Tionscnamh Fuisce Gaeltachta le dul chuig an mBord Pleanála

Tá tuilleadh moille ar Phlean 5 Bliana Iorras Aithneach

Tionscnamh Fuisce Gaeltachta le dul chuig an mBord Pleanála

Tá céim eile le láimhsiú san iarracht leis an bPlean Forbartha cúig bliana d’Iorras Aithneach i nGaeltacht iarthar Chonamara a chur chun cinn.  Cuireadh dhá aighneacht chuig an mBord Pleanála an tseachtain seo caite in aghaidh an cheadúnais pleanála a thug Comhairle Chontae na Gaillimhe le haghaidh drioglann, ionad do chuairteoirí agus seirbhísí eile a thógáil i gCarna.

Thug Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála le haghaidh an Ionaid seo an mhí seo caite.  Is é Joe Connolly, an t-iománaí cáiliúil a bhí ina chaptaen ar Ghaillimh nuair a bhuadar craobh na hÉireann i 1980, agus a mhac, Barry Connolly, atá i mbun an tionscnaimh seo agus tugadh síos dó go bhféadfadh infheistíocht €20 milliún a bheith i gceist ann.  Meastar go bhféadfaí na scórtha post a chur ar fáil sa bpobal de bharr na forbartha seo.

Dúirt Joe Connolly i gCarna an tseachtain seo caite go rabhthas leagtha ar a dhul i mbun forbartha ar an suíomh i dtús 2024, ach ní raibh an scéal faighte an uair sin go raibh aighneachtaí curtha chuig an mBord Pleanála.

Ciallaíonn na haighneachtaí seo atá curtha chuig an mBord Pleanála nach mbeidh aon chinnteacht ann faoina bhfuil i ndán don drioglann, agus na háiseanna eile go ceann roinnt míonna, ar a laghad.  Caithfear scrúdú agus iniúchadh a dhéanamh ar an iarratas pleanála a bhaineann leis anois arís.

Tá na haighneachtaí chuig an mBord Pleanála curtha isteach ag duine aonair agus ag eagraíocht – Áine Ní Cheannabháin as Cill Chiaráin agus Friends of the Irish Environment a bhfuil seoladh acu i gContae Chorcaí.

Dúirt Joe Connolly inné go dtuigeann siad go bhfuil sé de cheart ag chuile shaoránach, agus ag eagraíochtaí, achainí a dhéanamh chuig an mBord Pleanála agus go gcaithfear fanacht go mbeidh an scrúdú sin thart.  Ach tá siad féin dóchasach, a deir Joe Connolly, go bhfuil plean maith acu a bhfuil béim mhór ann ar chosaint na timpeallachta.

“Ag an tráth seo, táimid leagtha ar an bhforbairt seo a thabhairt chun críche, ach ar ndóigh, braitheann sin ar an gcinneadh a thiocfaidh ón mBord Pleanála,” arsa Joe Connolly.

‘Fuisce an Chnoic Bhuí’ an t-ainm tráchtála atá ceaptha le bheith ar fhuisce seo na gConghaileach agus tuigtear go bhfuil suim ag infheisteoirí i Meiriceá agus in áiteacha eile sa tionscnamh.   Tá an Cnoc Buí suite leath bealaigh idir sráidbhaile Charna agus baile fearainn Ghlinsce ar an taobh ó thuaidh.  Thabharfadh an tIonad Oidhreachta a bheadh ina chuid den tionscnaimh eolas agus léargas ar stair agus ar chultúr Chonamara.

Tá Ionad mhuintir Chonnolly ar cheann de na crainnte taca don Phlean Cúig Bliana a seoladh in 2018 d’Iorras Aithneach – ceantar Charna agus Chill Chiaráin.

Dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe don iarratas ar thionscnamh Pháirc na Mara i gCill Chiaráin roimhe seo agus sheas an Bord Pleanála leis an gcinneadh sin roinnt míonna ó shin.  Cé go bhfuil sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad ag bualadh faoin iarracht sin aríst, ceaptar  go mbeidh sé cuid mhaith de bhliain sula mbeidh iarratas nua pleanála réitithe.    Ní fheictear do mhórán duine ar bith – fiú agus dá mbeadh na húdaráis phleanála fabhrach do Pháirc na Mara ar an dara hiarraidh – go mbeadh daoine ag dul isteach agus amach ag obair ansin go ceann cúig bliana, ar a laghad.

Cé go bhfuil roinnt moille ag baint le tús na hoibre ar Chéim a 2 den fhorbairt ag Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i sráidbhaile Charna, sé an t-aon cheann é de na mórfhorbairtí a bhain leis an bPlean Cúig bhliana, atá ag dul ar aghaidh.  Tá béim curtha sa phlean ar fhostaíocht i dtionscal na turasóireachta chomh maith le tábhacht chultúrtha agus shóisialta na háite. Tá cead iomlán pleanála ar fáil ar an suíomh, sa gcás sin.

Ceapadh amach an Plean Forbartha Cúig Bliana d’Iorras Aithneach de bharr an lagan eacnamaíochta agus sóisialta atá tarlaithe i gceantar Charna agus Chill Chiaráin – ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír de réir na bhfigiúirí Daonáirimh.  Tá an laghdú ar an líon gasúr bunscoile sa gceantar le deich mbliana fichead ina dhíol suntais –   340 i dtús na 1990idí agus é sin laghdaithe go dtí 136 anois.    I measc na 15 toghroinn is measa sa tír atá buailte ag an dífhostaíocht atá toghroinn Scainimh in Iorras Aithneach, mar a bhfuil ráta dífhostaíochta 34%.

Fág freagra ar 'Tionscnamh Fuisce Gaeltachta le dul chuig an mBord Pleanála'

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Fuisce an Chnoic Bhuí’ mar ainm tráchtála? Ní shamhlaím go mbeadh mórán Ponncánaigh ná Éireannaigh in ann é sin a rá! Ginideach Gaeilge i gcorp an lae inniu ar dheoch? ‘Cnoc Buí’ b’fhéidir nó ‘Stuff Buí’ nó ‘Boy’ fiú….”T’rom gloine Boy boy”…