TOGHCHÁN 2020: Déanfaidh na Glasaigh agus Fianna Fáil an beart an geábh seo i Baile Átha Cliath Theas-Lár

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: Déanfaidh na Glasaigh agus Fianna Fáil an beart an geábh seo i Baile Átha Cliath Theas-Lár

Dáilcheantar: Baile Átha Cliath Theas-Lár

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair: Ceantair cónaithe taobh ó dheas den Life amhail Baile Bhailcín, Baile Formaid, Inse Chór, Cromghlinn, Cill Maighneann, Cé na gCeannaithe, Camaigh, cuid de Tír an Iúir, Teach Mealóg agus Cluain Dolcáin

Teachtaí Dála an 32ú Dáil atá ag seasamh: Bríd Smith (PrB), Catherine Byrne (FG), Joan Collins (In4Ch), agus Aengus Ó Snodaigh (SF)

Staid na bpáirtithe in olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019* (%)
Fianna Fáil 12.7 14
Fine Gael 14.3 10
Lucht Oibre 7.7 10
Sinn Féin 23.3 13
Glas 3.3 18
Clé 30.4 22
Eile 8.4 13

* Trí cheantar toghchánaíochta curtha le chéile.

Anailís: Bhíodh an Lucht Oibre an-láidir sa dáilcheantar seo. Níl a thuilleadh. Fuair siad dhá shuíochán ann in 2011 le 35% den vóta ach thit an vóta go dtí 8% in 2016. Níl an chosúlacht air go bhfuil borradh ag teacht faoi thacaíocht pháirtí an Lucht Oibre. Fuair an Lucht Oibre 10% den vóta sna toghcháin áitiúla ach ní leor é sin le bheith san iomaíocht i ndáilcheantar ceithre shuíochán. Le seans a bheith aici ag an deireadh theastódh go mbeadh Rebecca Moynihan (LO) chun tosaigh ar Catherine Byrne (FG) agus aistriúchán maith a fháil uaithi. Seans maith gur a mhalairt a tharlóidh agus go mbeidh Catherine Byrne (FG) ag fáil na vótaí aistrithe ó Rebecca Moynihan (LO).

Is féidir a bheith réasúnta cinnte go dtoghfar Aengus Ó Snodaigh (SF) ar an gcéad chomhaireamh agus go mbeidh farasbarr aige le dáileadh ar iarrthóirí ón eite chlé. Dá mbeadh an dara hiarrthóir ar an ticéad d’fhéadfadh Sinn Féin an dara suíochán a fháisceadh as an dáilcheantar seo.

Tá beirt a bhí sa 32ú Dáil ón eite chlé ag seasamh sa dáilcheantar, Bríd Smith (PrB) agus Joan Collins (Ind4Ch). Tá gach cosúlacht ar an scéal nach mbeidh ach duine acu ag filleadh ar Theach Laighean. Níl mórán seans ann go dtoghfar an bheirt acu. Thóg Bríd Smith (PrB) an ceathrú suíochán in 2016 agus gan ach 35 vóta le spáráil aici ar Catherine Ardagh (FF).

Is iníon í an Seanadóir Catherine Ardagh (FF) le Seán Ardagh, a bhíodh ina Theachta Dála sa Dáilcheantar seo. Tá níos mó aithne uirthi anois sa dáilcheantar agus tá seans maith go dtoghfar í agus gurb é suíochán Catherine Byrne (FG) a thógfaidh sí.

Tá iarrthóir eile ar an eite chlé ag seasamh, an Comhairleoir Tara Deacy (DS), ó na Daonlathaigh Shóisialta. Fuair sí 1,196 vóta sna toghcháin áitiúla anuraidh. Níl mórán seans ann go dtógfaidh sí suíochán ach d’fhéadfadh a cuid vótaí aistrithe a bheith cinniúnach sa gcoimhlint idir Bríd Smith (PrB) agus Joan Collins (Ind4Ch).

Leis an mborradh atá faoin gComhaontas Glas i mBaile Átha Cliath, tá seans maith go bhfaighidh an Comhairleoir Patrick Costello (CG) suíochán. Ar bharr an chomhairimh a bhí sé anuraidh sna toghcháin áitiúla i gceantar Chamaigh-Ráth Maonais le 3,383 vóta, an tríú vóta ab airde sa gcathair. Bhí thart ar 18% den vóta ag iarrthóirí an Chomhaontais Ghlais sa dáilcheantar seo sna toghcháin áitiúla. Le tacaíocht mar sin is féidir a bheith réasúnta cinnte go dtoghfar Costello (CG).

Má bhíonn suíochán ag Ó Snodaigh (SF) agus ceann eile ag Patrick Costello (CG), beidh na hiarrthóirí seo a leanas san iomaíocht agus an dá shuíochán eile a líonadh: Catherine Ardagh (FF), Catherine Byrne (FG), Bríd Smith (PrB) agus Joan Collins (Ind4Ch). Seans maith nach mbeidh ach 1,000 vóta eatarthu sa gcéad chomhaireamh agus go mbeidh an toradh ag brath ar dháileadh aon fharasbarr a bheas ag Ó Snodaigh (SF) chomh maith le dáileadh na vótaí ag Tara Deacy (DS) agus Rebecca Moynihan (LO).

Bealach amháin nó bealach eile tá an chuma ar an scéal go gcaillfidh Fine Gael suíochán sa dáilcheantar seo agus gurb é Fianna Fáil a gheobhaidh ceann agus go mbeidh an Comhaontas Glas ag baint suíochán amháin den eite chlé. Ach cé acu den bheirt ón eite chlé a chaillfeas suíochán? Collins nó Smith? Cé go raibh 1,800 níos mó vótaí céadrogha ag Collins (Ind4Ch) ná mar a bhí ag Smith (PrB) in 2016, tá próifíl ard ag Bríd Smith (PrB) sna meáin a chabhróidh léi chun na vótaí aistrithe a fháil, rud a d’fhéadfadh an-difríocht a dhéanamh.

Ag seasamh chomh maith tá na hiarrthóirí neamhspleácha seo a leanas: Robert Foley (NS), Richard Murray (NS) agus tá ainm Seán O’Leary (NS) ar an bpáipéar ballóide anseo chomh maith. Tá Serina Irvine (NP) ag seasamh don Pháirtí Náisiúnta.

Tuar: Ó Snodaigh (SF), Costello (CG), Ardagh (FF), Smith (PrB)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Déanfaidh na Glasaigh agus Fianna Fáil an beart an geábh seo i Baile Átha Cliath Theas-Lár'