Dá ndéarfaí faoi chailín gur thug sí craobh na finne léi chiallódh sin gur ceapadh gurbh í ba dhathúla.
Dá mba comórtas a bheadh i gceist thabharfaí an chraobh di—an chéad áit.
Dá mbeadh duine ag imeacht le craobhacha bheadh sé le báiní, ar na daoraí, spréachta, chun scaoill, as a mheabhair.
Fásann sméara is bláth sú craobh ar an gcrann is ísle bláth. Sin líne as an amhrán ‘An Droighneán Donn’.
Ní lia éan ar chraobh ná a bhfuil acu ann – tá siad thar a bheith fairsing.
Maireann an chraobh faoina bláth ach ní mhaireann an lámh a chuir.
Bíonn arbhar i gcraobh nuair a bhíonn na gráinní le feiceáil ar an dias.
Mí ó dhias go craobh agus mí ó chraobh go corrán.
Brenda Ni Shuilleabhain
Ní raibh a fhios agam mar gheall ar an arbhar a bheith i gcraobh – nach deas é, agus nach deas e an comhaireamh aimsire a leanann é.
Pádraig Mac Fhearghusa
Is dócha go bhféadfá “craobh na duibhe” a bheith agat chomh maith le “craobh na finne”, ós ní é go bhfuil sciamh nó “scéimh na finne” agus “scéimh na duibhe” ag an Duinníneach, agus d’fhéadfá teacht ar “scéimh na doinne”, dá n-abrainn é.