TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – an bhfuil tábhacht leis na díospóireachtaí?

Cad a cheapann ár bpainéal saineolaithe d’Olltoghchán 2020 faoi na díospóireachtaí a craoladh go dtí seo agus faoina bhfuil i ndán dúinn sna díospóireachtaí atá le teacht

TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – an bhfuil tábhacht leis na díospóireachtaí?

An mbeidh mórán tábhacht le díospóireacht na hoíche anocht?

Ceapaim go mbeidh. Tá díospóireacht mhaith faoi chúrsaí eacnamaíochta ar siúl anois. Tá brú ar na páirtithe figiúirí a fhoilsiú agus a mhíniú. Níl daoine ag glacadh go réidh le geallúintí. Sa phobalbhreith a rinne an The Business Post ag an deireadh seachtaine, dúirt 800 den 2,000 duine a bhí páirteach sa phobalbhreith nach raibh a n-intinn déanta suas acu faoi cé dó a thabharfaidís vóta. Ceapaim go mbeidh tionchar mór fós ag na díospóireachtaí atá le teacht. Beidh na céadta míle duine ag féachaint orthu agus deis ag na polaiteoirí dul i bhfeidhm orthu.

(Comhfhreagraí Polaitíochta leis The Business Post é Michael Brennan)

Sílim go mbeidh tionchar nach beag ag an dá dhíospóireacht atá fágtha ar an rogha atá le déanamh fós ag cuimse mhór vótóirí, agus toisc nach bhfuil tuairim ag duine ar bith cén cineál rialtais a bheidh ar chumas na gceannairí a bhunú tar éis an 8 Feabhra.

(Craoltóir agus iriseoir agus colúnaí le Tuairisc.ie é Cathal Mac Coille)

Ní shílim go mbeidh an oiread sin tábhachta leis na díospóireachtaí atá fágtha. Tá an oiread sin cloiste againn ó na páirtithe cheana féin. Anois d’fhéadfadh tábhacht áirithe a bheith leo má éiríonn leo imeacht ón ngnáthrud atá cloiste againn le cúpla seachtain agus má thugann siad, gan a bheith róshibhialta faoi, faoina chéile. Is trua gur chuir Brendan Howlin isteach ar Claire Byrne nuair a bhí sí ag fiafraí de Mary Lou faoin mbarántas a shíníonn baill an pháirtí. Tá sé suimiúil chomh maith an méid a bhí le rá ag Peadar Tóibín an tseachtain seo faoin smacht a bhíonn ag Ard-Chomhairle Shinn Féin ar an bpáirtí. Tabharfaidh sé armlón do Mhicheál Martin do dhíospóireacht na hoíche anocht. Ach oiread leis na díospóireachtaí, feachtas sách leamh a bhí ann go dtí seo. Tá go leor den fheachtas ag titim amach ar na meáin shóisialta.

(Craoltóir agus tráchtaire polaitíochta í Áine Ní Chiaráin)

Beidh tábhacht leo go cinnte. Go háirithe anois ós rud é go bhfuil Sinn Féin láidir, beidh na páirtithe eile ag déanamh ionsaithe orthu.

(Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Times é Harry McGee)

Is deacair a rá cén tábhacht a bhíonn leis na díospóireachtaí seo ach tá na páirtithe ar fad ag brath orthu le linn feachtas geimhridh lena dteachtaireacht a chraobhscaoileadh.

Tá sé cruthaithe ag lucht staidéir na polaitíochta gur sa tseachtain dheiridh a dhéanann go leor daoine suas a n-intinn. Ciallaíonn sin go mbeidh deis ag na páirtithe slacht níos fearr a chur ar a gcuid soiscéal idir seo agus an chuid eile de na díospóireachtaí.

(Craoltóir agus iriseoir le RTÉ RnaG agus colúnaí le Tuairisc.ie í Máirín Ní Ghadhra)

Cad é a cheap tú den dá dhíospóireacht go dtí seo?

Shíl mé go raibh an bua ag Leo Varadkar an tseachtain seo caite. Bhí an lámh in uachtar aige seachas nuair a cuireadh ceist air faoi úsáid drugaí. Bhí sé nó seacht soicind ann nuair nár dhúirt sé tada agus é ag smaoineamh ar an bhfreagra a thabharfadh sé ar an gceist. Sa dara díospóireacht, nuair a cuireadh ceist arís air faoina úsáid drugaí, rinne Leo tagairt ghreannmhar den mhoill a bhí air an cheist a fhreagairt an chéad oíche. Thaispeáin sé féith an ghrinn agus stíl mhaith díospóireachta.

Chuaigh an dá dhíospóireacht chun tairbhe do Shinn Féin ar chúiseanna éagsúla.

Sa chéad cheann, toisc nach raibh cead isteach ag Mary Lou McDonald agus gur tugadh deis do Leo Varadkar agus do Mhicheál Martin a páirtí a cháineadh go géar lena linn.

Sa dara díospóireacht, toisc go raibh sí ábalta a teacht i láthair láidir a úsáid agus ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael á lochtú go díreach aici. Rud eile a d’oir dá cás: níor cuireadh brú uirthi ceisteanna a fhreagairt faoin smacht atá ag ardchomhairle Shinn Féin ar ionadaithe tofa an pháirtí.

