Timpeall an bhoird, le Eugene McCabe Margot agus an comhluadar, bhíodh chuile ní faoin spéir á phlé

Tríocha bliain ó shin a foilsíodh Death and Nightingales, beifear fós á léamh faoi cheann céad bliain

Timpeall an bhoird, le Eugene McCabe Margot agus an comhluadar, bhíodh chuile ní faoin spéir á phlé

Oscailt an Tyrone Guthrie Centre in Eanach Mhic Dheirg i samhradh na bliana 1981 a bhí ann. Tharla rud iontach, agus ba nóiméad speisialta a bhí ann nuair a chroith Garret FitzGerald agus Charlie Haughey lámh lena chéile, díreach i lár an fheachtais olltoghchánaíochta – sul má bhí deis ag na grianghrafadóirí an nóiméad a bhuanú. Ach nuair a iarradh air lámh a chroitheadh arís, dhiúltaigh FitzGerald.

Bhí Brian Friel ina sheasamh ar chéimeanna tosaigh an tí agus thug sé óráid ghearr, ag rá gur cheart d’ealaíontóirí teacht chuig an teach ní hamháin le hoibriú ann ach freisin lena scíth a ligean agus leis an saol a thógáil go réidh.

An tráthnóna céanna, níos deireanaí, bhí mé i mo sheasamh i halla an tseantí in éindí le Friel agus Eugene McCabe le linn dóibh a bheith ag labhairt faoi Tyrone Guthrie agus an tionchar a bhí aige orthu. Níor mhar a chéile é, a dúirt Eugene, théis do Guthrie bás a fháil. Mar scríbhneoir, mhothaigh sé uaidh é mar léitheoir, ag éisteacht lena chuid moltaí. Bhí meas aige ar thuairim Guthrie seachas duine ar bith eile. Chlaon Friel a cheann ag aontú leis agus dúirt sé gur mhothaigh seisean amhlaidh.

Níos deireanaí, d’fhiafraigh mé de Eugene tuilleadh a inseacht dhom faoinar dhúirt sé le Friel. Bhí nós faoi leith, a dúirt sé, ag Guthrie breathnú go grinn ort agus é ag fiafraí díot céard air a raibh tú ag obair. Agus chuimhníodh sé ar chuile ní beo a déarfá leis agus cheistíodh sé arís thú ina dtaobh an chéad uair eile a chasfaí ort é. Agus bhraithfeá nach raibh aon rud eile níos tábhachtaí sa saol dósan ná do shaothar scríbhneoireachta.

Cé go bhféadfadh Friel a bheith achrannach agus borb scaití, bhí Eugene McCabe níos réchúisí, an-oscailte le daoine, cainteach is ag baint spraoi as an saol. Bhí sé ar bhord stiúrtha Eanach Mhic Dheirg sna laethanta luatha. Cúpla uair le linn dom a bheith ag fanacht ann sna 1980idí thug sé féin agus a bhean chéile, Margot, cuireadh do roinnt againn teacht ón teach mór sin chuig a theach féin, é cuid mhaith níos lú, ar an taobh eile de Chluain Eois.

Teach feirme Seoirseach a ndearnadh athchóiriú iontach air ab ea ‘Dromard’, teach McCabe, é lonnaithe ar chnoc beag an-ghar don teorainn. Bhí seomra bia fada ann le fuinneog mhór ag breathnú ó thuaidh. Timpeall an bhoird sin, le Eugene, Margot agus an comhluadar bhíodh chuile ní faoin spéir á phlé. Bhí siad thar a bheith leathanaigeanta agus fiosrach, cliste agus greannmhar.

Ach bhíodh dhá scamall fhada dhorcha ar foluain os cionn an chomhrá a bhíodh timpeall an bhoird sna hoícheanta sin. Ceann acu ab ea an Tuaisceart, agus an ceann eile ná nach raibh Eugene ag scríobh tada. Agus bhínn ag iarraidh a dhéanamh amach scaití an raibh baint ag an dá rud lena chéile.

Faoin am sin, bhí an dráma cáiliúil King of the Castle, a léiríodh ar stáitse den chéad uair i 1964, scríofa aige. Agus i lár na 1970idí d’fhoilsigh sé nóibhille agus cnuasach gearrscéalta ar cóiríodh cuid acu le taispeáint ar RTÉ. Bhí sé freisin ar dhuine de scríbhneoirí The Riordans, an sobaldráma lonnaithe ar fheirm, a chraoltaí oícheanta Domhnaigh. B’fheilméara é Eugene chomh maith le bheith ina scríbhneoir agus bhí beithígh bhainne aige.

