Thabharfadh vóta i dtoghcháin uachtaránachta aitheantas d’fhéiniúlacht gach Éireannach sa Tuaisceart

Gheall an rialtas deireanach ó dheas leasú a thabhairt isteach a thabharfadh vóta i dtoghchán na huachtaránachta do shaoránaigh na hÉireann ar fud an domhain ach níl trácht ar bith ar reifreann ag an rialtas reatha

Thabharfadh vóta i dtoghcháin uachtaránachta aitheantas d’fhéiniúlacht gach Éireannach sa Tuaisceart

Tá meas ag náisiúnaithe an Tuaiscirt ar uachtaráin agus ar uachtaránacht na hÉireann ar dhóigh nach dtuigtear go forleathan ar an taobh ó dheas den teorainn.

Chuala an scríbhneoir seo cion ar an uachtaránacht á nochtadh go beacht agus go soiléir cúpla bliain ó shin agus cuairt stáit Mhichíl D Uí Uigínn ar an Ríocht Aontaithe in 2014 á phlé ag daoine i nDoire.

“Níor athraigh an chuairt stáit saol an Tuaiscirt agus ní raibh mé ag súil le toradh praiticiúil air,” a dúirt fear amháin, “ach mhothaigh mé bród mar sin féin. Bród toisc go raibh aitheantas á thabhairt dár n-uachtarán ag an leibhéal is airde ag an stát ar cuid de tuaisceart na hÉireann.”

Ba leor an aidiacht shealbhach – “ár n-uachtarán” – mar fhianaise ómóis. Tagann an focal chun cuimhne gach uair a mholtar vóta i dtoghcháin uachtaránachta a thabhairt do shaoránaigh i dTuaisceart Éireann.

Tháinig an focal chun cuimhne arís ar chloisteáil daoine as Carn Tóchair i gcontae Dhoire ag labhairt ar vótáil uachtaránachta i bhfhíseán a foilsíodh ar an suíomh seo i rith na seachtaine. Craoladh tuairisc ar an ábhar céanna ar Nuacht TG4 Déardaoin.

“Mothaím go ndéanann uachtarán na hÉireann ionadaíocht ormsa,” a dúirt Aoife Ní Chaiside le Tuairisc, “agus mar sin de bheadh sé iontach vóta a bheith agam, an rogha a bheith ann vóta a chaitheamh cé hé nó cé hí ar mhaith liomsa a bheith mar ionadaí ormsa mar Éireannach agus ar mo thír-se.”

Gan dabht ní hionann nochtadh tuairimí mar seo agus fianaise go bhfuil vóta i dtoghcháin uachtaránachta ag dó na geirbe i gcónaí ag mórán náisiúnaithe ó thuaidh. Sin ráite, is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfáilteodh a bhformhór roimh athrú a cheadódh vótáil i dtoghcháin uachtaránachta.

Breathnaíonn gach náisiúnaí sa Tuaisceart a phléigh an scéal leis an scríbhneoir seo (a chaith sé bliana ina chónaí agus ag obair ó thuaidh) ar an uachtarán seachas ar rí Shasana mar cheann stáit. Nó, mar a dúirt Aoife, mar ionadaí uirthi féin agus ar a tír.

Faraor, níl aon chosúlacht ar an scéal faoi láthair go dtairgfear vóta uachtaránachta d’Aoife sula dtoghfaimid uachtarán arís tar éis an toghcháin ar an 24 Deireadh Fómhair.

Bhí gealltanas go vótálfaí ar leasú a thabharfadh ceart vótála i dtoghcháin uachtaránachta do shaoránaigh Éireannacha ar fud an domhain sa chlár rialtais a d’fhoilsigh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas in 2020. Níor comhlíonadh an gealltanas agus níl trácht ar bith ar reifreann ar chearta vótála a leathnú ar dhóigh ar bith sa chlár rialtais reatha.

Is léir drogall an rialtais reifreann ar bith a reáchtáil ó tugadh cic sa tóin do na páirtithe go léir a mhol dhá leasú ar an mBunreacht anuraidh. Is bocht an chosaint é faitíos a bheith orthu tabhairt faoi leasú a neartódh brí na mbriathra ar vótáladh go láidir ina bhfabhar sa reifreann ar Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998:

‘Tá gach duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí, i dteideal agus tá de cheart oidhreachta aige nó aici, a bheith páirteach i náisiún na hÉireann.’

Tá sé ráite ag gach páirtí i nDáil Éireann ó shin gur chóir cearta vótála i dtoghcháin uachtaránachta a leathnú ar an mbonn is leithne – leathnú a chiallódh go mbeadh ceart vótála ag daoine a rugadh in Éirinn agus ag a bpáistí agus ag a ngarpháistí.

Léiríonn fianaise ó thíortha eile san AE a thugann vóta de chineál éigin do shaoránaigh thar lear nach ionann ceart a bheith acu agus é a úsáid. Ní leor pas chun vótáil; bíonn ar shaoránaigh thar lear clárú agus fianaise céannachta a sholáthar.

Tá ceart vótála ar bhonn níos leithne geallta (agus curtha ar an méar fhada) in Éirinn níos tréine ná mar atá ar fáil i dtír ar bith eile san Eoraip.

Má chuirtear leasú dá leithéid faoi bhráid vótálaithe am éigin – agus ní beag an ‘má’ é – bí cinnte go gcuirfear ina choinne toisc, dar le daoine áirithe, nár chóir vótaí a thairiscint do dhaoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa stát ó dheas agus nach n-íocann cáin sa stát.

B’fhéidir gur fiú machnamh mar sin ar leathnú teoranta ar chearta vótála a thabharfadh ceart vótála mar chéad chéim do shaoránaigh i dTuaisceart Éireann. Tá sé ar chumas gach aon iarrthóir i dtoghchán na míosa seo chugainn meas a thaispeáint ar fhéiniúlacht Aoife Uí Chaiside agus gach saoránach eile ó thuaidh ach ráiteas mar seo a eisiúint roimh lá na vótála:

“Tá leathnú ar chearta vótála geallta le fada. Creidim go bhfuil sé thar am na gealltanais a chomhlíonadh. Molaim mar chéad chéim go leasófaí an Bunreacht chun deis a thabhairt do shaoránaigh i dTuaisceart Éireann vótáil i dtoghcháin uachtaránachta.

“Léireodh athrú dá leithéid meas ar fhéiniúlacht Éireannach gach saoránach ó thuaidh, rud a bheadh ag teacht go hiomlán leis an gcomhurraim a fógraíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta.

“Is faoin rialtas agus ní fúmsa mar uachtarán a bheidh sé leasú dá leithéid a chur faoi bhráid toghthóirí an stáit seo.

“Sin é an fáth gur mhaith liom a rá ar bhonn pearsanta roimh an toghchán gur chóir reifreann ar an ábhar tábhachtach seo a reáchtáil sula mbeidh uachtarán á thoghadh arís.”

Fág freagra ar 'Thabharfadh vóta i dtoghcháin uachtaránachta aitheantas d’fhéiniúlacht gach Éireannach sa Tuaisceart'