TOGHCHÁN 2020: Ceathrar ag troid don dá shuíochán deiridh i gcontae Lú

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: Ceathrar ag troid don dá shuíochán deiridh i gcontae Lú

Dáilcheantar: Lú

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan amach an dáilcheantair: Contae Lú ar fad agus póca cois cósta ó dheas de Dhroichead Átha i gcontae na Mí.  Dhá bhaile mór ann, Dún Dealgan agus Droichead Átha

Teachtaí Dála ón 32ú Dáil atá ag seasamh: Imelda Munster (SF), Fergus O’Dowd (FG),  Peter Fitzpatrick (NS) agus Declan Breathnach (FF).  Gerry Adams (SF) éirithe as

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 18.5 20
Fine Gael 19.6 20
Lucht Oibre 9.1 8
Sinn Féin 28.9 24
Glas 4.7 6
Clé 5.1 0
Eile 14.1 24

Anailís: Beidh an dáilcheantar seo ar cheann de na cinn is spéisiúla lá an chomhairimh. D’éirigh le Sinn Féin dhá shuíochán Dála as cúig cinn a fháil in 2016, nuair a fuair Imelda Munster (SF) an suíochán a bhí ag Gerard Nash (LO) le dul go Teach Laighean in éindí le hiarcheannaire an pháirtí Gerry Adams (SF). Tá dhá cheist mhór sa dáilcheantar seo. An mbeidh Sinn Féin in ann an dá shuíochán a choinneáil d’uireasa Adams? Agus an mbeidh Peter Fitzpatrick (NS), a toghadh d’Fhine Gael in ann a shuíochán a choinneáil mar neamhspleách?

Ag dul de réir na dtoghchán áitiúil, is i nDún Dealgan is mó atá na vótaí ag Sinn Féin, agus is as an mbaile sin Ruairí Ó Murchú (SF) atá ar an ticéad le Imelda Munster (SF) as Droichead Átha.  Fuair iarrthóirí Shinn Féin beagnach 6,400 vóta sna toghcháin áitiúla i nDún Dealgan anuraidh. Más féidir le Ruairí Ó Murchú (SF) 1,000 eile a cur leis an vóta sin beidh suíochán aige.

Beidh suíochán amháin ag Fianna Fáil agus tá an chuma ar an scéal gur ag Declan Breathnach (FF), as Dún Dealgan a bheas sé. Ag bailiú vótaí dó i nDroichead Átha beidh an comhairleoir James Byrne (FF), a fuair 797 vóta sna toghcháin áitiúla.

Beidh suíochán amháin ag Fine Gael agus seans maith gur ag Fergus O’Dowd (FG) a bheas sé. Ag seasamh leis tá an Comhairleoir John McGahon (FG), nia leis an iarTheachta Dála de chuid Fhine Gael, Brendan McGahon. Toghadh McGahon (FG) ar an gComhairle Contae sa Bhealtaine seo caite le 763 vóta. Thart ar Dhún Dealgan is mó atá a chuid tacaíochta.

Ag seasamh do Chomhaontas Glas tá Mark Dearey (CG) as Dún Dealgan, a toghadh ar an gComhairle Contae in 2014. Ní raibh sé san iomaíocht sa Bhealtaine seo caite, ach bhí 3,187 vóta aige san olltoghchán in 2016. Theastódh uaidh an vóta sin a dhúbailt le bheith san iomaíocht ag deireadh an chomhairimh.

Ní raibh ach 346 vóta idir an Seanadóir Ged Nash (LO) agus Peter Fitzpatrick (NS) don suíochán deireanach in 2016. D’éirigh Fitzpatrick as Fine Gael mar gheall ar thacaíocht an pháirtí don leasú ar an mbunreacht a cheadaigh ginmhilleadh agus tá sé i mbaol a shuíochán a chailliúint.  Coinneoidh vótaí aistrithe ó John McGahon (FG) sa rás é. 

Is as Droichead Átha do Ged Nash (LO), áit a bhfuil Páirtí an Lucht Oibre níos láidre ná Sinn Féin. Sna toghcháin áitiúla anuraidh fuair an Lucht Oibre beagnach 800 vóta níos mó i nDroichead Átha ná mar a bhí ag Sinn Féin. Ar an gcaoi sin d’fhéadfadh Ged Nash (LO) a bheith chun tosaigh ar Imelda Munster (SF) agus suíochán a fháil roimpi. In 2016 bhí iarrthóir eile ó Pháirtí an Lucht Oibre ar an ticéad le Nash (LO) ach is beag maitheas a rinne sí dhó, mar níor aistríodh ach 26% dá vóta chuige, ráta aistrithe fíor-íseal idir beirt as an bpáirtí céanna.

Ag glacadh leis go mbeidh suíochán ag Ó Murchú (SF), Fergus O’Dowd (FG) agus Declan Breathnach (FF), beidh dhá shuíochán le líonadh ag deireadh an chomhairimh. Fágtha san iomaíocht beidh beirt as Droichead Átha – Nash (LO) agus Munster (SF) – agus  beirt as Dún Dealgan – Dearey (CG) agus Peter Fitzpatrick (NS). Mar go mbíonn na vótaí aistrithe sa dáilcheantar seo ag brath go mór ar chúrsaí tíreolaíochta, chomh maith le dílseacht páirtí, beidh go leor ag brath ar cén duine is ísle den cheathrar ag an bpointe sin. Más é Dearey (CG) atá ann tabharfaidh sé buntáiste do Nash (LO) seachas don bheirt eile. Nuair a cuireadh Dearey (CG) as an áireamh in 2016 fuair Nash (LO) a thrí oiread níos mó vótaí aistrithe ó Deary (CG) ná mar a fuair Munster (SF).

Ar an gcaoi sin bheadh an buntáiste ag iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre.  Fágann sin go mbeidh an cúigiú suíochán idir Munster (SF) agus Fitzpatrick (NS). Leis an tacaíocht atá ag Sinn Féin sna pobalbhreitheanna, seans maith gur le Munster (SF) a bheas an lá.

D’éirigh le hiarrthóir ó Phobal Roimh Bhrabús, Gareth Weldon (PBP/Neart le Chéile) 3,462 vóta a fháil sa toghchán in 2016, ach níl sé ag seasamh an babhta seo. Ina áit tá Audrey Fergus (PrB).  Níl aon iarrthóir ag na Daonlathaigh Shóisialta.  Tá Cathal Ó Murchú ag seasamh don Irish Freedom Party agus tá Eamonn Sweeney ag seasamh do Renua. Chomh maith le Peter Fitzpatrick (NS) tá triúr iarrthóirí neamhspleácha eile san iomaíocht, Tobanga Bird (NS), David Bradley (NS) agus Albert Byrne (NS).

Tuar: Ó Murchú (SF), O’Dowd (FG), Breathnach (FF), Nash (LO) agus Munster (SF)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Ceathrar ag troid don dá shuíochán deiridh i gcontae Lú'