Thug an Saoithín Aeráide barróg do chrann an lá faoi dheireadh.
Ní barróg a bhí ann a thabharfá do thuismitheoir, do leannán, do dhia éigin a shamhlófá a bheith istigh sa chrann; barróg den chineál a thabharfá do dhuine nó do neach a mbeifeá ag súil le rud éigin uaidh nó uaithi.
Ní barróg a bhí ann ach an oiread a thabharfá do pháiste nó do pheata, barróg a thabharfá do dhuine nó do neach a bheadh ag brath ort.
Barróg a bhí ann a thabharfá do dhuine nó do neach a bheadh ar comhchéim leat. Do dheartháir. Do dheirfiúr.
Lá deireanach na bliana 2020 a bhí ann agus bhí an Saoithín Aeráide ar ais ar cuairt ina cheantar dúchais, áit a bhfuil crainn níos forleithne ná mar a cheapfá. An raibh a fhios agat gur ‘Houtland’ (‘Tír an Adhmaid’) fréamh an fhocail ‘Holland’?
Crann beithe a bhí sa chrann a fuair barróg. Eiseamláir a bhí thart ar 45 bliana d’aois, a mheas an Saoithín, ar comhaois leis féin.
‘Rugadh san áit chéanna muid,’ a dúirt an Saoithín leis an gcrann beithe, ina aigne, agus a leathlámh á cur timpeall ar stoc an chrainn aige. ‘Tá do chosa i dtaca agatsa san áit as ar fáisceadh muid agus bhí mise siúlach scéalach, ach seo muid, beirt deartháireacha, gualainn ar ghualainn, i measc na gcéadta míle eile dár gcineál, fearnóga agus sceacha geala agus crainn darach, ag breathnú ar an solas liath ag dul i ndoirche, ar an mbliain 2020 ag imeacht uainn thar an Muir Thuaidh.’
Ó, na scéalta a bheadh le hinsint againn dá chéile, a shíl an Saoithín leis féin, murach an fear thall atá ag teacht inár dtreo sna sodair, éadaí geala reatha air.
Scaoil an Saoithín a ghreim ar stoc an chrainn agus lig air féin nach raibh tada as an ngnáth ar siúl aige. Níl duine ceaptha barróg a thabhairt do chrann.
Cén fáth sin arís?
Níl anam ag crainn, ag clocha ná ag réimsí uisce, nó sin a mhúin na reiligiúin aondiacha dúinn. Scar sagairt agus soiscéalaithe an duine ón gcuid eile den domhan, ar tugadh ‘an nádúr’ nó ‘an dúlra’ air feasta agus ar dúradh leis an duine ina thaobh go bhfuil sé ina mháistir air. Má rugadh sa domhan thiar thú is dóichí ná a mhalairt gur leis an meon sin a tógadh thú, fiú mura bhfuil reiligiún ar bith agat.
Ar bhruacha an Rio Doce, an abhainn is truaillithe i Meiriceá Theas agus, gach seans, ar chlár na cruinne, a rugadh Ailton Krenak, fealsamh bundúchasach ón mBrasaíl. Creideann a mhuintir, pobal na Krenak, gurb í an Rio Doce seanathair na treibhe.
Dar le Ailton Krenak gurb é an scaradh saorga a chuir an aigne iartharach i bhfeidhm idir homo sapiens agus an chuid eile den domhan bunchúis ghéarchéim na haeráide agus gach fadhb thimpeallachta eile.
Ní dhéanfadh an duine creach ar shliabh dá dtuigfeadh sé gur neach beo atá sa sliabh, ná ní chaithfeadh sé dramhaíl mhianadóireachta in abhainn dá dtuigfeadh sé gur gaol dúinn í: sin í, go hachomair, an teachtaireacht atá ag Ailton Krenak dúinn ina leabhar Ideias para adiar o fim do mundo (‘Moltaí chun deireadh an domhain a chur ar athlá’).
Má tá cuma na simplíochta air sin, cuimhnigh gurb é an duine iartharach a rinne cúrsaí casta nuair a scar sé é féin ón gcuid eile den domhan – scaradh, mar a chuireann géarchéim an choróinvíris agus géarchéim na haeráide ar ár súile dúinn go beacht, nach n-aithníonn an chuid eile den domhan a bheag nó a mhór.
Nach mairg don duine iartharach. Tá sé rómhall Danu, Manannán, Thor agus Wodan a thabhairt ar ais, gan trácht ar na déithe agus na bandéithe dearmadta ar fad a bhain le cnoic, coillte, aibhneacha, locha agus farraigí ar leith. Tá an chuid sin dár ndúchas caillte go deo.
Ach dá gcuirfimis an scaradh saorga idir sinn agus an chuid eile den domhan ar ceal?
An chéad uair eile a bheidh barróg á tabhairt ag an Saoithín Aeráide do chrann, ní scaoilfidh sé lena ghreim má thagann reathaí ina threo.
‘Ag caint le mo dheartháir atá mé,’ a déarfaidh sé má bhreathnaíonn an reathaí go haisteach air.
Fág freagra ar 'Thug mé barróg do chrann an lá faoi dheireadh…'