Nuair a bhí i mo pháiste ní raibh mórán féinmhuiníne agam agus bhí buachaill áirithe a dhéanadh bulaíocht orm.
Níor sheas mé suas dó go dtí an lá go ndeachaigh sé rófhada agus go ndearna sé iarracht mé a chur faoi ghlas i gcró an mhadra. Mhúscail rud éigin ionam agus bhuail mé dorn san aghaidh air a bhain stad as agus d’éalaigh mé ón tsáinn.
Tháinig uair na cinniúna don Eoraip an tseachtain seo. Bhain na hEorpaigh triail roimhe seo as gach rud seachas seasamh suas do Donald Trump. Ach d’imigh Trump rófhada an uair seo. Ní ghéillfí an Ghraonlainn dó. Ní fhéadfaí an Ghraonlainn a ghéilleadh dó. Bhí ceithre bliana caite ag an Eoraip ag iarraidh flaitheas na hÚcráine a chosaint i gcoinne bulaí impiriúlach ar thaobh thoir na hEorpa. Chuir siad dallamullóg orthu fhéin roimhe sin go bhféadfaí Putin a shásamh ach géilleadh dó faoin gCrimé agus gan raic a tharraingt faoin gcogadh sa Donbas.
Ach dar ndóigh bhreathnaigh Putin air sin mar sholas glas chun dul níos faide. Ach nuair nár fhág Putin aon rogha eile acu sheas na hEorpaigh an fód ina choinne.
Bhí na hEorpaigh lag agus géilliúil le Trump freisin. Ba léir óna n-éileamh go dtabharfaí an Ghraonlainn ar láimh dósan agus na bagairtí an margadh trádála a bhí déanta aige a bhriseadh, go raibh teipthe ar an gcur chuige sin.
Sheas na hEorpaigh an fód i gcoinne Trump faoin nGraonlainn mar nach raibh aon rogha fágtha acu ach é sin a dhéanamh. Dá ngéillfí an Ghraonlainn do Mheiriceá bheadh deireadh leis an Eoraip mar fhórsa inchreidte polaitiúil ar an stáitse idirnáisiúnta. Dá n-éireodh le Trump sa Ghraonlainn ba léir nach stopfadh sé ansin. Leanfadh sé ar aghaidh lena mhian an tAontas Eorpach a scriosadh, ionas go bhféadfadh sé tíortha na hEorpa a dheighilt óna chéile agus iachall a chur orthu glacadh le mianta Mheiriceá – ar nós cead a gcinn a thabhairt do chomhlachtaí teic Meiriceánacha. Thuig ceannairí Eorpacha nach raibh aon rogha acu ach seasamh le chéile nó titim ina gceann is ina gceann. Agus fuair siad amach – nuair a sheasann an Eoraip le chéile i ndáiríre, gur féidir leo an fód a sheasamh. Tá geilleagair an Aontas Eorpaigh agus na Breataine le chéile níos mó ná geilleagar na Stát Aontaithe – olltáirge €26 trilliún ag an Eoraip i gcomparáid le holltáirge €25 trilliún ag SAM. Easaontas polaitiúil na hEorpa a chuir stop leo teacht i dtír ar an neart eacnamaíochta sin roimhe seo.
Agus sula ndeir éinne eile é, sea, níor ghlac agus ní ghlacann an Eoraip i gcónaí seasamh prionsabálta i dtaca le cúrsaí domhanda. Ní hionann seo agus Hugh Grant i ról an phríomh-aire sa scannán Love Actually ag breathnú isteach ina chroí agus ag seasamh suas do bhulaíocht uachtarán Mheiriceá mar gurbh é sin an rud ceart cróga le déanamh. Sheas na hEorpaigh an fód i gcoinne Trump mar go raibh sé ar a leas féin é a dhéanamh.
Tagann an tAontas Eorpach amach as an tseachtain seo neartaithe in dhá shlí. Ar dtús báire tabharfaidh sé misneach agus muinín dóibh gur féidir leo a leasanna riachtanacha a chosaint i gcoinne na sárchumhachtaí ach a bheith aontaithe agus soiléir faoi na línte dearga.
Ní hé go mbeidh caidreamh éasca acu le Trump don chéad trí bliana eile. Ní fhéadfaí a bheith ag súil lena leithéid ó dhuine chomh taghdach, chomh neamhiontaofa, chomh tógtha leis fhéin. Ach is dócha go bhfuil buaicphointe bulaíochta Trump i gcoinne na hEorpa tagtha agus imithe. Mar a fuair mé amach agus mé aon bhliain déag d’aois, nuair a bhuann tú ar bhulaí uair amháin, is bua síceolaíoch ollmhór é a laghdaíonn go mór a chumhacht a bhíonn aige ort ina dhiaidh sin.
An dara slí ina neartófar an tAontas Eorpach ina dhiaidh seo ná go bhfeicfear do phobail na mballstát, in ainneoin an fhrustrachais, an chomhréitigh, an tsíor-idirphlé agus an mhaorlathais ar fad a bhaineann le ballraíocht in Aontas 27 ballstát, gur láidre go mór muid i dteannta le chéile. Chuaigh an ceacht sin i bhfeidhm ar phobal na Éireann aimsir an Bhreatimeachta nuair a bhíomar den chéad uair inár stair ar an taobh is láidre i gcoimhlint leis an mBreatain. Anois feicfidh muintir gach ballstáit mar a bhí an Danmhairg (daonra 6 mhilliún, olltáirge náisiúnta €103 billiún) agus an Ghraonlainn (daonra 56,000, olltáirge náisiúnta €3 billiún) ábalta an fód a sheasamh i gcoinne Stáit Aontaithe Mheiriceá (daonra 348 milliún, ollttáirge náisiúnta €27 trilliún) mar gur sheas a gcomh-Eorpaigh an fód ar a son.
