Tigh tábhairne Mhuiris Kruger Caomhánach ar díol 50 bliain ó cailleadh é

€500,000 atá á lorg ar Thigh Kruger, an teach tábhairne is sia siar san Eoraip

Tigh tábhairne Mhuiris Kruger Caomhánach ar díol 50 bliain ó cailleadh é

Cothrom an lae 50 bliain ó cailleadh Muiris Kruger Caomhánach tá an teach aíochta agus teach tábhairne cáiliúil a bhunaigh sé i nDún Chaoin ar díol.

€500,000 atá á lorg ar Thigh Kruger, an teach tábhairne is sia siar san Eoraip. I 1929 a bhunaigh Muiris Kruger Caomhánach, duine de mhórphearsana Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, an teach aíochta i mBaile na Rátha i nDún Chaoin. Ag muintir Kruger a bhí Tigh Kruger ó shin cé gur ligeadh ar léas é ó am go chéile. 

I 1956 d’éirigh leis ceadúnas óil a fháil agus chum Breandán Ó Beacháin dán molta don Bhreitheamh a thug dó é i gcoinne thoil an tsagairt pharóiste:

Sláinte an Bhreithimh, síol uasal Bhorumha,

Agus sláinte an Chaomhánaigh, cia ’cu ariú?

Ach Muirisín fhéin’s an Phoblacht abú!

Nuair a chaithfimid siar é le Kruger.

Deir an ceantálaí, DNG WH Giles i dTrá Lí,  “gurb é seo do dheis chun teach tábhairne agus lóistín a bhfuil a cháil ar fud an domhain mhóir a cheannach san spota is sia siar ar Leithinis Chorca Dhuibhne”. 

“Tá Tigh Kruger suite i mBaile an Rátha i lár Dhún Chaoin, dúiche ina maireann 174 duine agus a bhfuil 115 teach saoire ann. 

“Bíonn an-tóir go deo ag lucht saoire ar an gceantar seo ar Shlí Cheann Sléibhe,” a deir an ceantálaí.

Fuair Muiris Kruger Caomhánach bás i 1971.

Dúirt Seán Ó Ríordáin, file, faoi gur “fear mór ab ea é—fathach”. 

“Bhí sé mór ar gach slí. Bhí sé mór i dtoirt, mór i bhfuinneamh, mór i bpearsantacht, mór i meanma, mór i machnamh, mór i dteacht i láthair. Agus maidir lena chroí bhí oiread bó de chroí aige,” arsa an Ríordánach.

Fág freagra ar 'Tigh tábhairne Mhuiris Kruger Caomhánach ar díol 50 bliain ó cailleadh é'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam. uasal.