TG4 tosaithe ar chláir nua arís agus seó cainte le Hector le craoladh óna sheid

Tá cláir nua á mbeartú ag TG4 don tréimhse dhíchuibhrithe amach romhainn

TG4 tosaithe ar chláir nua arís agus seó cainte le Hector le craoladh óna sheid

Tá TG4 tosaithe ar chláir nua a dhéanamh athuair agus Hector Ó hEochagáin le seó cainte nua a chraoladh óna sheid.

Ag tús na paindéime, shocraigh TG4 nach mbeadh aon chláir nua á ndéanamh dóibh le linn an chuibhrithe seachas Nuacht TG4 agus 7Lá. Cuireadh tús ina dhiaidh sin leis an gclár do pháistí scoile Cúla4 ar Scoil agus is cosúil go bhfuil roinnt clár nua á mbeartú anois acu don tréimhse dhíchuibhrithe amach romhainn.

Cuirfear tús le Hector Anseo, atá á léiriú ag Domhan Media, Déardaoin an 21 Bealtaine. Is iad na daoine a bheidh faoi agallamh ag an láithreoir aitheanta, a bhfuil iliomad sraitheanna taistil déanta aige do TG4, Gráinne Seoighe, Michael Healy Rae, Trevor Brennan, Dan Shanahan, Conor Moore agus Gavin James.

Sraith sé chlár uair an chloig atá i gceist le Hector Anseo.

Idir an dá linn, tá comhlacht léiriúcháin eile ag lorg daoine a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh i gclár réaltachta nua do TG4.

Tá Abú Media ag lorg lánúin le Gaeilge chun páirt a ghlacadh sa tsraith nua, macasamhail an chláir aitheanta Mr and Mrs.

Rachaidh lanúineacha san iomaíocht lena chéile agus iad ag freagairt ceisteanna a bhaineann lena bpáirtithe.

Is féidir le lánúineacha, idir óg agus aosta, cur isteach ar an tsraith.

Agus na srianta a bhaineann leis an gcoróinvíreas fós i bhfeidhm, is ar ghutháin phóca agus ar an ardán Zoom a dhéanfar na míreanna a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'TG4 tosaithe ar chláir nua arís agus seó cainte le Hector le craoladh óna sheid'