Thar am ag ceannairí na Gaeltachta cuimhneamh ar sheifteanna chun beagán clampair a thógáil

Tá polaiteoirí Bhaile Átha Cliath ar a sáimhín só i dtaobh cúrsaí Gaeltachta. Tá sé in am iad a dhúiseacht agus beagán allais a bhaint astu ...

Thar am ag ceannairí na Gaeltachta cuimhneamh ar sheifteanna chun beagán clampair a thógáil

Ag scríobh dom anuraidh san iris Comhar ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, tharraing mé aird ar alt le Máirtín Ó Catháin, a foilsíodh ar Tuairisc.ie. Má shíl mé an t-am sin gur foláireamh a bhí san alt sin, is deimhniú agus fíorú na tairngreachta a bhí in alt Sheosaimh Uí Chuaig, a foilsíodh anseo le gairid, agus a bhain leis an gceist chéanna.

Bunteachtaireacht na n-alt sin go bhfuil sé in aghaidh dhlí na hEorpa tús áite a thabhairt do dhuine de mhuintir na háite agus cead pleanála á lorg aige ar a phaiste dúchais, seachas do dhuine ón taobh amuigh.

Ba léir an frustrachas a bhraith Breanndán Ó Beaglaoich agus an cheist á scagadh aige le Seán Mac an tSíthigh ar 7Lá ar TG4, oíche Dé Máirt.

Ar ndóigh, is sa ghné sin den scéal a bhaineann le cúrsaí teanga a chuir mise suim, bíodh is nár mhaith liom beag is fiú a dhéanamh de cheist na tithíochta ná baol air. Chomh fada is a bhaineann sé leis an nGaeltacht, ní féidir an dá cheist a scaradh óna chéile ar aon nós; mura mbeidh pobal ann, ní bheidh Gaeilge ann.

Táthar ann a bhíonn ag cnáimhseáil faoina oiread plé a dhéantar ar Tuairisc.ie i dtaobh cheist na teanga go sonrach, ach is é is iontaí le mo leithéidse a laghad airde a thugtar ar an gceist chéanna ar chuile mheán eile sa tír.

D’fhiafraigh Pól Ó Muirí de léitheoirí Tuairisc.ie níos luaithe i mbliana ar cheart scéalta Gaeilge agus Gaeltachta a phlé i mBéarla ar an meán áirithe seo, d’fhonn aird náisiúnta a tharraingt orthu. Ní le teann searbhais ná íoróine a deirim gurbh fhearr liomsa go ndéanfaí amhlaidh ar leathanaigh an Irish Times seachas ar Tuairisc.ie, toisc gur i mBéarla a bhíonn an nuachtán sin ag feidhmiú ar an mórgóir.

Dá ndéanfaí amhlaidh, b’fhéidir go dtabharfaí aird mar is ceart ar ráitis an iar-Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, agus an Dochtúra John Walsh i dtaobh fhaillí an stáit i leith na Gaeilge.

Dhá scéal eile ba mhaith liom a lua anseo a bhfuil aird náisiúnta tuillte acu, dar liom: an chaint a rinne Breandán Ó Cíobháin ar An Saol Ó Dheas ag deireadh mhí Eanáir na bliana seo; agus scéal ionad Teagmháil na nÓg i dTír an Fhia i gCeantar na nOileán.

Ganntanas daoine agus easpa éilimh ar chúrsaí a tugadh mar chúis, mar dhea, leis an áit sin a dhúnadh, ach léirigh Nuacht TG4 go bhfuil níos lú daoine ag freastal ar chúrsaí dá leithéid i mbaile Ros Comáin ná mar atá in ionad Thír an Fhia, ach go bhfuil ionad bhaile Ros Comáin á choimeád ar oscailt.

Fear cathrach mise nach mbaineann le haon phobal tuaithe, ach mar sin féin, chuir an méid sin pip orm nuair a d’airigh mé é. Ar an gcaoi chéanna, bhí idir thocht agus olc ag teacht orm agus mé ag féachaint ar thuairisc léanmhar Sheáin Mhic an tSíthigh ar 7Lá i dtaobh bhánú Chorca Dhuibhne.

Ní hé gur cheart tacú le daoine mar gheall go labhraíonn siad teanga ar leith, ach mar gheall gur daoine iad. Dá dtosnófaí ansin, is leis an dínit a bheadh an lá agus bheadh rath ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal na tuaithe trí chéile sa tír seo.

Ag caint dó ar an eagraíocht Pléaráca le déanaí, thagair Seosamh Ó Cuaig

go cliathánach don scéal ‘Na Bóithre’ le Pádraig Mac Piarais, scéal ina dtaibhsítear don phríomhphearsa, Nóra, páis Chríost i nGairdín Gheitsimine sula dtagann sí chuici féin.

Tuairimíonn Tim Robinson go mb’fhéidir gurbh ionann ‘Eileabhrach’ (Eiliúrach) sa scéal sin agus Geitsimine an Phiarsaigh, agus féiníobairt na Cásca ag teannadh leis.

Déarfá leat féin gur beag an t-iontas é, i bhfianaise na staire úd, gur sa cheantar céanna a cuireadh fréamhacha Raidió na Gaeltachta agus TG4, faoi scáth Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Tigh Mhadhcó a chraol Saor-Raidió Chonamara i Samhain na bliana 1970. I Scoil an Turlaigh Bhig – áit chóisir cháiliúil an Phiarsaigh – a craoladh an chéad chlár píolótach de chuid TnaG. Ar bharr Chnoc Mordáin a crochadh an aeróg lena chraoladh.

Is é atá mar luach saothair ag muintir Ros Muc agus ag muintir Iorras Aithneach, dífhostaíocht, díomhaointeas agus díbirt as a mbaile.

Neosfaidh an aimsir an mbeidh rath ar phlean Údarás na Gaeltachta d’Iorras Aithneach ach idir an dá linn, tá go leor den drochmheas céanna á léiriú i leith mhuintir na Gaeltachta trí chéile – thuaidh, theas agus thiar. Agus sin gan trácht ar an díspeagadh atá á dhéanamh ar phobal na Gaeilge ar fad maidir leis an síneadh fada – ceap magaidh ann féin in aimsir seo na ngaireas ilfheidhmeach.

Tá an crú ar an tairne agus tá sé thar am ag ceannairí na Gaeltachta cuimhneamh ar sheifteanna chun beagán clampair a thógáil.

Fág freagra ar 'Thar am ag ceannairí na Gaeltachta cuimhneamh ar sheifteanna chun beagán clampair a thógáil'

  • Aoife

    Alt an-mhaith!

  • Múscail do Mhisneach a Bhanba

    Tá “an crú ar an tairne” le fada; ar a laghad ó 1989 le leabhar Hindley agus cinnte ó 2005 leis an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch.
    An míthuiscint is mó atá san alt seo ná go ghlactar leis go bhfuil ceannairí ar fáil sa Ghaeltacht chun clampar a thógaint – ní fheadair cén sórt clampar atá i gceist ag an údar ná cé hiad na ceannairí?
    Tá furmhór na gcoistí pobail agus na comharchumainn sna Gaeltachtaí ag obair don Státchóras anois faoi scáth “Roinn na Gaeltachta” agus iad ina stiúrthóirí ar na “ceanneagraíochtaí pleanála teanga”. Ídeofar fuinneamh na gceannairí pobail seo ag rith i ndiaidh airí agus teachtaí pairliminte le babhla déirce ag iarraidh airgead chun obair an stáit a dhéanamh maidir le pleanáil teanga sna Gaeltachtaí.