Tháinig na teachtaireachtaí WhatsApp ina rabharta – ‘can you help get us out? We’re trapped…’

Labhraíonn ár gcolúnaí le hiarphóilín a chuir oiliúint ar dhaoine san Afganastáin

Tháinig na teachtaireachtaí WhatsApp ina rabharta – ‘can you help get us out? We’re trapped…’

Tháinig na teachtaireachtaí WhatsApp ina rabharta ar feadh trí seachtaine.

‘Teacher, can you help get us out? We’re trapped…’

Tháinig cuid díobh ó dhaoine nár chas sé leo le 20 bliain -an chéad uair ar thug sé cuairt ar an Afganastáin.

‘They’re searching for me…’

‘Teacher, teacher’ a thug siad air agus iad ag impí air cabhair a thabhairt dóibh.

Ansin go tobann, stop na téacsanna. Tháinig deireadh leis na ríomhphoist. Bhí an ciúnas ní ba mheasa ná aon rud a chuaigh roimhe.

Ar dtús, agus mo chara ag freagairt na n-achainíocha ón Afganastáin, mheas sé gur cheart an fhírinne a inseacht dóibh. Ní bheadh sé in ann teacht i gcabhair orthu.

Mná óga a bhí ina bhformhór, dream a bhí traenáilte aige le bheith ina bpóilíní faoin réimeas nua sa tír sin.

‘B’éigean dom a inseacht dóibh go rabhadar ina n-aonar anois. Thug mé an fhírinne lom dóibh ionas go bhféadfaidís déileáil leis,’ a dúirt sé liom. Agus an chéad chomhairle uaidh? A gcuid fón póca agus a gcuid ríomhairí glúine ‘a ghlanadh nó fáil réidh leo’.

‘Bíonn fón póca lán le pictiúir – caitheann daoine a saol anois ar an bhfón,’ arsa seisean liom. I gcás na mban óg, bheadh an méid a bhí ar an bhfón ina fhógra báis dóibh – iad uilig gléasta, cuma an áthais orthu, in éide na bpóilíní.

Toisc gur dream ón iarthar, faoi scáth eagraíochtaí éagsúla rialtais agus neamhrialtais a bhíodh á dtraenáil, cheap na hAfganastánaigh go mbeadh cosaint áirithe acu agus go dtabharfaí bealach éalaithe dóibh, dá dtitfeadh rudaí as a chéile.

Ach ní raibh aon chosaint acu. Ní raibh aon cheangal ‘díreach’ acu leis na tíortha eachtrannacha a thug traenáil dóibh. Ní raibh aon ‘pháipéar oifigiúil’ acu. Gan Béarla rómhaith, chuadar i muinín ‘Aistriú Google’.

‘What forms should I fill?’

Agus é ag tabhairt óráide do na saighdiúirí a bhí fillte ar an mBreatain théis an aslonnaithe éigeandála an tseachtain seo caite, dúirt Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, gur cheart dóibh a bheith bródúil as an méid a bhí bainte amach acu.

Bhí 3.6 milliún cailín ag fáil oideachais anois, a dúirt sé agus mhaígh sé nach bhféadfadh deireadh tobann a theacht leis sin.

‘Bhí mise in Kabul, in Kandahar agus sna réigiúin san Oirthear. Caithfidh mé a rá nach bhfaca mise aon fhianaise den ‘athrú saoil’ seo a bhfuiltear ag caint air,’ a dúirt mo chara liom, nuair a d’fhiafraigh mé de an raibh an ceart ag Johnson.

‘Thugamar spléachadh beag dóibh ar an méid a d’fhéadfaí a bhaint amach – nocht muide an bhrionglóid dóibh. Agus ansin ag an nóiméad deireadh bhaineamar na cosa díobh ar fad.’

‘Can you help get us out?’

Bhí sé sa tír go deireanach i mí Eanáir 2020. An uair sin, rith sé dhá chúrsa traenála do phóilíní, 14 duine ar fad ar ’chaon chúrsa. Bhí cúigear nó seisear ban ar ’chaon chúrsa acu sin.

