Thar am ag an PSNI a admháil nach coir í an iriseoireacht…

Tá dochar mór déanta do cháil an PSNI, agus a gcuiditheoirí a tháinig anall ó phóilíní Durham i Sasana, ag a leagan amach i leith No Stone Unturned

Thar am ag an PSNI a admháil nach coir í an iriseoireacht…

Dé Luain bhuail taom céille póilíní Durham – i gcomhar leis an PSNI, a bhuíochas den Ardchúirt is dócha.

D’éirigh siad as an ngéarleanúint ar bheirt iriseoirí. Bhí sé thar am. Tháinig an scéala go raibh siad ag éirí as an gcás scun scan ceithre huaire an chloig tar éis fógra san ardchúirt go raibh ábhar de  chuid na n-iriseoirí a ghabh siad i mí Lúnasa seo caite le tabhairt ar ais.

Naoi mí tar éis cáipéisí, ríomhairí agus gutháin phóca a ghabháil ó na hiriseoirí a rinne an scannán No Stone Unturned ghéill an PSNI san Ard-Chúirt i mBéal Feirste go dtabharfaí ar ais an t-ábhar.

Dúirt an PSNI go bhféadfadh Trevor Birney agus Barry McCaffrey an t-ábhar a tógadh i ruathair ar a dtithe agus a gcuid oifigí a bhailiú Dé Máirt. Ceithre lá roimhe sin d’éirigh le dúshlán Ard-Chúirte na n-iriseoirí in aghaidh an bharántas gabhála a d’úsáid póilíní chun réimse leathan ábhar a thógáil mar chuid dá bhfiosrú ar eolas rúnda a dúirt siad a goideadh ó Oifig Ombudsman na bPóilíní.

Aitheantas suntasach do shaoirse na hiriseoireachta ab ea cinneadh na hArd-Chúirte. Feicfimid linn an dtabharfaidh an PSNI an t-aitheantas céanna di as seo amach. Bhí fáilte fhorleathan roimh chinneadh an PSNI éirí as a bheith ag fiosrú na n-iriseoirí ach beifear ag iarraidh soiléiriú a fháil faoi chur chuige na bpóilíní go ginearálta.

Bhain an cás, a náirigh na póilíní, le scannán faisnéise faoin sléacht san Heights Bar i Loch an Oileáin i gcontae an Dúin. Tharla an t-uafás ar an 18 Meitheamh 1994 nuair a bhí muintir an bhaile bhig bailithe sa teach tábhairne agus iad ag féachaint ar chluiche sacair na hÉireann in aghaidh na hIodáile i gCorn an Domhain. Bhí a gcúl leis an doras ag an slua nuair a réab fir ghunna ón UVF an doras isteach ag scaoileadh as éadan. Maraíodh seisear agus gortaíodh cúigear.

Baineann No Stone Unturned leis an bhfiosrú a gheall an RUC agus an Státrúnaí do mhuintir na marbh – geallúint nár comhlíonadh. Níor cúisíodh éinne maidir leis an ionsaí. Ní hamháin sin ach cailleadh nó scriosadh fianaise agus níor ceistíodh roinnt amhrastach. Ba é breithiúnas an Ombudsman in 2016 go raibh easnaimh thubaisteacha ar an bhfiosrú agus go raibh roinnt póilíní i gclaonpháirt leo sin a bhí ciontach.

D’ainmnigh No Stone Unturned daoine a rabhthas in amhras orthu agus baineadh leas as cáipéis sceite ó Oifig Ombudsman na bPóilíní chun cuidiú leo an scéal a chur le chéile. Ba í an cháipéis sceite sin a spreag an PSNI chun gnímh – chun a dhul sa tóir ar na hiriseoirí Trevor Birney a léirigh an scannán agus Barry McCaffrey a chaith blianta ag fiosrú an scéil murab ionann agus na paraimíleataigh a bhí ciontach. Chuir George Hamilton an cúram ar Phríomh-Chonstábla Durham, Mike Barton, chun coimhlint leasa a sheachaint, a dúirt sé.

Bhí alltacht ar dhaoine san Ard-Chúirt nuair a nochtadh cuid den réasúnaíocht a bhí taobh thiar de na ruathair. De réir sleachta as leabhar nóta an fhir ó sheirbhís Durham a d’eagraigh na ruathair, Darren Ellis, bhí imní air gur chuir an scannán beatha daoine i mbaol “for merely having the misfortune of being involved in terrorist atrocities at whatever level”. Mí-ádh? Ní hiontas gur chinn an Príomh-Bhreitheamh go raibh cur chuige na bpóilíní earráideach.

Bhain póilíní Durham leas as an Acht um Rúin Oifigiúla in aghaidh na n-iriseoirí agus bhí na scórtha póilíní ón PSNI in éindí leo ag gach láthair chun ruathair a dhéanamh go moch ar maidin ar thithe Barry McCaffrey agus Trevor Birney, chomh maith le hoifigí an chomhlacht scannáin. Sna hoifigí sin tógadh ábhar ó sheirbhísí gaolmhara – an suíomh idirlín The Detail agus a leathbhádóirí an suíomh Gaeilge Meon Eile.

Dúradh san Ard-Chúirt gur thug an fiosrú “stát póilíneach” chun cuimhne ach ar an drochuair níor ghéill na póilíní ag an am sin gur cheart é a chaitheamh i dtraipisí. Dúirt an Breitheamh is sinsearaí i dTuaisceart Éireann nach bhfaca an Ard-Chúirt fianaise ar bith gur bhris na hiriseoirí aon dlí ach thóg sé laethanta eile ar na póilíní stop a chur lena bhfiosrú ar an mbeirt ar chúiseanna coiriúla nár sonraíodh. Dúirt Sir Declan Morgan nach raibh sé soiléir cén choir a bhí á fiosrú faoin Acht um Rúin Oifigiúla. Bhí na hiriseoirí dílis do chód iompair an NUJ, ceardchumann na n-iriseoirí, ag feidhmiú go cuí chun foinsí eolais a chosaint, a dúirt sé.

Tá dochar mór déanta do cháil an PSNI, agus a gcuiditheoirí a tháinig anall ó phóilíní Durham i Sasana, ag a leagan amach i leith No Stone Unturned. Tabharfaidh beirt Phríomh-Chonstáblaí aghaidh ar Bhord Póilíneachta Thuaisceart Éireann Déardaoin chun ceisteanna a fhreagairt faoin bpraiseach, George Hamilton, Príomh-Chonstábla an PSNI agus Mike Barton Príomh-Chonstábla Durham.

Beidh Hamilton ag éirí as oifig an mhí seo agus ní fios cén leagan amach a bheidh ag a chomharba ar na cúrsaí seo. Ba mhaith an ní é dá leagfadh an Bord treoir síos don PSNI ar fad le haitheantas a thabhairt do chearta iriseoirí faoin dlí baile agus idirnáisiúnta. Shílfeá gur eolas é sin a bheadh ag gach duine a bhaineann le riar na córa ach i bhfianaise a bhfuil feicthe againn le naoi mí, níor mhiste don Bhord ceannlíne a chur san lámhleabhar do gach earcach nua agus gach ball reatha a deir ‘Ní coir í an iriseoireacht’.

Fág freagra ar 'Thar am ag an PSNI a admháil nach coir í an iriseoireacht…'