TG4 – Scoth na Nollag – (23-28 Nollaig)

Súil chun cinn ar ar chuid de na cláracha is fearr ar TG4 le linn na féile (23-28 Nollaig)

TG4 – Scoth na Nollag – (23-28 Nollaig)

Dé Sathairn, 23 Nollaig

Rugbaí Beo
7.15pm

Craoladh beo ar Chonnachta v Ulaidh as an Sportsground san aonú babhta déag den tSraith Guinness PRO14. Beidh slua mór i nGaillimh chun an cluiche seo a fheiceáil. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.


Oíche Nollag

Laochra Gael
2.50pm

I gcuimhne ar Tony Keady, sárimreoir iomána na Gaillimhe a bhásaigh go tobann i lár na bliana. D’imir Tony ina leathchúlaí láir ar fhoireann iomána na Gaillimhe idir 1985 agus 1991. Fuair sé gradam imreoir na bliana sa mbliain 1988, nuair a bhuaigh sé bonn Chraobh na hÉireann den dara huair. Mhéadaigh a cháil ar fud na hÉireann i 1989 nuair a gearradh téarma fionraíochta bliana air de bharr é a bheith ag imirt sna Stáit Aontaithe go mídhleathach. Cuireadh Seosamh Mac Donncha (nach maireann), Michael Bond agus Cyril Farrell faoi agallamh ar an gclár seo chomh maith. Ar dheis Dé go raibh a anam

Cúl Stáitse – Oireachtas 2017
7.45pm

Sa tsraith seo, a taifeadadh dhá mhí roimh Oireachtas na Samhna, castar le daoine ó cheann ceann na tíre a bhí ag fáil faoi réir le dul san iomaíocht ag Oireachtas na bliana seo. Sa chlár seo dírítear ar an bhféile féin, ar na taispeántais, agus ar an mbealach a dtéann na hiomaitheoirí i ngleic leis an mbrú a bhaineann leis na comórtais éagsúla.

Nollaig na Maggies
9.15pm

Ceathrar de bhan-amhránaithe iomráiteacha Thír Chonaill  ar ais ar an bhfód dúchais don Nollaig ag ceolchoirm speisialta dá gcairde agus dá muintir i gCaisleán Ghleann Bheatha. Casfaidh Tríona agus Maighread Ní Dhomhnaill, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Moya Brennan cuid de na hamhráin Nollag is fearr leo féin agus rachaidh siad siar ar bhóithrín na smaointe .


Lá Nollag

Lurgan 2K17
5.10pm

Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó ‘TG Lurgan’ chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Grace Willis, 15, as Co. na Mí  ‘Mo Chara is Fearr’ a scríobh sí féin agus ‘Green Light’ le Lorde. 

 


5.25pm

Leagan anamúlachta den úrscéal aitheanta aoir le Myles na gCopaleen (Brian Ó Nualláin), an  t-aon leabhar Gaeilge óna pheann agus an saothar is greannmhaire ar fad, uaidh, meastar. Foilsíodh an leabhar sa mbliain 1941, dírbheathaisnéis, mar dhea, ógfhir Gaeltachta atá i nGéibheann Shligigh agus é ag cuimhneamh siar ar a óige i mbochtaineacht na tuaithe agus ar na foghlaimeoirí Gaeilge a thagadh sa samhradh.

Seo anois é, curtha i láthair den chéad uair don scáileán agus sin déanta go healaíonta mar shaothar anamúlachta, an chéad iarracht sa bhformáid áirithe seo ag an stiúrthóir, Tom Collins.

Steip 2017 – Súil Siar
6.00pm

Súil siar ar phríomhchomórtas damhsa ar an sean-nós do dhaoine fásta Oireachtas na Samhna 2017  i gCill Airne.

 

Sé mo Laoch Speisialta – Matt Molloy
9.05pm

Clár ar an lá ar chas Matt Molloy ó ‘The Chieftains’ le ‘Tiarna an Damhsa’ Michael Flatley agus ‘Rí na Feadóige Móire’ Séamus Tansey. I mí Dheireadh Fómhair sheinn Michael Flatley, Matt Molly agus an méarchláraí Brian McGrath ceol in éineacht agus ansin thug siad cuairt ar a gcara agus meantóir Séamus Tansey. 

 

Rocky Ros Muc
9.30pm

Fadscannán faisnéise a insíonn scéal an dornálaí is iomráití riamh as Conamara ach a chuimsíonn go leor gnéithe eile dá shaol le léargas géarchúiseach ar raon leathan ábhar – an imirce, cathú na coiriúlachta, an grá agus cumha an deoraí atá i bhfad ó bhaile. Anonn go Boston Mheiriceá leis, roghnaigh sé an dornálaíocht ghairmiúil mar shlí bheatha agus d’éirigh leis dul chun cinn sa ngairm dhúshlánach sin. Níor dhíreach, mín ná réidh a thuras go barr dhomhan gairmiúil na dornálaíochta. Níor dhíreach, mín ná réidh a mheath ach oiread.

 

Tommy Fleming
11.10pm

Ceolchoirm leis an amhranaí rua  san INEC i gCill Airne. I measc na n-amhrán a chasfaidh sé beidh ‘The Contender’, ‘Silence is King’, ‘If These Old Walls Could Speak’, ‘The Bantry Girl’s Lament’, ‘Danny Boy’, ‘Follow On’ agus ‘Galway Bay’.


