Tiománaí an leoraí inar aimsíodh 39 corp i Sasana ainmnithe

Mo Robinson is ainm don Éireannach 25 bliain d’aois a bhí ag tiomáint an leoraí a chreidtear anois a tháinig i dtír in Purfleet in Essex

Tiománaí an leoraí inar aimsíodh 39 corp i Sasana ainmnithe

Tá tiománaí an leoraí inar aimsíodh 39 corp i Sasana ar maidin ainmnithe.

Mo Robinson is ainm don Éireannach 25 bliain d’aois arb as ceantar Phort an Dúnáin in Ard Mhacha dó.

Tá Robinson á choinneáil agus á cheistiú maidir le fiosrúchán dúnmharaithe.

Tá sé deimhnithe anois ag na póilíní gur in Purfleet in Essex a tháinig an leoraí i dtír agus gur maidin inniu ag leathuair tar éis an mheán oíche a tháinig sé isteach ó Zeebrugge na Beilge.

Tuairiscítear chomh maith gur le bean as Éirinn an leoraí atá cláraithe sa Bhulgáir.

Roinn gnóthaí eachtracha na Bulgáire a thug an méid sin le fios.

Thug na póilíní le fios roimhe seo gur tháinig an leoraí, ar thángthas air i bpáirc tionsclaíochta in Essex ag leathuair tar éis a haon ar maidin, i dtír Dé Sathairn in Caergybi (Holyhead), an calafort sa Bhreatain Bheag a dhéanann freastal ar bháid farantóireachta go hÉirinn.

Dúirt an Taoiseach sa Dáil níos túisce go ndéanfaí aon “fhiosrúcháin is gá” dá dtarlódh sé go bhfaighfí amach gur thaistil an leoraí trí Éirinn, ach tuairiscítear anois go bhfuil na húdaráis abhus sásta nár tugadh na daoine sa leoraí trí Éirinn.

Cuireadh tús le fiosrúchán dúnmharaithe i Sasana nuair a aimsíodh go moch maidin inniu 39 corp i leoraí i bpáirc tionsclaíochta in Essex.

Tá tiománaí an leoraí, fear 25 bliain d’aois as Tuaisceart Éireann, gafa ag na póilíní.

38 duine fásta agus déagóir amháin atá i gceist agus ón mBulgáir an leoraí, cé go meastar nach raibh sé sa tír sin le roinnt blianta anuas.

Tá an láthair in Waterglade Industrial Park in Grays in Essex dúnta ag na póilíní.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go raibh “uafás” air faoin “tragóid”.

Dúirt Richard Burnett, príomhfheidhmeannach an Road Haulage Association i Sasana gur léiriú an tubaiste seo ar an gcontúirt a bhaineann le buíonta coirpeach a bheith ag “smuigleáil daoine ar leoraithe”.

Ní fios go fóill cad as do na daoine a fuair bás.

Thagair an Taoiseach sa Dáil don tragóid.

“Is dóigh liom go bhfuil an uile dhuine sa Teach seo ag smaoineamh ar na mairbh agus ar a muintir.

“Is tragóid dhaonna uafásach atá ann agus déanfaimid gach fiosrúchán is gá má dhearbhaítear go ndeachaigh an leoraí trí Éirinn,” a dúirt Leo Varadkar.

Fág freagra ar 'Tiománaí an leoraí inar aimsíodh 39 corp i Sasana ainmnithe'