, a labhair go paiseanta ina gcéad óráid sa Dáil faoin mbaol go gcaillfear teanga bheo na Gaeltachta.

Idir an tAire Shane Ross (NS), an Seanadóir Neale Richmond (FG) agus an Comhairleoir Shay Brennan (FF), mac le Séamus Brennan, a bheidh an tríú suíochán. Toghadh Brennan (FF) do cheantar Dhún Droma sna toghcháin áitiúla le 1,487 vóta. Tá tacaíocht Fhianna Fáil ar comhchéim le tacaíocht Fhine Gael sna pobalbhreitheanna i measc na meánaicme agus is ceantar meánaicmeach é seo. Tá an Comhairleoir Deirdre Conroy (FF) ar an ticéad le Shay Brennan (FF). Is ar Chomhairle Cathrach Átha Cliath a toghadh Conroy anuraidh agus ní ar Chomhairle Dhún Laoghaire – Ráth an Dúin, an chomhairle a bhíonn ag freastal ar an gceantar seo. Má aistrítear go leor vótaí idir an bheirt iarrthóirí de chuid Fhianna Fáil d’fhéadfadh Brennan (FF) an suíochán a sciobadh ón Aire Shane Ross (NS).

Beidh go leor ag brath ar an mbealach a n-aistreoidh vótaí ón eite chlé, go speisialta vóta iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre. Má tá Richmond (FG) fós sa rás nuair a chuirtear McCarthy (LO) as an áireamh, beidh an buntáiste ag Richmond (FG). Sa gcás go bhfágtar Richmond (FG) gann ar vótaí aistrithe beidh an buntáiste ag Brennan (FF) agus d’fhéadfadh sé an tríú suíochán a bhaint.

Tá Liam Coughlan ag seasamh le haghaidh Aontú agus tá Patrick Noonan (NS) ag seasamh chomh maith.

Tuar: Martin (CG), Madigan (FG) agus Brennan (FF)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020Brennan Fhianna Fáil le Ross a chur dá bhuille i mBaile Átha Cliath Ráth an Dúin'