€3.3 milliún do TG4 chun cainéal don óige a bhunú, €1 milliún do Phlean Digiteach don Ghaeilge

Thug airí na Gaeltachta tuilleadh sonraí faoin maoiniú breise atá curtha ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i mBuiséad 2023 ag preasócáid ar maidin

€3.3 milliún do TG4 chun cainéal don óige a bhunú, €1 milliún do Phlean Digiteach don Ghaeilge

Láithreoir nua Cúla4, Niamh Ní Chróinín

Caithfear ar chainéal nua don óige €3.3 milliún den €7.3 milliún breise a d’fhógair an Rialtas do TG4 sa Bhuiséad. 

D’fhógair Aire na Gaeltachta Catherine Martin ar maidin go raibh an maoiniú breise ceadaithe aici chun cur ar chumas TG4 an cainéal do leanaí – Cúla4 – a bhunú agus a sheoladh agus “an rath atá ar chláir Cúla4, BLOC agus Molscéal” a neartú. 

Maidir leis an maoiniú eile atá le cur ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i mBuiséad 2023, thug Airí na Gaeltachta tuilleadh sonraí ag preasócáid ar maidin. Fógraíodh €8.5 milliún breise do bhuiséad Roinn na Gaeltachta don bhliain seo chugainn – ardú 10%. 

Bhí éiginnteacht maidir le cá mbeadh an maoiniú breise sin uile ag dul agus cé gur chuir an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers sonraí breise ar fáil ar maidin, tá ceisteanna ann go fóill maidir le cé a gheobhaidh céard. 

Dúirt an tAire Martin go mbeadh seirbhís nuachta do leanaí ar an gcainéal nua Cúla4 mar aon le hábhar siamsaíochta agus oideachais, drámaíocht agus beochana Éireannacha.  

“Léireoidh sé cúlraí éagsúla na leanaí atá ina gcónaí i ngach cearn d’Éirinn, go háirithe sa Ghaeltacht agus i bpobail Ghaeilge.” 

Anuas ar an maoiniú do Cúla4, cheadaigh an tAire Martin €4 milliún breise eile do TG4, mar a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán, a dúirt sí. I dtuarascáil a foilsíodh níos luaithe i mbliana, mhol an Coimisiún go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana. Ó RTÉ a thagann soláthar cúrsaí reatha agus nuachta an stáisiúin faoi láthair. 

Chuir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, fáilte roimh an maoiniú breise do bhunú Cúla4. 

Dúirt sé go bhfuil ról tábhachtach ag TG4 agus na meáin Ghaeilge i seachadadh na Gaeilge “ó ghlúin go glúin”. 

“Mura dtacaítear leis na meáin Ghaeilge agus mura bhfuil siad feiceálach, so-aimsithe agus tarraingteach, tá an baol ann go gcaillfidh siad ábharthacht, go háirithe do lucht féachana óg na hÉireann atá ag fás aníos i dtimpeallacht na meán domhanda.” 

Seo an t-eolas is déanaí a cuireadh ar fáil faoi bhuiséad na Gaeilge 2023. 

  • €1 milliún de leithdháileadh tosaigh (in 2023) chun dlús a chur le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 d’fhonn spriocanna uaillmhianacha an Achta um earcú cainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach faoi 2030 
  • €1.75m de leithdháileadh breise do Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne, ag tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge agus Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe atá le teacht 
  •  €2.5m de mhaoiniú breise do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta na Roinne. San áireamh anseo tá tacaíocht bhreise d’earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge  
  • €400,000 chun próiseas tástála Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) d’inniúlacht sa Ghaeilge a leathnú  
  • Os cionn €300,000 chun Scéim Intéirneachtaí an Aontais Eorpaigh a leathnú  
  • €1.3 milliún d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge  
  • €0.75 milliún breise don phróiseas pleanála teanga

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh €1 milliún den €8.5 milliún sin le cur i dtreo chur i bhfeidhm an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge. Tá sé i gceist acmhainní digiteacha a fhorbairt agus a chur ar fáil chun leasa cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge faoin phlean, a bhí le seoladh ar dtús in 2018. Dúirt an tAire Stáit gur mí na Samhna anois a fhoilseofar an plean. 

Dúradh freisin inniu go mbeidh €1 milliún le caitheamh chun dlús a chur le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha agus chun na spriocanna atá luaite ann a bhaint amach – ceann acu go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí faoi 2030 ina measc. 

Dúirt an tAire Stáit Chambers gurb é seo an chéad uair riamh ar osclaíodh líne bhuiséid ar leith do bheartais “a bheidh le forbairt trasna an státchórais uile ar mhaithe le dlús a chur leis na haidhmeanna nua san Acht Teanga a bhaint amach.” 

Tá €400,000 le cur ar fáil chun próiseas tástála Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) d’inniúlacht sa Ghaeilge a leathnú agus úsáid le baint as an bpróiseas sin mar chuid d’oiliúint fheabhsaithe sa Ghaeilge sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí. 

Rachaidh €1.3 milliún chuig Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. 

Fág freagra ar '€3.3 milliún do TG4 chun cainéal don óige a bhunú, €1 milliún do Phlean Digiteach don Ghaeilge'