Teipthe ar phríomheagraíochtaí Gaeilge a dtuairim a thabhairt ar bhunú cainéal nua TG4 do pháistí

Bhí Glór na nGael, Cumann na bhFiann, Muintearas, COGG agus Údarás na Gaeltachta i measc na n-eagraíochtaí nár chuir aon aighneacht ar fáil mar chuid den chomhairliúchán a rinneadh faoi bhunú Cúla4, in ainneoin gur lorg comhairleoirí a gcuid tuairimí

Teipthe ar phríomheagraíochtaí Gaeilge a dtuairim a thabhairt ar bhunú cainéal nua TG4 do pháistí

Níor ghlac cuid de na heagraíochtaí Gaeilge is mó a bhíonn ag plé le cúrsaí óige agus oideachais leis an deis a dtuairim a thabhairt mar chuid den chomhairliúchán ar bhunú cainéal nua TG4 do pháistí.

Bhí Glór na nGael, Cumann na bhFiann, Muintearas, COGG agus Údarás na Gaeltachta i measc na n-eagraíochtaí nár chuir aon aighneacht ar fáil mar chuid den chomhairliúchán a rinneadh faoi bhunú Cúla4, in ainneoin gur lorg comhairleoirí a gcuid tuairimí.

Tá Glór na nGael agus Cumann na bhFiann roghnaithe ina gceanneagraíochtaí chun freastal ar theaghlaigh agus páistí agus seirbhísí a chur ar fáil dóibh.

I ráiteas a chuir Glór na nGael ar fáil do Tuairisc faoina dteip páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán, dúradh gur léir gur fhág brú oibre nár ghlac an eagraíocht páirt ann.

“Sa ghnáthshlí glacann Glór na nGael páirt i gcomhairliúcháin den chineál seo. Is léir go raibh muid faoi bhrú oibre ag an am,” a dúirt urlabhraí.

“Tacaíonn Glór na nGael le cuspóir TG4 seirbhís i nGaeilge a sholáthar do leanaí agus fáiltíonn muid roimhe go bhfuil cead tugtha ag an Aire Catherine Martin don chainéal nua ‘Cúla4’.”

D’fhógair TG4 anuraidh go raibh sé mar phríomhsprioc ag an stáisiún cainéal nua a bheidh dírithe ar chláir do leanaí a bhunú. Cuireadh aighneachtaí faoi bhráid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus tugadh faoi phróiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara chun a dtuairimí a fháil ar bhunú an chainéil nua.

Chuaigh lucht an chomhairliúchain i dteagmháil le 47 eagraíocht ar fad ach níor thug ach 18 eagraíocht díobh sin freagra ar na ceisteanna.

Bhí Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Ógras agus Tuismitheoirí na Gaeltachta i measc na n-eagraíochtaí a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeilge a ghlac páirt sa chomhairliúchán. Bhí RTÉ, Virgin Media agus Údarás Craolacháin na hÉireann ar na heagrais eile a rinne aighneacht.

Deirtear sa tuarascáil a chuir an Roinn faoi bhráid an Aire Catherine Martin gur dhúirt freagróirí ó earnáil na Gaeilge go gcinnteodh an cainéal nua go ndéanfaí freastal ar theaghlaigh atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge agus go mbeadh tionchar dearfach ag an gcainéal ar mheon leanaí i leith na teanga.

Bhronn an Rialtas os cionn €7m ar TG4 i mBuiséad 2023 agus caithfear €3.3m den mhaoiniú breise sin ar Cúla4 a bhunú.

Fág freagra ar 'Teipthe ar phríomheagraíochtaí Gaeilge a dtuairim a thabhairt ar bhunú cainéal nua TG4 do pháistí'

  • Colmcille Ó Monacháin

    Dá mbeadh TG4 toilteanach aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna bunúsacha e.g. foghraíocht na Gaeilge a bheith san ábhar ‘Gaeilge’ ar a chuid clár, fotheidil Ghaeilge a chur ar a chuid clár, teidil Ghaeilge a chur ar a chuid clár, b’fhéidir gur mhó fonn a bheadh ar dhaoine a gcuid ama a chaitheamh ag cur comhairle air. Ach níl sé toilteanach na rudaí sin a dhéanamh, ná iad a phlé fiú.

  • Caitríona

    Cén leithscéal a bhí ag COGG? Nach bhfuil dualgas orthu sa réimse seo?

  • Dónall Mór Mac Billing(s)/Bilie

    ****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ****************************************************************************************

    — SUIM ar dtús agus GRÁ —

    Réitigh an talamh ar dtús le lucht féachána a mhealladh !!!!! agus beidh an bua agaibh le ‘Cúla 4′ agus TG4’

    Idir Mhaoiniú ón Cháináisnéis, Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasaithe) agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an Mhéar agus an Ciste Stáit ag iarraidh níos faide agus níos folaimhe leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sa cliabhán.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh SUIM sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm mar is ceart sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Lean ar aghaidh le cúrsaí maoinithe agus tuarastail ina dhiadh sin.

    Labhair í agus mairfidh sí agus Fásfaidh sí.

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht, /Jailteacht
    Bloc E,
    Ardán 1
    Príosún Phort Laoise

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    ****************************************************************************************

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    ****************************************************************************************