Smaoineamh d’úinéirí nua shiopa an Spailpín Fánach: T-Léine bunaithe ar an seanfhocal ‘Ní Neart go Cur le Chéile’ agus tagairt sa dearadh do Trump agus don Aontas Eorpach. Beir greim ar an zeitgeist…
Bíonn amanta sa saol go mbíonn an praghas a bhíonn le híoc as géilleadh don bhulaí níos measa ná an praghas a d’fhéadfadh a bheith le híoc as seasamh suas dó. D’fhoghlaim mise é sin agus mé aon bhliain déag d’aois. D’fhoghlaim an Eoraip é sin an tseachtain seo caite.
Séamas de Barra
A Eagarthóir, a Chara
Bhí alt ag Fachtna Ó Drisceoil, in tuairisc.ie, Dé Máirt, Eanáir 27, 2026 ‘Thar am ag an Eoraip an fód a sheasamh in aghaidh an bhulaí sa Teach Bán – Dá ngéillfí an Ghraonlainn do Mheiriceá bheadh deireadh leis an Eoraip mar fhórsa inchreidte polaitiúil ar an stáitse idirnáisiúnta’.
Freagra ag Séamas de Barra ar ghnéithe den alt sin.
Níl aon amhras ná go bhfuil Donald Trump iompaithe amach ina thíoránach, maidir leis an bPalaistín, leis an nGraonlainn, agus le Ceanada go háirithe de. Tá cuid den lucht leanúna Trump i ngluaiseacht MAGA iompaithe ina choinne. Cuid de lucht páirte na Gluaiseachta ar Son na mBeo, tá siad iompaithe ina choinne chomh maith, mar go measannn siad nach bhfuil Trump ach ag baint leasa as cúis na mBeo ar mhaithe leis féin.
Ach cuid den fhriotal a chuireann Fachtna Ó Drisceoil ag obair ar Trump, agus ar dhaoine eile, tá an baol ann go gcuirfidh sé mearbhall ar an léitheoir. Baineann Fachtna leas as an leagan, ‘seasamh suas dó’, agus é ag cuimhneamh ar an leagan ‘cur suas de’, b’fhéidir: ‘Níor sheas mé suas dó’ arsa Fachtna, agus é ag tagairt ‘do bhuachaill áirithe a dhéanadh bulaíocht orm’ [par. 2]. Cuireann Fachtna ‘seasamh suas dó’ ag obair ar Donald Trump chomh maith[par. 3]; ‘ag seasamh suas do bhulaíocht uachtarán Mheiriceá [par. 7]; agus ‘an praghas a d’fhéadfadh a bheith le híoc as seasamh suas dó’ sa pharagraf deiridh [par. 12]. Bulaí atá i gceist ag Fachtna sa sampla deiridh sin. Féadfaidh duine cur suas de rud, nó de dhuine. Is dócha gur Béarlachas is ea ‘seasamh suas dó’ go bunúsach, agus gur ag cuimhneamh ar an leagan Béarla ‘to stand up to’ a bhí Fachtna nuair a bhain sé leas as.
Tá an Ghaeilge lán suas d’fhocail Fhraincise, d’fhocail Bhéarla, agus den Bhéarlachas, agus is an–deacair éalú uathu siúd, agus duine ag iarraidh Gaeilge a scríobh sa lá atá inniu ann. Chuala mé féin, na deicheanna de bhlianta ó shin, an chaint seo ag bean as Cois Fharraige: ‘tá an áit tóigthe over ag na Germans.’ Tomás Bairéad a shaothraigh As an nGéibheann – Litreacha chuig Tomás Bairéad (Sáirséal agus Dill 1973), cnuasach de litreacha Gaeilge a scríobh Máirtín Ó Cadhain, agus daoine eile, go dtí an Bairéadach, agus iad i ngéibheann i gCampa Géibhinn an Churraigh, aimsir na Práinne, le linn an Dara Cogadh Domhanda. Gaeilgeoir dúchais ón mBaile Dóite, in aice le Maigh Cuilinn, ba ea an Bairéadach. Arsa an Bairéadach i dtaobh Ghaeilge an Chadhnaigh, sa ‘Réamhrá’ le As an nGéibheann –– Litreacha chuig Tomás Bairéad (lch 40): ‘Nuair a léigh mé arís ‘Gaillimh Thiar’ leis i gComhar, Lúnasa 1969 agus Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, chuir a raibh dhe Ghaeilge lochtach iontu iontas orm –– Gaeilge a ndéanfadh sé féin magadh fúithi fiche bliain roimhe sin.’ Ba é ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’, téacs na léachta tionscnaimh a thug Máirtín Ó Cadhain do Scoil Gheimhridh Mherriman an Gheimhridh, Mí Eanáir 1969.
Ní bhíonn saoi gan locht, ach suí ar chloich!