Ní dóigh liom gur chuir Mary Lou ná ceannaire ar bith ina luí ar mhórán vótóirí breise go bhfuil réiteach inchreidte acu ar an dá mhór-ábhar a chuireann imní orthu de réir gach pobalbhreithe: easpa tithíochta agus fadhbanna sa chóras sláinte.

Le bheith fírinneach faoi, sílim nach raibh aon bhuaiteoir sna díospóireachtaí go dtí seo, níor bhuail aon duine buille marfach ar aon duine eile agus bhí mé ag súil go dtarlódh sin. An deacracht eile a bheadh agam leo, níor fhoghlaim mé mórán nua ó na díospóireachtaí. Tuigim gur maith an rud é na ceannairí a chur os comhair an phobail ach ní raibh aon rud nua le foghlaim. Chomh maith leis sin, toisc go mbeidh na páirtithe móra uilig ag brath ar Chomhaontas Glas nó an Lucht Oibre le rialtas a chur le chéile ní raibh siad á n-ionsaí an oiread sin.

Tá sé deacair a mheas. Déarfainn go bhfuair Leo Varadkar an ceann is fearr ar Mhicheál Martin sa chéad díospóireacht cé go raibh deacrachtaí aige leis an gceist faoi úsáid cannabais. Cheap mé go raibh Leo Varadkar an-chantalach i ndíospóireacht RTÉ leis na ceannairí ar fad agus go raibh sé an-deacair seachtar a choinneáil faoi smacht. 

As an dá dhíospóireacht a craoladh go dtí seo bhain mé níos mó suilt as an díospóireacht ina raibh an seachtar páirteach. Pléadh cuid de na ceisteanna atá lárnach sa bhfeachtas go dtí seo. Bhí níos mó téagair leis an gcaint ná mar a bhí i dtroid na mbó maol idir Leo Varadkar agus Micheál Martin an tseachtain seo caite.  Bhain an chaint ar fad sna díospóireachtaí seo le seachtain anuas le hUachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald ó tharla nach bhfuair sí deis a bheith páirteach an tseachtain seo caite. Chruthaigh sí chomh maith Dé Luain agus a d’fhéadfaí san áit go raibh seachtar san iomaíocht. Bhí sí glórach agus ba léir go raibh ceannaire Fhianna Fáil, go háirithe, ag iarraidh a dúshlán a thabhairt. Beidh sí faoi bhrú leanúnach as seo amach faoi sheasamh an pháirtí i dtaobh na cúirte coiriúla speisialta agus tionchar na hArdchomhairle ar ionadaithe tofa Shinn Féin.

Cé atá ag cruthú go maith sna díospóireachtaí go dtí seo, nó cé nach bhfuil?


Ceapaim go raibh díospóireacht mhaith ag Mary Lou McDonald. Bhí sí ag caint faoi Tweedledum agus Tweedledee. Ní teachtaireacht nua í seo, bhí an méid sin á rá roimhe seo ag iarUachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, ach is í sin an teachtaireacht atá ag Sinn Féin – níl ag éirí le Fine Gael agus Fianna Fáil agus tá sé in am athrú a dhéanamh.

Níor shíl mé go raibh cur i láthair Eamon Ryan ná a chosaint ar chur chuige a pháirtí chomh héifeachtach sa díospóireacht mhór agus atá ar a chumas. Léirigh Leo Varadkar acmhainn grinn a cheileann sé go minic – mar shampla nuair a dúirt sé go ndéanfadh sé iarracht ceist faoi dhrugaí a fhreagairt ar an toirt.  Ní bhuaitear toghcháin mar gheall ar shéimhe, ach ní dhéanann sé dochar é a léiriú uaireanta.

Bhí oíche an-mhaith ag Richard Boyd Barrett sa dara díospóireacht. Tá sé éasca bá an phobail a fháil nuair atá tú ag rá rudaí a thaitníonn go mór leo agus nuair nach bhfuil aon seans go gcuirfí i bhfeidhm iad. Shíl mé nach ndearna Eamon Ryan chomh maith agus a shíl mé a dhéanfadh sé. Ní dóigh liom gur cuireadh é faoina oiread sin brú. Sílim gur idir ceannairí Fhianna Fáil, Fhine Gael agus Shinn Féin a bhí an troid, dá bhféadfaí troid a thabhairt uirthi.

Mary Lou McDonald agus Richard Boyd Barret a sheas amach sa darna díospóireacht.

Spéisiúil go leor, agus ainneoin a bhfuil á rá sna pobalbhreitheanna, chuaigh ceannaire an Lucht Oibre Brendan Howlin i bhfeidhm orm. Ba léir go bhfuil sé dáiríre faoi aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí sa tír ainneoin an scrios a rinne an tréimhse dheiridh i rialtas ar a pháirtí. An rud eile a chuaigh i bhfeidhm orm ná an tacaíocht i measc an lucht féachana do Richard Boyd Barrett go háirithe i leith na mbancanna agus lucht forbartha. Ar ndóigh bhí tithíocht lárnach sa díospóireacht agus fearg an lucht féachana follasach.

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – an bhfuil tábhacht leis na díospóireachtaí?'