Tithe tábhairne Gaeltachta ainmnithe ar na cinn is fearr sa tír

Bhain trí cinn de thithe tábhairne Gaeltachta áit amach ar liosta an 20 ceann is fearr in Éirinn ag Lonely Planet

Tithe tábhairne Gaeltachta ainmnithe ar na cinn is fearr sa tír

Tá trí cinn de thithe tábhairne Gaeltachta ainmnithe ar liosta de na tithe tábhairne is fearr sa tír ag treoirleabhar taistil aitheanta.

D’fhoilsigh Lonely Planet liosta den 20 teach tábhairne is fearr in Éirinn agus bhí gnóthaí aitheanta Gaeltachta ar an liosta chomh maith le leithéidí The Gravediggers agus The Cobblestone i mBaile Átha Cliath agus Tigh Neachtain i gcathair na Gaillimhe.

Is i nGaeltacht Dhún na nGall atá péire de na tithe tábhairne a roghnaíodh. Tugadh ardmholadh do na seisiúin cheoil i dTeach Hiúdaí Beag i nGaoth Dobhair agus luaitear gurb í an Ghaeilge príomhtheanga an tí. Moladh do dhaoine oíche a chaitheamh ar lóistín sa teach ósta agus dul ag siúl ar thránna áille an cheantair an mhaidin dár gcionn.

Ó dheas ar an Charraig a bhí an teach tábhairne eile i nDún na nGall atá ar liosta Lonely Planet. Dúradh go raibh bia mara den scoth ar fáil sa Rusty Mackerel atá suite gar d’Aillte Shliabh Liag. Dúradh go raibh ceol maith le fáil ansin freisin agus moladh cuairt a thabhairt ar an Chlachán, ionad oidhreachta Ghleann Cholm Cille agus Málainn Bhig sa cheantar sin.

Is i gCorca Dhuibhne atá an teach tábhairne Gaeltachta eile a bhain áit ar an liosta aitheanta seo agus cé go bhfuil neart pubanna cáiliúla i mbaile an Daingin, is é Tigh Dick Mack a roghnaigh Lonely Planet. Dúradh nach raibh a shárú le fáil sa Daingean agus moladh an ghrúdlann a bunaíodh sa teach tábhairne cúig bliana ó shin agus ar féidir cuairt a thabhairt uirthi.

Is féidir liosta iomlán na dtithe tábhairne a fheiceáil ar shuíomh Lonely Planet anseo.

Fág freagra ar 'Tithe tábhairne Gaeltachta ainmnithe ar na cinn is fearr sa tír'