Ceann de na fadhbanna a bhaineann le cóiriú ábhair don teilifís ná gur féidir béim a chur ar an bplota agus ar na charachtair i bpíosa ficsin. Go hiondúil bíonn sé sin togha, ach má tá an an ficsean ag brath ar a stíl agus ar a thon féin, mar a bhíonn i gcás fhicsean Eugene, d’fhéadfadh cuid mhór dul amú. Is sárshaothair iad trí cinn de na scéalta ar a laghad in Heritage (1976): an príomhscéal féin, ‘Heritage’; scéal a dtugtar ‘Cancer’ air; agus scéal eile a léim arís agus arís eile, dar teideal ‘Music at Annahullion’.

Tá na scéalta seo suite i dtírdhreach atá docht, do-bhogtha, do-mhaiteach agus atá lán de thost agus rúin, seanspiteanna agus fuath a théann go smior. Tá ‘Music at Annahullion’ suite ar ghabháltas beag ina bhfuil beirt deartháireacha agus a ndeirfiúr ina gcónaí go míshocair in áit a bhfuil an chuma air gur tharla rud eicínt tamall roimhe sin. Tá stíl réidh shoiléir an scéil breac ballach le síorathruithe rithime agus le nóiméid de thabhairt faoi deara atá searbh, gonta ach, le máistreacht réim teanga, a ndéantar fíoráilleacht thobann díobh.

Tá na scéalta sin suite sa tírdhreach céanna a mbíodh muid ag breathnú amach air ón seomra bia sin. Más é Cluain Eois an baile mór is cóngaraí do ‘Dromard’, is í Inis Ceithleann an phríomhchathair. Ach shéid arm na Breataine Droichead Lackey, an droichead a bhí in aice tigh Eugene agus a mharcáil an teorainn, agus níorbh fhurasta tiomáint go hInis Ceithleann dá bharr.

Lá amháin sa mbliain 1986 dúirt mé le Eugene go raibh sé de rún agam dul ag déanamh tuairisce ar shochraid saighdiúir páirtaimsearach de chuid an UDR ar chaith an IRA é le linn dó a bheith ag obair ar a fheirm gar don teorainn. Bhí a mhac óg in éineacht leis. Bhí eolas ag Eugene ar an áit ar tharla sé agus ar ainm an teaghlaigh. Agus bhí a fhios aige freisin, mar go raibh sé sna páipéir, gur thrasnaigh na dúnmharfóirí an teorainn go dtí an Deisceart ag áit a bhí an-ghar do Dhroichead Lackey.

Chiallaigh na Trioblóidí nach mbeadh aon chaidreamh nádúrtha ann níos mó idir comharsana ar chaon taobh na teorann idir Muineachán agus Fear Manach. Bhíodh teannas laethúil ann de bharr fheachtas an IRA agus Arm na Breataine a bheith ar an láthair ansin. Lá amháin sa mbliain 1986 agus mise ag fanacht leis na McCabes, thug mé faoi deara go raibh post faire Arm na Breataine le feiceáil ón bhfuinneog fhada ar ardán staighre an chéad urláir. Ar ndóigh, d’fhéadfadh na saighdiúirí féachaint isteach sa teach chomh maith céanna.

Dá mhéid eolais dár chuir mé ar an gceantar – bhí mé ag siúl ó cheann ceann na teorann ag bailiú ábhair do leabhar a dtabharfainn Bad Blood air ina dhiaidh sin – is ea is mó a thuig mé go bhféadfadh gach aon chor nó casadh nó comhartha beag – cosúil le carr a chasfadh go tobann, nó cruth duine aonair a thabharfaí faoi deara i ngarraí, nó fuaim, nó focal aonair fiú – rud a chur in iúl nach dtuigfeadh ach muintir na háite ó thaobh an bhrí a d’fhéadfaí a bhaint as.

Rith sé liom cé chomh deacair agus a bheadh sé suí síos gach uile lá agus bheith ag cur focal le húrscéal san atmaisféar sin. Thug mé faoi deara cé chomh gafa le rudaí eile is a bhí Eugene. Cúpla uair, agus muid ag labhairt faoin scríbhneoireacht, d’áitigh sé go raibh rud eicínt ar intinn aige agus go raibh sé de rún aige tosú arís. Ach ní thosódh.

