Tháinig mo dheirfiúr trasna ar shean-chóipleabhar scoile de chuid m’athar…

Bhí Adele go mór sa nuacht le gairid – thug sí ceirnín nua amach (30) tar éis tréimhse ciúin agus craoladh coirm cheoil mhór An Evening with Adele ar ITV an lá cheana. Lucht féachana ollmhór a bhí sa London Palladium agus glacaim leis go raibh lucht féachana millteach mór ag an gclár teilifíse freisin. […]

Tháinig mo dheirfiúr trasna ar shean-chóipleabhar scoile de chuid m’athar…

Bhí Adele go mór sa nuacht le gairid – thug sí ceirnín nua amach (30) tar éis tréimhse ciúin agus craoladh coirm cheoil mhór An Evening with Adele ar ITV an lá cheana.

Lucht féachana ollmhór a bhí sa London Palladium agus glacaim leis go raibh lucht féachana millteach mór ag an gclár teilifíse freisin.

Bhí sí féin ag casadh a cuid ‘hits’ móra ar fad agus an lucht féachana sa halla ag baint an-sásamh astu.

Ansin bhí seans ag daoine mór le rá a bhí sa lucht féachana, ceist a chur ar an réalta cheoil. Sheas an t-aisteoir Emma Thompson suas agus cheistigh sí Adele faoi na daoine a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus í ag fás aníos – an raibh aon duine amháin a d’imir tionchar uirthi agus a sheasann amach anois ina cuimhne?

Bhí an chosúlacht ar an gcomhrá eatarthu nach raibh sé cleachta roimh ré agus nach raibh a fhios ag Adele céard a bhí beartaithe. D’inis sí d’Emma Thompson go raibh múinteoir Béarla aici – Miss McDonald, a thug an-chúnamh di ó thaobh a suim sa Bhéarla agus i litríocht an Bhéarla a spreagadh. Ba léir go raibh sí sásta an-ómós a thabhairt di agus í anois ar dhuine de na réaltaí amhránaíochta is cáiliúla ar domhan.

‘Spreag sí mé agus ar ndóigh, scríobhaim mo chuid liricí féin anois,’ a dúirt sí.

Ansin baineadh geit aisti nuair a tháinig an t-iarmhúinteoir aníos as an lucht féachana agus thug an bheirt barróg dá chéile. 

Níorbh í Adele an t-aon duine sa halla a bhí ag caoineadh faoin am seo.

Chuir sé ag smaoineamh mé ar mhúinteoirí agus an méid a fhágann siad le huacht ag a gcuid scoláirí agus ar na cuimhní a mhaireann i bhfad ina ndiaidh.

Tháinig mo dheirfiúr trasna ar shean-chóipleabhar scoile de chuid m’athar le gairid. Séard a bhí ann ná leathanach i ndiaidh leathanaigh ag leagan amach na hábhair a bheadh faoi chaibidil aige ina chuid ranganna Gaeilge sa Cheardscoil i mBealach an Doirín, ó na 1950idí ar aghaidh.

Is geall le teanga eile ar fad an lámhscríbhneoireacht toisc an seanlitriú agus na seanleaganacha a bheith in úsáid aige. Chuirfinn geall nach mbeadh mórán daoine faoi bhun 40 bliain in ann é a léamh ar a gcompord. “Bhéarfar aire ar leith do dhearmadaí gramadaighe…”

Ach chuirfeadh sé ag smaoineamh tú ar an gcaighdeán Gaeilge a bhí ag na scoláirí ag an am. I nGaeilge ar fad a bhí a chuid nótaí – ba léir go raibh gach dóchas aige go mbeidís in ann Feasta agus Ar Aghaidh a léamh, dánta fada Gaeilge a chur de ghlanmheabhair agus aistí a scríobh ar na rudaí a tharla go laethúil ina saol – ‘Mo Chéad Chuairt ar an bPictiúrlann,’ ‘Lá ar an bPortach’, ‘Feirmeoireacht’, ‘Bualadh na Cruithneachtan’, agus na rudaí iontacha eile ar fad a bhí ag tarlú i 1953.