‘Bhí na mná sin thar barr ar fad,’ arsa mo dhuine. ‘Bhí oideachas orthu, bhíodar sciobtha chun foghlama. Ar dtús, tugadh obair oifige dóibh, ach obair thábhachtach a bhí inti, ar nós ‘ráitis a ghlacadh’ agus anailís a dhéanamh ar choireanna.

Ar ndóigh, toisc nach raibh meas ar mhná coitianta i ngnáthshaol na tíre, ní fhéadfaí iad a chur ar an líne thosaigh. Agus cuireadh faoi ndeara dóibh freisin gan a bheith ‘rómheabhrach’ nó ‘rólonrach’ nó bhreathnófaí orthu mar bhagairt – do na fir.

Iarbhall de Phóilíní Thuaisceart Éireann atá sa bhfear seo. Nuair a d’éirigh sé as an bhfórsa chuaigh sé thar lear le dreamanna éagsúla a bhí ag iarraidh tíortha mar an Libia, an Iaráic agus an Afganastáin a chur ar a gcosa arís. D’oibrigh sé le hiarbhaill de chuid an Gharda Síochána go minic san obair sin.

Nuair a fhéachann sé ar na tíortha sin sa lá inniu, is beag toradh a fheiceann sé ar a gcuid oibre.

Ceann de na fadhbanna, dar leis, ná go bhfuil an t-uafás dreamanna éagsúla ag feidhmiú i dtíortha mar sin, agus a gcuid polasaithe féin ag chuile dhream acu. San am a caitheadh, d’fhéadfadh seisean a bheith ag obair leis an Aontas Eorpach i gcathair amháin agus síos an bóthar uaithi, bheadh ‘sheriff’ ó na Stáit Aontaithe ag déanamh na hoibre céanna agus gar dó siúd, dream as Beirlín, ach iad ar fad ag úsáid modhanna difriúla.

‘Cleas na n-uimhreacha’ a bhí ann ar deireadh, a dúirt sé. Bhíodar ar fad ag iarraidh a mhaíomh go raibh na mílte –  b’fhéidir 100,000 duine – traenáilte acu le bheith ina bpóilíní san Afganastáin ‘nua.’

‘Ach ní rabhadar á n-íoc i gceart,’ dúirt sé. ‘Sin an fáth go raibh an oiread sin caimiléireachta ann. Bhí na póilíní ag fáil $200 sa mhí – ní tada é sin. Léirigh sé sin dóibh nach raibh aon mheas orthu.’

Cheap sé féin dá mbeadh níos lú póilíní ann agus iad á n-íoc i gceart go mbeadh dílseacht ní ba láidre acu don Stát ansin. Chonaic seisean an lá ag teacht go dtitfeadh an rud ar fad as a chéile, dá bharr sin.

‘Cé gur fhan na Stáit Aontaithe agus tíortha eile ann ar feadh 20 bliain níor éirigh linn é a thabhairt go dtí an pointe go bhféadaidís an tír a rith iad féin,’ deir sé. Ba é an botún ba mheasa, dar leis, ná nach raibh aon straitéis aontaithe amháin taobh thiar den obair ar fad.

Agus ar éirigh leis cabhair chun éalaithe a thabhairt d’éinne a d’oibrigh leis san Afganastáin?

Duine amháin. Fear teanga a d’oibrigh leo tamall ó shin agus a chonaic an bhagairt roinnt seachtainí roimh an tubaiste.

‘Thosaigh sé ag réiteach a chuid páipéar ceithre seachtaine roimh thitim Kabul.’ Agus d’éirigh leis éalú, le cabhair ón mBreatain, ach b’éigean dó a chlann a fhágáil ina dhiaidh.

Ba ina dhiaidh sin a thosaigh na hachainíocha ag teacht isteach go tréan ar an bhfón. Mná óga a bhí iomlán traenáilte le bheith ina bpóilíní, a raibh scileanna ar leith acu agus oideachas orthu a chuir ar a gcumas a bheith ag obair le roinnt Teachtaí Parlaiminte Ban. Bhí stádas agus éide agus scileanna acu, fiú mura raibh pá ró-iontach á íoc leo. Ach anois…

‘Teacher, how can you help us?’

‘We have no way out…’

‘They’re looking for us…’

Fág freagra ar 'Tháinig na teachtaireachtaí WhatsApp ina rabharta – ‘can you help get us out? We’re trapped…’'