TOGHCHÁN 2020: Seans maith ag Fianna Fáil ar an dara suíochán i Longfort – An Iarmhí

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: Seans maith ag Fianna Fáil ar an dara suíochán i Longfort – An Iarmhí

Dáilcheantar: Longfort–An Iarmhí

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair: Contae an Longfoirt ar fad agus an chuid is mó de contae na hIarmhí, seachas cuid d’iarthar an chontae atá sa Mhí Thiar. Baile Átha Luain, Longfort agus an Muileann gCearr na bailte móra sa dáilcheantar seo

Teachtaí Dála an 32ú Dáil atá ag seasamh: Robert Troy (FF),  Kevin ‘Boxer’ Moran (NS) agus Peter Burke (FG). Tá Willie Penrose (LO) ag éirí as

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 (an dá dháilcheantar curtha le chéile), agus i dtoghcháin áitiúla 2019 (an dá chontae curtha le chéile)

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 28.2 35
Fine Gael 23.8 29
Lucht Oibre 8.7 6
Sinn Féin 9.5 6
C Glas 2 2
Clé 1 1
Eile 27 21

Anailís: Lean an comhaireamh sa dáilcheantar seo ar aghaidh ar feadh cúig lá in 2016 agus dhá vóta ag an 14ú comhaireamh a shocraigh go bhfanfadh Willie Penrose (LO) sa rás agus go ndíbreofaí James Bannon (FG). Bhí Paul Hogan (SF) chun tosaigh orthu beirt agus dá mba é Penrose (LO) seachas Bannon (FG) a cuireadh as an áireamh seans maith gurbh é fear Shinn Féin agus ní hé fear Pháirtí an Lucht Oibre a bheadh ag ceiliúradh.

Alan Mangan (LO), iar-imreoir peile leis an Iarmhí, atá ag súil le suíochán Penrose a choinneáil do Pháirtí an Lucht Oibre ach níl seans na ngrást aige.

Is féidir a bheith réasúnta cinnte go dtoghfar Robert Troy (FF), as ceantar an Mhuilinn Chearr, agus seans go mbeidh sé ar bharr an chomhairimh agus gan ach é féin ag Fianna Fáil i gcontae na hIarmhí. Tá an Comhairleoir Joe Flaherty (FF) as Longfort, a bhí ar bharr an chomhairimh le 1,053 vóta sna toghcháin áitiúla, ag seasamh in éindí le Troy. Tá an-seans aige ar shuíochán.

Sciob Kevin ‘Boxer’ Moran (NS) suíochán ó Fhine Gael in 2016 agus d’imir sí a chuid cártaí go cliste sa mhargaíocht tar éis an toghcháin nuair a fuair sé an post a bhí uaidh mar aire stáit, post a d’fhág go raibh buiséad aige le caitheamh ar chosaint bailte ar nós Bhaile Átha Luain ó thuilte. Ní dhéanfaidh sé aon dochar dó ach oiread nach bhfuil aon iarrthóir ó Bhaile Átha Luain ag Fianna Fáil.  Ceaptar go gcoinneoidh sé a shuíochán gan stró. 

Tá Fine Gael cinnte de shuíochán amháin agus gach seans gur ag Peter Burke (FG) a bheas sé. Buntáiste mór dó nach bhfuil an t-iarTheachta Dála Willie Penrose san iomaíocht an babhta seo. Níor chruthaigh an Seanadóir Gabrielle McFadden (FG) rómhaith sa toghchán in 2016 agus gan aici ach 2,834 vóta. Nuair a cuireadh as an áireamh í aistríodh 25% dá vóta chuig ‘Boxer’ Moran in ainneoin beirt iarrthóirí eile a bheith fós san iomaíocht ag Fine Gael.

An bealach atá pobalbhreitheanna ag dul, beidh sé deacair ar Fhine Gael an dara suíochán a fháil. Má fhaigheann siad é is i Longfort a bheas sé, áit a bhfuil an Comhairleoir Michael Carrigy (FG) lonnaithe.  Fuair sé 1,183 vóta sna toghcháin áitiúla mí Bealtaine seo caite. 

Fuair Sinn Féin 10% den vóta in 2016, agus bhí an chuma air go n-éireodh le Paul Hogan (SF) suíochán a fháil. Dá mbeadh Hogan san iomaíocht arís do Shinn Féin gach seans go ndéanfadh sé an beart dóibh ach tá sé imithe uathu. Ina áit tá Sorcha Clarke (SF) as an Muileann gCearr ag seasamh. Ní bhfuair sí ach 511 sna toghcháin áitiúla. Ach agus an ghaoth i seolta Sinn Féin, d’fhéadfadh sí a bheith san iomaíocht ag an deireadh le Fine Gael agus le Fianna Fáil don cheathrú suíochán.

Ag seasamh do Chomhaontas Glas tá an Comhairleoir Louise Heavin (CG) as Baile Átha Luain a toghadh ar Chomhairle Chontae na hIarmhí anuraidh le 593 vóta. Níl mórán bá i lár na tíre le polasaithe Chomhaontas Glas.

I measc na n-iarrthóirí eile atá san iomaíocht tá iarbhall d’Fhine Gael Frank Kilbride (NS) as Longfort.  Ní bhfuair Kilbride ach 280 vóta sna toghcháin áitiúla anuraidh agus geansaí Fhine Gael á chaitheamh aige.  Chomh maith le Kilbride (NS) agus ‘Boxer’ Moran tá beirt neamhspleách eile san iomaíocht, Donal Jackson agus Anna Kavanagh. Tá Dom Parker agus Barbara Smyth ag seasamh do Phobal Roimh Bhrabús agus tá James Reynolds san iomaíocht don National Party.

Tuar: Troy (FF), Burke (FG), ‘Boxer’ Moran (NS) agus Flaherty (FF)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Seans maith ag Fianna Fáil ar an dara suíochán i Longfort – An Iarmhí'