I samhradh na bliana 1991, le linn dom fanacht arís in Eanach Mhic Dheirg, fuair mé teachtaireacht ó Eugene a dhul i dteagmháil leis agus thiomáin mé síos go ‘Dromard’. Dúirt sé go raibh úrscéal críochnaithe aige faoi dheireadh thiar. Ach b’in é an t-am nuair a thosaigh fadhbanna eile. Le láimh ba ghnách leis scríobh ach ní raibh éinne in ann a chuid peannaireachta a léamh. Dá bhrí sin bhí an t-úrscéal ar fad taifeadta aige ar dheachtafón agus duine faighte aige lena chlóscríobh. Ach ní raibh eolas dá laghad ag an gclóscríobhaí faoi uaschamóga, agus mar sin bhí an téacs lán le ‘didnt’ agus ‘dont’ agus go leor rudaí aisteacha eile.

Chomh fada agus is cuimhneach liom, thug Eugene cóip domsa agus sheol sé cóip eile chuig John McGahern, ar thaitin an leabhar leis.

I mBaile Átha Cliath a léigh mé Death and Nightingales, mar a tugadh ar an leabhar. Cheapfá gur le siséal a gearradh na habairtí agus na híomhánna, go raibh siad saothraithe le dua, léirithe le tuiscint iontach ar rithim agus miondifríochtaí teanga. Bhí mé ag baint an oiread sin sásaimh as an stíl gur bhain plota an scéil siar asam is go dtáinig aniar aduaidh orm. Nuair a chríochnaigh mé an leabhar, bhí mé cinnte i m’intinn go mbeifí dá léamh fós faoi cheann céad bliain.

Má tá sraitheanna in Death and Nightingales a eascraíonn ón miotaseolaíocht agus ón stair, tagann sraitheanna eile ón am ar scríobhadh an leabhar agus ón áit ina bhfuil sé suite. Cé go dtarlaíonn eachtraí an leabhair taobh istigh de thréimhse 24 uair an chloig i mí Bealtaine 1883, tá scáthanna na dTrioblóidí sna 1970idí agus 1980idí mar scamall os cionn an scéil.

Do gach aon léitheoir a léigh Death and Nightingales i 1992, bheadh macallaí móra i gcarachtar Liam Ward: a mhíthrócaire, a mhioneolas ar chastachtaí an spáis iomaíochta ina raibh sé, a dhíshealbhaithe is a mhothaigh sé. A thuiscint ar an mbearna dhomhain, an scoilt, an bhiogóideacht sheanbhunaithe agus an stair mar rud nár críochnaíodh ariamh. Bhuailfeadh scéal an leabhair an léitheoir mar ábhar an-chomhaimseartha ar fad.

Is iad na macallaí agus an t-athchruthú mall ar rudaí atá tugtha faoi deara go grinn agus go hiomlán – bóithríní sclagacha, an spéir uisciúil, taobh istigh i dteach cónaithe, an fheirm agus an fheilméaracht, polaitíocht an lae, an caidreamh idir searbhónta agus máistir  – a bhronnann a chumhacht lom ar an leabhar

Tá an stíl go smior in úrscéal McCabe, ag brath ar rithimí agus tuin. Téann sé ar aghaidh go hindíreach sceabhach uaireanta, ag baint úsáid as córais chaolchúiseacha ghrinn, ag moilliú, agus ansin ag léiriú léargas go gléineach. B’éasca a shamhlú, agus an t-úrscéal á fhorbairt, go bhfuil níos mó suime ag McCabe mothúchán a chruthú, radharc a scríobh atá idir a bheith buan agus faoi ghlas i ré faoi leith, drámaíocht atá corrach, áititheach, scanrúil, scáfar.

Bhásaigh Eugene McCabe dhá bhliain ó shin, ar an 27 Lúnasa 2020 agus é naocha bliain d’aois. Foilsíodh a úrscéal Death and Nightingales tríocha bliain ó shin, ar an 24 Lúnasa 1992.

Micheál Ó Conghailei gcomhar le Niklas Finka d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024

Fág freagra ar 'Timpeall an bhoird, le Eugene McCabe Margot agus an comhluadar, bhíodh chuile ní faoin spéir á phlé'