Tine ar Thoraigh á fhiosrú ag na Gardaí

Damáiste mhór déanta do chaifé a bhí druidte le bliain

Toraigh-ón-aer3

Tá Gardaí an Bhuna Bhig i nGaoth Dobhair ag fiosrú tine i gCaifé an Chreagáin ar Oileán Thoraí aréir.

Rinneadh damáiste mhór don chaifé, a bhí druidte le bliain. Níl ach caifé amháin ar an oiléan, agus Óstán amháin fosta.   Tuigtear gur tharla an tine am inteacht roimh a 10 aréir agus rinne aonad dóiteáin Thoraí iarracht an tine a chur as, ach rinneadh go leor dochar don fhoirgneamh. Ar an Bhaile Thiar atá an Caifé suite, agus é i mbun gnó le os cionn 20 bliain.

Chuaigh Gardaí isteach go Toraigh ar ingearán inniu le fiosrúchán a dheanamh ar an oileán agus le scruduithe fóiréinseacha a dhéanamh fá cad é ba chúis leis an tine.

Bhí an caifé le hathoscailt an samhradh seo do shéasúr na turasóireachta. Thart ar 120 duine a chónaíonn ar an oileán atá 8 míle ó thír mhór.