Tá sé íorónta gan dabht go bhfuil an Domhan Thiar ag caoineadh i ndiaidh bhua an Taliban san Afganastáin, ós iad a thug eagraíochtaí antoisceacha Ioslamacha le chéile an chéad uair le troid in aghaidh na Sóivéadach agus an rialtais fhorásaigh.
Bhí na Mujahidin ann sular thug na Meiriceánaigh tacaíocht dóibh, ach is í an tacaíocht sin a d’athraigh iad ó dhaoscar imeallach, a raibh an cumas acu corrbhuille a bhualadh, go dtí gur fórsa eagraithe, maoinithe, armtha is oilte a bhí iontu.
Tá ábhar íoróine eile ann, cinnte. Tá an Domhan Thiar ag caoineadh faoi chás na mban sa tír, ach is é an rialtas cumannach a scriosadh a thug cearta ban isteach den chéad uair agus is beag buíochas a fuair sé ag an am.
Córas antoisceach Ioslamach a bhíonn a fhógairt ag an an Taliban, ach cé gur tír í atá 99% Ioslamach, ní raibh an Afganastáin chomh coimeádach sin i gcúrsaí creidimh, go háirithe sna blianta roimh na seascaidí.
Bhí deighilt ann cinnte idir na bailte ar nós Kabul, Herat, fiú Kandahar, agus an tuath shléibhtiúil inar mhair na treibheanna traidisiúnta. Ar ndóigh, ní pobal amháin a bhí ann riamh, ach Paistiúnaigh (42% den daonra), lucht labhartha Dairise, Úisbéiceastáinise, Taidsícise, Hasáirise is eile.
Is sna bailte a tháinig an réabhlóideachas ar an bhfód i 1965 nuair a bunaíodh páirtí cumannach, Daonpháirtí Daonlathach na hAfganastáine (PDPA i mBéarla). Cé go raibh sé leath-mhídhleathach d’éirigh leis an bpáirtí an lámh in uachtar a fháil ar an rí is ar an gcúirt i 1978.
Cuireadh deireadh leis an ríocht agus cuireadh athchóiriú eacnamaíochta is sóisialta i bhfeidhm: baineadh talamh is cumhacht den dream a bhíodh i gceannas ar na treibheanna is roinneadh talamh ar an bpobal fré chéile.
Agus, seod na hoibre, bhunaigh siad scoileanna ar fud na tíre a thug oideachas do chách, cailíní ina measc, is cuireadh deiseanna oibre taobh amuigh den teach ar fáil do mhná.
Ach bhí scoilt sa bpáirtí cumannach féin, scoilt a chuaigh siar go dtí deireadh na seascaidí. Bhí faicsean nó baicle amháin ann, Parcham, a bhí gar don Aontas Sóivéadach ar theastaigh uathu dul chun cinn a dhéanamh go cúramach, go háirithe agus iad ag plé leis na treibheanna is comhairlí na dtreibheanna.
Is bhí baicle eile, Khalq, a lean treoir na Síneach is ar theastaigh uathu brú ar aghaidh gasta is tabhairt faoi na treibheanna traidisiúnta go díreach.
Spreag polasaithe Khalq ceannairc i measc na dtreibheanna, agus d’iarr an rialtas ar an Aontas Sóivéadach teacht i gcabhair orthu. Deirtear gur mhol an spíodóir clúiteach Kim Philby gan é sin a dhéanamh, ach bhí na Rúisigh buartha faoi thionchar na Síneach agus na ráflaí go raibh ceannairí ón Khalq ag caint leis na Meiriceánaigh.
Chuir siad trúpaí isteach ansin i 1979, le cabhrú leis an troid in aghaidh na Mujahidin, ach mharaigh baicle Hafizullah Amin príomh-aire an rialtais, Nur Taraki, agus thug na Sóivéadaigh a dtacaíocht don Parcham agus dhíbir siad Amin as cumhacht.
Chonaic na Meiriceánaigh na scoilteanna seo agus chinn siad ar iad a úsáid le deacrachtaí a chothú do na Sóivéadaigh. Agus chothaigh.
Chuir na Meiriceánaigh airgead is oiliúint mhíleata ar fáil don Mujahidin, Osama Bin Laden ina measc, agus le cabhair na Meiriceánach cuireadh eagar is slacht ar na fórsaí Ioslamacha.
Is fiú a lua go raibh na scoileanna sin a chuir oideachas ar fáil do chailíní go hard ar liosta na dtargaidí a bhí ag na Mujahidin le cabhair na Meiriceánach. Cuireadh nimh san uisce a bhí in úsáid sna scoileanna, pléascadh roinnt eile díobh agus dódh go talamh iad.
Ina fhianaise sin tá sé deacair éisteacht le fimíneacht lucht an Domhain Thiar atá anois ag sileadh deora bréagacha faoi chás na mban nuair is iadsan atá ciontach as na hionsaithe sin.
Deir an Taliban anois nach ndéanfar aithris ar an gcur chuige a bhí acu nuair a bhí siad i gcumhacht roimhe seo, ach níl mórán iontaoibhe ag daoine as a gcuid geallúintí.
Cheana féin, tá agóidí sráide ar siúl i Jalalabad i gcoinne an Taliban agus feicfimid cén fhad a mhairfeas an dea-chaint uathu.
Teip náireach atá anseo do Mheiriceá is don Domhan Thiar. Ach léiríonn sé, in ainneoin a sotail, nach féidir leo an domhan a athrú de réir mar is mian leo féin, agus gur mó dochar ná maitheas a dhéanann a gcuid idirghabhála, a gcuid buanchogaíochta is a gcuid iarrachtaí náisiúin a athchruthú.
Ach an bhfoghlaimeoidh siad an ceacht sin?
Pádraig O'hEipicín
Tá deiridh an domhan bualtaí linn. go bhfóire Dia orainn.
Dirk Brevoord
Anailís cheart agus achoimre mhaith staire. Níor fhoghlaim is ní fhoghlaimeoidh uasaicme Mheiriceá (ná uasaicme Shasana) aon ní as an dteip seo. Theip orthu sa Vitneam, san Iaráic, agus anois san Afganastáin. Agus sna tíortha “nár theip orthu” chuiridís gnáthmhuintir na dtìortha san i ndaoirse ag uasaicme bheag chaipitleach. An tSile… gan ach ainm amháin a lua. Aon ní go mbaineann polaiteoirí agus fórsaí Mheiriceá nó Shasana dó, áirítear ina chacamas é agus bíonn an phrolatáireacht thíos leis… Agus an bholscaireacht dhochreidte (!) a chraobhscaoileann siad féna gcumas míleata is intleachta is a dtuairimí ró-chlaonta, cad ina thaobh go gcreidtear an ráiméis sin fós. Ní fheadar.