Thugas móid ná léifinn nó ná éisteoinn lena thuilleadh faoi Trump ach…

Nuair a chonaic ár gcolúnaí gur thug Donald Trump turas le fíordhéanaí ar an tír álainn sin Vítneam, phrioc an t-áibhirseoir í dul i mbun pinn arís

Thugas móid ná léifinn nó ná éisteoinn lena thuilleadh faoi Trump ach…

Thugas móid agus ní rófhada ó shin in aon chor é, ná féachainn air, ná léifinn faoi is ná scríobhfainn focal go deo arís mar gheall ar an dTrumpaire éadtrócaireach san atá buailte faoi i dTeach Bán na Stát Aontaithe.

Ar mhaithe lem’ bhrú fola agus codladh na hoíche, tá’s agat.

Ach nuair a chím gur thug sé turas le fíordhéanaí ar an tír álainn sin Vítneam, phrioc an t-áibhirseoir mé dul i mbun pinn arís.

Níl scáth ná náire ar an amhailt oráisteach turas a thabhairt ar pháirc an áir,  áit ar dhein Meiriceá oiread san scrios leathchéad bliain ó shin.

Áit inar shil na mílte saighdiúir  Meiriceánach fuil a gcroí agus é féin ag baile agus teastas dochtúra aige ag deimhniú go raibh na sála aige leochaileach agus ná féadfadh sé troid ar son a thíre.

Sin gaiscíoch agat.

Ní raibh scáth ná náire air agus é ann bualadh le hiarthrodairí míleata a chuir a mbeatha i mbaol agus é fhéin ag caitheamh a thóna ag baile.

Mhol sé go haer iad ar son an méid a dheineadar.

Mar is eol dúinn, cháin sé agus dhein scigmhagadh faoin Seanadóir John McCain a throid i Vítneam agus a chaith blianta i ngéibheann ann, toisc nár éirigh leis na cosa a thabhairt leis.

Meatachán ab ea McCain toisc gur rugadh air, dar leis an Trumpaire tarcaisneach.

Tá a gcrúibíní in airde ag aoir agus íoróin tar éis an méid sin.

Agus mé ar cuairt ar an tír álainn sin Vítneam níos túisce sa mbliain thug an treoraí a bhí agam sonc beag faoi John McCain, nuair a thaispeáin sí dom an cuan inar thuairt a eitleán.

Ní foláir nó bhí a chúis aici mar gur san áit sin a rugadh agus a tógadh í, agus léirigh a heaspa urraime do Mheiriceánaigh cén taobh den throid a bhí a muintir.

Ní tógtha uirthi sin é, ach é siúd thuasluaite, seithe leathair atá air.

Bhí a bheith ag éisteacht le treoraithe i Vítneam an-suimiúil ar fad.

Ní róbhuíoch a bhí duine eile acu de na Francaigh, dream eile a chaith cúpla tréimhse i mbun coilíneachta sa réigiún.

Maíonn na leabhair thurasóireachta  gur fhág sibhialtacht na Fraince rian suntasach ar cuisine agus ar chultúr thuaisceart Vítneam.

Má d’fhág, is go seanbhlastúil a chuir treoraí amháin síos orthu.

An chéad rud a dhein an Francach nuair a tháinig sé anseo, ar sé, ná príosún a thógaint.

Príosún, arsa an treoraí, a líonadar le héinne againne a d’fhéach cam orthu.

Ní róbhuíoch ach oiread a bhí an treoraí dá chomharsa béal dorais, an Síneach.

Táimid clipthe acu gach aon lá riamh, ar sé.

‘Ag scaoileadh piléar lenár n-iascairí bochta atá ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach. Ag faire ar a bhfuil againn a bhaint dínn aon seans a fhaigheann siad.’

Bail ó Dhia ar na treoraithe céanna ná raibh aon ní PC mar gheall orthu!

Níor chuireadar fiacail ann.

Níl tionscal na turasóireachta ach ina thús i Vítneam. Mo ghraidhin iad.

Nuair a thiocfaidh na sluaite Francach, Síneach agus Meiriceánach i dtír chucu, beidh siad i bhfad níos cáiréisí lena mbriathra ar mhaithe le pingin a thuilleamh.

Is craosach an t-ainmhí an turasóireacht, agus mé fhéin go minic á chothú, admhaím.

Meallann tíortha i bhfad i gcéin mé.

Dea-aimsir. Ceol is cultúr. Teampaill is déithe.

Taobh tíre gleoite, radharcanna gléineacha, daoine áille cúirtéiseacha gan trácht ar bhia den scoth ar bheagán costais.

Cad eile a bheadh ag teastáil ó chuairteoir sa lá atá inniu ann? arsa an duine gan choinsias.

In áit ar nós Vítneam agus fios maith ag cuairteoir na tubaistí uafásacha a tharla ann ní fada ó shin in aon chor, bheifeá i gcás idir dhá chomhairle agus do wanderlust á shásamh agat ar chóir duit a bheith ann in aon chor.

Ní hamhlaidh don Trumpaire, bail air.

Fág freagra ar 'Thugas móid ná léifinn nó ná éisteoinn lena thuilleadh faoi Trump ach…'

  • Ailililiú!

    An-alt, a Sheosaimhín!

    Is suarach an sampla duine é an Trumpadóir gan amhras.