Ó am go chéile, bíonn ‘Adele-nóiméad’ i mo shaol féin. D’fhan mé i ‘Leaba agus Bricfeasta’ sa Spidéal roinnt míonna ó shin (nuair a cheapamar ar fad go raibh an phaindéim ag dul i léig.)

D’aithin mé fear an tí – bhíodh sé ar choiste Chomharchumann Chois Fharraige nuair a bhíodh mise ag obair ann (sna 70idí/80idí). Ar ndóigh cheap mé gur aithin sé mé ón ré sin.

‘Ní Nuadháin?’ arsa seisean. ‘Sea, sin mise,’ agus mé ag déanamh miongháire leis.

‘Iníon le Peadar Ó Nuadháin?’ D’admhaigh mé gurb é m’athair é. 

‘Bhíodh sé ag múineadh Gaeilge i gColáiste Chonnacht agus ag eagrú céilithe sa halla tráthnóna,’ a deir sé. 

B’fhearr an chuimhne a bhí aige ar na céilithe (sna 1950idí) ná ar aon rud eile – toisc, a dúirt sé, nach raibh mórán caitheamh aimsire eile san oíche ag daoine óga ag an am. Bhí m’athair in ann an fhidil a chasadh agus nuair nach mbíodh banna ceoil ar fáil, chasadh sé féin an ceol do na damhsóirí. Bhí cuimhní an-cheanúil aige air.

Uair amháin eile, bhí mé ag ceannach peitril ag stáisiún beag breosla le taobh an bhóthair, i gContae na Mí. Agus arís, ag léamh m’ainm ar an gcárta creidmheasa dó, d’fhiafraigh fear an gharáiste díom an raibh gaol agam lena sheanmhúinteoir i mBealach a’ Doirín? Bhí cuimhní deasa aige ar na ranganna Gaeilge agus ar na turais a thug cuid de na scoláirí sa cheardscoil ar Choláiste Chonnacht sa Spidéal.

Scríobh mé cheana faoin gcuairt a thug mé ar sheid na bhfear i mBealach a’ Doirín, cúpla bliain ó shin. Thug an ceann feadhna ar na cúrsaí sin, Pat Towey, ar chuairt mé chuig an bhfoirgneamh a bhí aimsithe acu don tseid nua. Bhí sé ar bís lena thaispeáint dom.

Bhí beirt fhear ina saoistí ag breathnú i ndiaidh na n-oibreacha ar an tseid nua. 

Nuair a chuir Pat in aithne mé don bheirt, dúradar liom gurbh iarscoláirí de chuid na ceardscoile a bhí iontu. Agus sea, chuimhnigh duine acu ar m’athairse agus ar na ranganna Gaeilge. Chuimhnigh an fear eile ar Oilibhéar Ó hEidhin, cara mór le m’athair i rith na mblianta sin, agus athair Garry Hynes ó amharclann an Druid. Ba mhúinteoirí sa gCeardscoil iad Peadar agus Oilibhéar agus ba léir go ndeachaigh siad beirt i bhfeidhm ar na saoistí oibre.

Ní raibh Miss McDonald ina múinteoir ag Adele ach ar feadh achar an-ghearr – bliain san iomlán, sílim. Ach taispeánann an píosa gearr scannáin le Emma Thompson, i lár na ceolchoirme, gur féidir tionchar an-láidir agus an-dearfach a oibriú ar an intinn óg. Ba léir gur thug sí spreagadh agus misneach don Adele óg agus í ag tabhairt faoi scríobh a cuid liricí féin. 

Ní beag sin.

Fág freagra ar 'Tháinig mo dheirfiúr trasna ar shean-chóipleabhar scoile de chuid m’athar…'