Thóg sí an scuab den urlár agus bhí sí chun an prionsa a bhualadh léi…

Ó DHÚCHAS: Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain tá scéal againn faoin síofra mailíseach as Uíbh Ráthach

Thóg sí an scuab den urlár agus bhí sí chun an prionsa a bhualadh léi…

Bhí prionsa ag fiach uair amháin. Bhí sé ag dul trasna na gcnoc agus tháinig sé go doras ar thaobh an chnoic. Bhí ionadh air mar gach lá do théadh sé féin chomh fada suas leis an áit a raibh sé anois agus ní fhaca sé aon doras riamh roimhe sin.

Bhuail sé trí chnag ar an doras agus tháinig síofra amach. Bhí scuab ina láimh aici agus hata mór ard uirthi. D’fhiafraigh sí den phrionsa cad é an gnó a bhí aige in aice a tí. D’fhiafraigh seisean di cad é an gnó a bhí aici ina thír féin. Dúirt sí leis dá dtagadh sé isteach go dtaispeánfadh sí dó an gnó a thug ann í.

Chuaigh an prionsa isteach. Do thóg an síofra é isteach i seomra dubh agus thaispeáin sí craicne cinn (scalps) daoine ag crochadh ar an bhfalla dó. Dúirt sí leis go dtáinig sí ó thigh a bhí ar an taobh eile den chnoc agus go dtáinig a lán fear ina treo agus gur thug sí obair le déanamh do gach fear acu ach gur theip orthu go léir í a dhéanamh. Dúirt sí go dtabharfadh sí obair le déanamh dó féin leis agus dá dteipfeadh air í do dhéanamh go mbeadh a ‘scailp’ ina measc. An obair a thug sí dó go mbeadh an t-urlár scuabtha aige nuair a d’éireodh sí féin ar maidin. Dúirt an prionsa go mbeadh agus deich n-urlár.

Tháinig an oíche agus chuaigh an prionsa a chodladh sa chistin. D’imigh an síofra in airde staighre. Ar maidin d’éirigh an prionsa agus fuair sé an scuab a bhí i gcúinne na cistine. Thóg sé an scuab ina láimh agus chuaigh sé ag scuabadh.

Níorbh obair bhog é an t-urlár do scuabadh. Gach buille a tharraing an prionsa thagadh timpeall buicéad salachair isteach. Bhí sé deich neomataí don naoi a chlog. Ar a naoi bheadh an síofra ag éirí agus do mharódh sí é mura mbeadh an t-urlár scuabtha aige. Chuala sé an síofra ag teacht agus ní raibh an t-urlár scuabtha aige. Bhí sí leathshlí anuas an staighre agus chuaigh an prionsa taobh istigh den doras. Níor thóg sé i bhfad ar an síofra é a dhéanamh amach. Thóg sí an scuab den urlár agus bhí sí chun an prionsa a bhualadh léi nuair a bhuail sé sin an scuab agus dhein sé dhá leath di. Ní túisce a bhí an dá leath ar an urlár ná do d’iompaigh sé go dtí an cat agus rinne sé dhá leath de. 

Do bhí an síofra ar buile mar bhí an cat sin ábalta gach rud a dhéanamh agus gan é ní raibh cumhacht aici aon ní a dhéanamh. Do bhuail an prionsa buille ar a ceann agus do thit sí marbh. Do chuir an prionsa cuid den fhuil ar na craicne cloiginn {scailpeanna} a bhí ar crochadh ar an bhfalla agus thángadar ina mbeatha arís.

Fág freagra ar 'Thóg sí an scuab den urlár agus bhí sí chun an prionsa a bhualadh léi…'