Lá ‘le Stiofán

Rugbaí Beo
2.45pm

Ceann de bhuaic na bliana rugbaí, beochraoladh as Luimneach ar an gcluiche idir Chúige Mumhan agus Cúige Laighean ar Pháirc Thuamhan sa tSraith PRO14. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

Coranna
7.15pm

Tá Pat Casey ag tabhairt an capall rása is fearr atá ag a thiarna talún, Coranna, chuig na rásaí i Chester i Sasana. Ar a bhealach, feiceann Pat an dochar atá an Gorta ag déanamh do mhuintir na hÉireann. I Chester, déanann George Moore, tiarna talún Phat, socrú leis:  má éiríonn le Coranna an rás a bhuachan, féadfaidh sé  duaisairgead an ráis a chaitheamh ag fóirithint ar a chomharsain. ‘Cuimhnigh ar an líon daoine sa mbaile a d’fhéadfá a shábháil’. Ach meas tú an bhfuil George chomh flaithiúil sin?

 

Ros na Rún
8.30pm

Tá an Nollaig seo difriúil do mhuintir Uí Dhireáin; tá Frances agus Áine i mBaile Átha Cliath in éineacht le muintir Frances ach níl Tadhg in éineacht leo. Baintear siar astu ach tá Tadhg fós ag insint bréaga dóibh. Níl fhios ag muintir an bhaile go fóill go bhfuil Berni agus Briain in éineacht. Tá Annette ag streachailt leis an saol arís.

Opry Dhoire
9.30pm

Tá Opry ar ais agus á chur i láthair arís ag Daniel O’Donnell i bhFóram na Mílaoise, i nDoire. Sa gclár deireanach seo den tsraith is é an t-amhránaí aitheanta Big Tom an t-aoi speisialta. 


Dé Céadaoin, 27 Nollaig

Gradam Extra 2017
8pm  

Clár a thugann léargas nua ón taobh istigh ar shaol na sár-cheoltóirí ar bronnadh Gradam Ceoil TG4 2017 orthu. Ar oíche an bhronnta, chonaic an lucht féachana teilifíse an cheolchoirm mar a bhí ar an ardán.  Ach tugann an clár speisialta ar chúl an  stáitse muid agus tá míreanna ann freisin a taifeadadh ar leac an teallaigh sa mbaile ag na Gradamóirí, lena muintir féin agus lena  gcairde ceoil.

 

Anseo i lár an Ghleanna
9.30pm

Tugann an saothar nuálach seo léargas dúinn ar mheath ceantair in imeacht bliana agus ar iarrachtaí misniúla an phobail an fód a sheasamh ainneoin neamhshuim na n-údarás agus fórsaí cumhachtacha eacnamaíocha atá ag treisiú na himirce. Seo bliain i Loch Con Aortha, ceantar iargúlta Gaeltachta in Iorras Aithneach in iarthar na Gaillimhe. Níl aon tionscal ann a ghinfidh an fhostaíocht is gá le daoine óga agus teaghlaigh a chothú agus a choinneáil sa mbaile seachas dul ar imirce go Baile Átha Cliath nó thar sáile ar fad. Ach dá bhaolaí an easpa fostaíochta, is measa fós an easpa misnigh.

 

Seán Keane Ag Ceol
10.30pm

Ceolchoirm speisialta leis an amhránaí aitheanta Seán Keane agus a chairde, iad ag ceol dá aíonna Tigh Phaddy Coyne, Crois na Tulaí, Conamara.


Déardaoin, 28 Nollaig

7.30pm Poc na nGael

Clár faisnéise faoin mbaint a bhí ag na hÉireannaigh le haca oighir i gCeanada agus an tionchar a bhí acu ar fhorbairt an chluiche. Is é an t-iománaí clúiteach Ger Loughnane an láithreoir agus rachaidh sé ar fud Cheanada chun scéal na nÉireannach agus an haca oighir i gCeanada a fhiosrú.

Ros na Rún
8.30pm

Níl Frances chun ligean do Maggie a pósadh ná a teaghlach a mhilleadh agus cuireann sí plean i dtoll a chéile chun fáil réidh léi. Ach ní théann plean Frances mar ba cheart agus bíonn iarmhairtí uafásacha ag an bplean céanna. Tá deacrachtaí ag Annette a cuid billí a íoc. Tá plean ag Seán len iad a thabhairt as an ngéarchéim seo.  Tugann Brian aghaidh ar na ráflaí atá i Ros na Rún faoin agallamh beo ar an Raidió Pobail. Níl a fhios ag Berni leath na mbréaga atá siad a insint.

 

Puncaí
9.30pm

Is beag faisean ceoil sa dara leath den aois seo caite a spreag oiread conspóide agus cáinte leis an gceol punc. Tháinig sé aniar aduaidh ar an saol agus bhain stangadh as tuismitheoirí agus as tráchtairí sna meáin freisin. Bhí an ceol garbh mar go raibh fearg agus diúltú d’aon chineál údaráis mar théama sna liricí, rud a chuir alltacht agus déistin ar go leor daoine a chuala é. Fiosraíonn an clár seo an oidhreacht a d’fhág an ré seo ar cheathrar as Corcaigh a cheangail leis an saol punc sna 1970idí. D’fhág an cinneadh a rian orthu mar dhéagóirí, mar thuismitheoirí agus anois mar sheantuismitheoirí.

Fág freagra ar 'TG4 – Scoth na Nollag – (23-28 Nollaig)'