Buille eile ón AE do cheantair thuaithe agus Ghaeltachta

B’éigean don Bheilg dlí a thug cosaint don Phléimeannais a athrú de bharr an AE agus tá an baol ann, a deir ár gcolúnaí, go n-athróidh rialtas na hÉireann rialacháin i dtaobh tithíocht sna ceantair thuaithe ar an údar céanna

Buille eile ón AE do cheantair thuaithe agus Ghaeltachta

Is gearr anois go gcuirfidh rialacha an Aontais Eorpaigh athrú eile ar shaol na tuaithe in Éirinn. D’fhéadfadh sé go mbeadh an chosaint bheag a thugadh na dlíthe pleanála do mhuintir na Gaeltachta faoi ionsaí freisin.

Le roinnt blianta anuas bhí sé de pholasaí ag comhairlí áitiúla cead pleanála a choinneáil do dhaoine áitiúla nó do dhaoine a mbeadh baint dhíreach acu le ceantar. Rinneadh socruithe speisialta do na ceantair Ghaeltachta.

Ní ghlacfar leis an bpolasaí sin níos mó. Tá an rialtas sin againne ag fáil faoi réir leis na rialacháin a athrú. Déanfaidh siad ráiteas oifigiúil faoi lá ar bith feasta.

An dearcadh a bhí ag an Aontas Eorpach ar chás sa mBeilg is cúis leis. Rinneadh dlí sa tír sin a thug cosaint do cheantair a bhfuil an Phléimeannais in uachtar iontu.

Dlí a bhí ann nár thaitin beag ná mór le maorlathas na Bruiséile: dúirt siadsan go raibh sé idirdhealaitheach nó go ndéanfadh sé leithcheal ar dhaoine. Chaithfí, a dúirt siad, déileáil mar a chéile le saoránaigh an Aontais ar fad.

Dhá bhliain déag ó shin d’fhoilsigh rialtas na hÉireann rialacháin i dtaobh tithíochta sna ceantair thuaithe. Chinn Aontas na hEorpa go raibh na rialacháin sin in aghaidh an dlí, in aghaidh dhlí an Aontais ar ndóigh.

Mheabhraigh siad gur cuireadh iachall ar údaráis na Beilge na dlíthe a bhí i bhFlóndras acu a chaitheamh i dtraipisí. Ní dlíthe ar son na Pléimeannaise a bhí iontu go hoifigiúil ach bhí an aidhm sin leo go hindíreach.

Anois tá an rialtas sin againne ag lua bhíobla an Aontais mar bhunús le deireadh a chur leis na rialacháin a bhí sa tír seo. Tá siad ag slogadh thuairim an Aontais ‘gur féidir na cuspóirí atá siad ceaptha a bhaint amach [ar nós saintréithe tuaithe a chaomhnú, srl] a chur i gcrích gan an t-idirdhealú’.

Níl ansin ach bealach eile lena rá go bhfuil siad sáinnithe ag treoir an Aontais Eorpaigh agus nach bhfuil aon dul as acu ach damhsa a dhéanamh de réir phort na Bruiséile.

Tá deilín eile tosaithe ag na húdaráis sin againne freisin agus is é sin nach athrú mór a bheadh i gceist mar go raibh cead ag daoine ón taobh amuigh tithe a cheannacht sna ceantair thuaithe i gcónaí. Ní bhfaighidís cead pleanála le teach a thógáil ach bhí cead acu teach a cheannacht.

Dúirt oifigeach rialtais le gairid gur thóg muintir na tuaithe cuid mhaith tithe le cúig bliana déag anuas agus gur dhíol siad le daoine ón taobh amuigh iad ina dhiaidh sin.

Nach mór an díth céille a bhí orainne Comhairleoirí Contae nuair a chaith muid uaireanta fada ag plé na rialacha pleanála céanna. Chuir muid cantal orainn féin agus mearbhall ar ár lucht tacaíochta.

Tá seans beag amháin ag na rialacháin Ghaeltachta fós mar sin féin agus is é sin gur tugadh le tuiscint sa mbreithiúnas i gcás na Beilge go bhféadfaí cosaint a thabhairt do theanga ceantair an fhad is a dhéanfaí go cuí é. Leagan é ‘go cuí’, áfach, a dteastódh abhcóide uait le míniú a fháil air.

An mbainfidh údaráis na tíre seo úsáid as an lúb ar lár sa dlí anois? Is críonna an té a déarfadh ach is gearr uainn fios faoi.

Ní ghabhfainn i mbannaí air. Cé is moite d’Éamon Ó Cuív, is beag polaiteoir atá ag dúiseacht an scéil beag ná mór.

Cruthú eile fós é ar chomh géar is a theastaíonn gluaiseacht fheidhmiúil tuaithe a dhéanfadh scrúdú mion ar chúrsaí den sórt seo agus a sheasfadh in aghaidh mhaorlathas Aontas na hEorpa agus a gcuid searbhóntaí i mBaile Átha Cliath atá ag scrios na gceantar tuaithe lá i ndiaidh lae.

Fág freagra ar 'Buille eile ón AE do cheantair thuaithe agus Ghaeltachta'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    [Leagan glan]
    “….tugadh le tuiscint sa mbreithiúnas i gcás na Beilge go bhféadfaí cosaint a thabhairt do theanga ceantair an fhad is a dhéanfaí go cuí é. Leagan é ‘go cuí’, áfach, a dteastódh abhcóide uait le míniú a fháil air.”
    Míniú:
    Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnas sa chás Groener v. An tAire Oideachais go bhféadfaí coinníoll teanga a chur i bhfeidhm ‘provided that the linguistic requirement in question is imposed as part of a policy for the promotion of the national language which is, at the same time, the first official language and provided that that requirement is applied in a proportionate and non-discriminatory manner’.
    [Níl an leagan Gaeilge den bhreithiúnas ar fáil fós ach beidh, ní fearacht agus breithiúnais na gCúirteanna againn féin]
    Dá bhrí sin, mura bhfuil an caighdeán Gaeilge lorgaítear ró-ard agus má tá cead ag duine ar bith ó áit ar bith san AE an caighdeán sin a shásamh, ní ceart go mbeadh aon fhadhb ag an Aontas Eorpach le coinníollacha teanga i gceadanna pleanála Gaeltachta.
    Dáithí Mac Cárthaigh, Abhcóide.
    Faraor, gur airteagal creidimh an frith-Eorpachas i gcás cuid de na daoine.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Is maith an scéal go bhfuil beagán daoine sa tír fós nach slogann an propaganda ar son Ollstát Eorpach agus nach bhfuil sásta taobhú le Arm Eorpach. Cloiseann muid na buntáistí i gcónaí ach coinnítear uainn na míbhuntáistí. Tá neart bollscairí ag Maorlathas na Bruiséile sa tír seo agus “Gaeilge chuí” ag cuid acu.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Sin argóint eile d’alt eile. Cá bhfuil an t-ollstát Eorpach seo. Is iad Comhairle an AE (le haire amháin ó gach ballstát) agus Parlaimint na hEorpa (a thoghtar go díreach) in éineacht a ritheann dlíthe an AE.
    Ní hann d’arm Eorpach.
    Ní mise an bolscaire anseo. Seo fíricí.